1 Corantaigh 9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Nach bhfuilim‐se saor? Nach abstal mise? Nach bhfacas‐sa Íosa ár dTighearna? Nach sibh‐se toradh mo shaothair san Tighearna? 2 Muna bhfuilim im’ abstal do dhaoinibh eile, ar chuma ar bith atáim im’ abstal daoibh‐se; óir is sibh‐se séala m’abstalachta san Tighearna. 3 Is é seo m’fhreagra ortha‐san atá ’gam’ cheistniú: 4 Nach bhfuil sé de chead againn ithe agus ól? 5 Nach bhfuil sé de chead againn siúr do thabhairt mar bhainchéile i n‐éinfheacht linn, mar do‐ghní an chuid eile de na h‐abstalaibh, agus bráithre an Tighearna, agus Céfas? 6 Nó, an mise amháin agus Barnabas nach bhfuil sé de chead againn éirghe as obair? 7 Cia h‐é do‐ghní seirbhís saighdiúra am ar bith ar a chostas féin? Cia h‐é chuireas fíon‐ghort agus nach n‐itheann d’á thoradh? Nó cia h‐é bheathuigheas tréad agus nach mblaiseann bainne an tréada? 8 An mar dhuine labhraim mar so? Nach n‐abrann an dlighe na neithe céadna? 9 Óir atá scríobhtha i ndlighe Mhaoise, Ní chuirfir féastrach leis an damh agus é ag satailt ar an arbhar. An iad na daimh is chúram le Dia? 10 Nó nach ar mhaithe linne labhras sé? Is eadh, ar mhaithe linne atá sé scríobhtha; chum, an té threabhas go dtreabhfadh sé le dóchas, agus chum, an té bhuaileas arbhar, go mbuailfeadh sé le súil go bhfaigheadh sé a chuid féin de. 11 Má tá neithe spioradálta síol‐churtha againn daoibh‐se, an nidh mór é má bhainimíd‐ne foghmhar saoghalta uaibh? 12 Má bhaineann daoine eile tairbhe de’n cheart sin oraibh, nach móide ba chóir dúinne páirt do bheith againn ann? Acht níor bhaineamar feidhm as an gceart sin, acht fulaingmíd gach uile nidh, chum nach gcuirfimís bac ar bith le soiscéal Chríost. 13 Nach eol daoibh na daoine riaras neithe spioradálta go mbeathuightear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ghní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir? 14 Ar an gcuma chéadna na daoine chraobhscaoileas an soiscéal, d’órduigh an Tighearna go bhfaighdís a mbeatha ó’n soiscéal. 15 Acht níor bhaineas‐sa feidhm as nidh ar bith dhíobh sin: agus ní le súil go mbéadh éinnidh d’á thairbhe agam atáim ag scríobhadh ’n‐a thaobh so: óir do b’fhearr liom bás d’fhágháil ’ná go ndéanfadh aoinneach neimhnidh de’n adhbhar maoidhmheachais seo agam. 16 Óir, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dom, ní h‐aon adhbhar maoidhmheachais dom é; mar is éigean dom é; agus is mairg dom muna gcraobhscaoilim an soiscéal! 17 Óir, má’s dem’ shaor‐thoil féin do‐ghním é, atá luach saothair agam; acht, má’s i n‐aghaidh mo thola é, do cuireadh ’n‐a chúram orm é. 18 Céard í mo luaigheacht mar sin? An soiscéal chraobhscaoilim do thabhairt i n‐aisce, gan fóghnamh do dhéanamh dem’ cheart san tsoiscéal. 19 Óir gidh go bhfuilim saor ó chách, do rinneas seirbhíseach díom féin chum gur mó an méid go bhuaidhfinn. 20 Agus do na h‐lúdachaibh do bhíos mar lúdach, chum go mbuaidhfinn na h‐lúdaigh; do’n dream do bhí fá’n dlighe, mar bhéinn fá’n dlighe (gidh nach bhfuilim féin fá’n dlighe), chum go mbuaidhfinn na daoine atá fá’n dlighe; 21 do’n dream atá gan dlighe mar bhéinn gan dlighe, gidh nach bhfuilim gan dlighe i dtaobh Chríost, chum go mbuaidhfinn na daoine atá gan dlighe. 22 Do na daoinibh atá lag do bhíos mar dhuine lag, chum go mbuaidhfinn an lucht lag: do bhíos san uile chruth do’n uile dhuine, chum go saorfainn cuid aca ar chuma ar bith. 23 Agus is ar son an tsoiscéil do‐ghním gach nidh, chum go mbéinn rannpháirteach ann. 24 Nach eol daoibh go ritheann gach duine i gcoimhlint reatha, acht gur ab aon duine amháin bhuaidheas an duais? Rithidh‐se chum go mbuaidhfidh sibh. 25 Agus gach duine théigheas san iomaidheacht cleachtann sé smacht do choimheád air féin ar gach slighe. Agus do‐ghní siad‐san sin chum coróin truaillighthe do bhuadhachtain; acht doghnímíd‐ne é chum coróin neamh‐thruaillighthe do bhuadhachtain. 26 Uime sin, ní rithim‐se, mar nach mbéadh eolas agam; acht is amhlaidh spairnim, ní mar dhuine a bheadh ag bualadh an aeir: 27 ácht buailim mo cholann féin, agus cuirim fá smacht í, ar eagla, ar chor ar bith, go ndiúltóchaidhe dhom féin, thar a éis dom bheith ag seanmóiriú do dhaoinibh eile. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society