1 Corantaigh 5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Atá sé d’á iomrádh le deimhne go bhfuil striapachas ’n‐bhur measc, striapachas nach bhfuil le fágháil i measc na gCinidheadhach féin, is é sin go mbéadh bainchéile a athar ag duine éigin. 2 Agus atá sibh uaibhreach, i n‐ionad bheith ag déanamh bróin, chum go dtógfaidhe as bhur measc an té do chleacht an chuirptheacht so. 3 Im’ thaobh‐sa, nach bhfuil i láthair i bpearsain, acht atá i láthair i spiorad, atá breitheamhnas tabhartha agam cheana, 4 i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, ar an duine do‐rinne an droch‐ghníomh sin, fá mar bhéinn i láthair, ar mbeith dhaoibh‐se agus dom’ spiorad‐sa cruinn le chéile, le cumhacht ár dTighearna Íosa, 5 go dtugtar a leithéid sin de dhuine suas do Shátan chum scriosta na colna, ionnas go saorfaidhe an spiorad i ló an Tighearna Íosa. 6 Ní maith é bhur maoidhmheachas. Nach bhfuil a fhios agaibh go dtruailligheann beagán laibhín an cnap uile? 7 Glanaidh amach an sean‐laibhín ar fad, chum go mbéidh sibh ’n‐bhur gcnap úr‐nua, do réir mar tá sibh gan laibhín. Óir atá ár n‐uan cásca, is é sin Críost, íodhbartha. 8 Sollamhnuighmís an fhéile, mar sin, ní h‐é le sean‐laibhín, ná le laibhín na mailíse agus na cuirptheachta, acht le h‐arán gan laibhín, arán an ionnracais agus na fírinne. 9 Do scríobhas chugaibh im’ litir gan baint bheith agaibh le lucht striapachais; 10 ní h‐iad lucht striapachais an tsaoghail seo go h‐uile atá i gceist, ná lucht sainnte, ná lucht goidthe, ná lucht íodhal‐adhartha; óir dob’ éigean daoibh san chás sin imtheacht ó’n tsaoghal ar fad. 11 Acht anois is é rud scríobhaim chugaibh gan caidreamh do dhéanamh le fear ar bith go bhfuil ainm bráthar air má’s striapach é, nó má’s duine sanntach é, no fear íodhal‐adhartha, nó meisceoir, nó gadaidhe; gan fiú béile do chaitheamh i bhfochair a leithéide sin. 12 Óir cia an chuid dem’ ghnó‐sa bheith ag tabhairt breitheamhnais ar an dream atá amuigh? Nach ar an dream atá istigh do‐bheir sibh‐se breitheamhnas? 13 Acht is é Dia do‐bheir breitheamhnas ar na daoinibh atá amuigh. Cuiridh amach as bhur measc an cuirptheach úd. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society