1 Corantaigh 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, níor fhéadas labhairt libh‐se mar labharfainn le daoinibh spioradálta, acht mar labharfainn le saoghaltánachaibh, le leanbhaibh i gCríost. 2 Is le bainne do bheathuigheas sibh, agus níor le biadh é; mar ní raibh ar chumas daoibh a ghlacadh: agus anois féin ní fhuil sé ar bhur gcumas; mar tá sibh colnaidhe fós: 3 óir cómhfhad agus bhíos formad agus imreasán ’n‐bhur measc, nach bhfuil sibh colnaidhe, ag siubhal ar nós daoine? 4 Óir nuair adeir duine amháin, Is le Pól mise; agus duine eile, Is le h‐Apollos mise; nach bhfuil sibh ’n‐bhur saoghaltánachaibh? 5 Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirbhísigh tré n‐ar chreideabhar; gach duine aca do réir mar thug Dia dhó é. 6 Do chuireas‐sa an síol, do chraith Apollos an t‐uisce, acht is é Dia thug an fás. 7 D’á bhrigh sin, ní h‐éinnidh an té chuireas, ná an té chraitheas uisce, acht Dia do‐bheir an fás. 8 Anois is ionann an té chuireas síol agus an té chraitheas uisce; acht do‐gheobhaidh gach aoinneach a thuarastal féin do réir a shaothair. 9 Óir is chómhoibridhthe le Dia sinn: is fearann Dé sibh‐se, foirgneamh Dé. 10 Do réir grása Dé tugadh dhom mar árd‐shaor cliste, do chuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air. 11 Óir ní fhéadann aon duine bun ar bith do chur acht an bun atá curtha cheana, is é sin Íosa Críost. 12 Agus má thógann aon duine ar an mbun so ór, airgead, clocha luachmhara, adhmad, féar, nó connlach, nochtfar obair gach aon duine: 13 óir foillseochaidh an lá é, de bhrigh go ndéanfar soiléir é san teinidh; agus déanfaidh an teine féin a chruthú cia an cineál obair gach duine. 14 Má sheasann an obair do thóg aon duine air, do‐gheobhaidh sé luach a shaothair. 15 Má dóightear obair aon duine, béidh caill air: acht saorfar é féin; amhail agus dá mba tré theinidh é. 16 Nach bhfuil a fhios agaibh gur sibh‐se teampall Dé, agus go gcómhnuigheann Spiorad Dé ionnaibh? 17 Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaidh Dia an duine sin; óir atá teampall Dé naomhtha, agus is sibh‐se é. 18 Ná mealladh aon duine é féin. Má mheasann aon duine dhíbh bheith glic san tsaoghal so, bíodh sé ’n‐a amadán, chum go n‐éireochadh sé glic. 19 Óir is díth‐céille le Dia gliocas an tsaoghail seo, mar tá scríobhtha, Greamuigheann sé lucht gliocais ’n‐a ngastacht féin: 20 agus arís, Is eol do Dhia smaointe na n‐eagnaidhe, gur díomhaointeas iad. 21 Uime sin, ná déanadh duine ar bith maoidhmheachas as daoinibh. 22 Óir is libh‐se an uile nidh; is cuma cia aca Pól, nó Apollos, nó Céfas, nó an saoghal, nó beatha, nó bás, nó neithe atá de láthair, nó neithe atá le teacht; is libh‐se iad uile; 23 agus is le Críost sibh‐se; agus is le Dia Críost. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society