Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

1 Corantaigh 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A bhráithre, níorbh áil liom nach mbéadh a fhios agaibh go raibh ár sinnsir go léir fá’n scamall, agus gur imthigheadar uile tríd an muir,

2 agus gur baisteadh iad uile i Maois san néall agus san muir;

3 agus gur itheadar an t‐aon bhiadh spioradálta amháin,

4 águs gur óladar ó’n gCarraig spioradálta do lean iad; agus dob í an Charraig sin Críost.

5 Acht ní raibh Dia sásta leis an gcuid ba mhó díobh; mar treascaradh iad san bhfásach.

6 Anois ins na neithibh sin do bhíodar mar shamplaí dhúinne, chum nach mbéadh ró‐dhúil i ndroc‐neithibh againn, fá mar bhí aca‐san.

7 Ná bidhidh‐sé ’n‐bhur n‐íodhal‐adhrathóiribh, mar bhí cuid aca‐siúd; mar atá scríobhtha, Do shuidh an pobal síos chum bheith ag ithe agus ag ól, agus d’éirigheadar ’n‐a seasamh chum bheith ag súgradh.

8 Agus ná déanaimís striapachas mar rinne cuid aca, gur thuit trí míle fichead duine i ló amháin.

9 Agus ná déanaimís fromhadh ar an Tighearna, mar rinne cuid aca, gur scrios na nathracha iad.

10 Agus ná déanaidh gearán, mar rinne cuid aca, gur mhill an scriosadóir iad.

11 Thárla na neithe úd dhóibh mar shamplaí, agus tá siad scríobhtha chum rabhadh do thabhairt dúinne, go bhfuil deireadh an tsaoghail tagtha orainn.

12 Uime sin, an té mheasas bheith ’n‐a sheasamh, tabhradh sé aire ar eagla go dtuitfeadh sé.

13 Ní tháinig aon chathú oraibh nach bhfuil ar chumas an duine a iomchar: acht Dia atá díleas, ní cheadóchaidh sé cathú thar bhur gcumas do chur oraibh; acht do‐bhearfaidh sé slighe éaluighthe i n‐éinfheacht leis an gcathú, chum go bhféadaidh sibh a iomchar.

14 D’á bhrigh sin, a bhráithre ionmhaine, seachnaidh íodhal‐adhradh.

15 Labhraim mar labharfainn le daoinibh tuigseanacha; beiridh breith ar a n‐abraim.

16 Cupán na mbeannacht bheannuighmíd, nach é comaoin fola Chríost é? An bhollóg aráin bhrisimíd, nach é comaoin cuirp Chríost é?

17 Ó thárla aon bhollóg amháin bheith ann, gidh go bhfuil a lán dínn ann, is aon chorp amháin sinn; mar ghlacaimíd uile de’n aon bhollóig amháin.

18 Breathnuighidh clann Israeil do réir na feola: na daoine itheas na h‐íodhbartha, nach bhfuilid cómhpháirteach san altóir?

19 Créad adéarfas mé mar sin? Gur éinnidh an nidh íodhbartar d’íodhal, nó gur aon rud íodhal?

20 Is é rud adeirim, na neithe íodhbaras na Cineadhacha, gur do dheamhnaibh íodhbaras siad iad, agus nach do Dhia é: agus níorbh áil liom go mbéadh cumann agaibh le deamhnaibh.

21 Ní féidir libh cupán an Tighearna agus cupán na ndeamhan d’ól: ní féidir libh cómhroinn búird an Tighearna agus cómhroinn búird na ndeamhan do dhéanamh.

22 Nó an bhfuilmíd ag brostú an Tighearna chum éada, an treise sinne ’ná eisean?

23 Atá gach nidh dlisteanach; acht ní fhuil gach nidh tairbheach. Atá gach nidh dlisteanach; acht ní fhuil gach nidh fóghantach.

24 Nár ab é a leas féin loirgfeas duine ar bith, acht gur ab é leas na cómharsan loirgfeas gach aoinneach.

25 Ithidh gach a ndíoltar ar an margadh, gan aon cheist bheith oraibh fá choinsias.

26 Óir is leis an Tighearna an talamh agus gach a bhfuil ann.

27 Má bheir duine dí‐chreidmheach cuireadh chum fleidhe dhaoibh, agus go mb’ áil libh dul, ithidh a gcurtar rómhaibh, gan ceist bheith oraibh fá choinsias.

28 Acht má deir aon duine libh, Do h‐íodhbaradh é seo d’íodhalaibh, ná h‐ithidh é, ar son an té d’innis daoibh é,

29 agus ar son coinsiais; ní h‐é do coinsias féin é, acht coinsias an duine eile; óir cad chuige a mbeirtear breith ar mo shaoirse do réir coinsiais duine eile?

30 Óir má’s le buidheachas ithim, cad chuige a bhfaightear locht orm mar gheall ar rud go dtugaim buidheachas ’n‐a thaobh?

31 Uime sin, má’s ag ithe nó ag ól daoibh, nó cibé nidh do‐ghní sibh, déanaidh an uile nidh chum glóire Dé.

32 Ná tabhraidh adhbhar scannail do lúdachaibh ná do Ghréagachaibh, ná d’eaglais Dé

33 fá mar iarraim‐se sásamh do thabhairt do gach duine ins an uile nidh, gan cuimhneamh ar mo thairbhe féin, acht ar thairbhe farasbáirr na ndaoine, chum go slánóchar iad.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí