1 Corantaigh 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 An lámhann aoinneach agaibh, go bhfuil cúis aige i n‐aghaidh duine eile, an chúis do phléidhe os cómhair luchta na h‐éagcóra, i n‐ionad an chúis do chur fá bhreith na naomh? 2 Nach eol daoibh gur ab iad na naoimh do‐bhéarfas breitheamhnas ar an saoghal? Agus má’s fá n‐bhur mbreitheamhnas‐sa thiocfas an saoghal, nach bhfuil ar chumas daoibh na neithe is suaraighe do bhreathnú? 3 Nach eol daoibh go dtiubhraimíd‐ne breitheamhnas ar ainglibh? Nach mó ’ná sin go mór ar neithibh bhaineas leis an saoghal so? 4 Uime sin, má tá neithe de’n tsaoghal so le breathnú agaibh, cad chuige dhaoibh daoine nach bhfuil meas na h‐eaglaise ortha do chur ag tabhairt breitheamhnais? 5 Is chum náire do chur oraibh labhraim libh. Arbh’ fhéidir nach bhfuil ’n‐bhur measc duine eagnaidhe amháin d’fhéadfadh breitheamhnas do thabhairt idir a bhráithribh? 6 Acht is amhlaidh bhíos bráthair ag dul chum dlighe le bráthair eile, agus sin i láthair daoine gan creideamh. 7 Cheana féin is mór an locht oraibh bheith ag dul chum dlighe le n‐a chéile. Cad chuige dhaoibh gan fulang leis an éagcóir? Cad chuige dhaoibh gan fulang leis an bhfeall? 8 Acht is amhlaidh do‐ghní sibh féin éagcóir agus feall, agus sin ar bhur mbráithribh féin. 9 Nach bhfuil a fhios agaibh nach sealbhóchaidh lucht éagcóra ríoghacht Dé? Ná mealltar sibh: ní bhfaighidh lucht striapachais, ná lucht íodhal‐adhartha, ná lucht adhaltrannais, ná lucht macnais, ná sodamaigh, ná gadaidhthe, 10 ná lucht sainnte, ná meisceoirí, ná masluightheoirí, ná foghlaidhthe, ní bhfaighidh siad‐san ríoghacht Dé mar oidhreacht. 11 Agus do bhí a leitheidí sin oraibh‐se: acht do nigheadh sibh, acht do naomhuigheadh sibh, acht do fíréanuigheadh sibh i n‐ainm an Tighearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé. 12 Atá gach uile nidh dlisteanach dom, acht ní fhuil gach uile nidh tairbheach: atá gach uile nidh dlisteanach dom, acht ní cuirfear mé fá smacht aon nidh dhíobh. 13 An biadh do’n bholg, agus an bolg do’n bhiadh; acht cuirfidh Dia deireadh leo araon. Anois ní le h‐aghaidh striapachais atá an cholann, acht le h‐aghaidh an Tighearna; agus atá an Tighearna le h‐aghaidh na colna. 14 Agus do thóg Dia an Tighearna, agus tógfaidh sé suas sinne, leis, tré n‐a chumhacht. 15 Nach eol daoibh gur baill do Chríost bhur gcuirp? Má’s mar sin é, an nglacfad‐sa baill Chríost chum baill méirdrighe do dhéanamh dhíobh? Nár leigidh Dia é. 16 Nach eol daoibh an té chlaoidheas le méirdrigh gur ab aon fheoil amháin léi é? óir béidh an dias ’n‐a n‐aon fheoil amháin le chéile, adeir sé. 17 Acht an té chlaoidheas leis an Tighearna, is aon spiorad amháin leis é. 18 Seachnaidh an striapachas. Gach peacadh do‐ghní an duine atá sé taobh amuigh de’n chorp; acht an té do‐ghní striapachas, do‐ghní sé peacadh i n‐aghaidh a chuirp féin. 19 Nach eol daoibh go bhfuil bhur gcorp mar theampall ag an Spiorad Naomh, an Spiorad atá ionnaibh, fuarabhar ó Dhia? 20 agus ní libh féin sibh; óir do ceannuigheadh sibh go daor; d’á bhrigh sin tabhraidh glóir do Dhia ’n‐bhur gcorp. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society