Salm 148 - An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)Salm 148. Laudate Dominum. 1 Molaigí an Tiarna ó neamh: molaigí é in ard na spéire. 2 Molaigí é, a aingeala an Tiarna: moladh a shlua go huile é. 3 Molaigí é, a ghrian agus a ghealach: molaigí é, a réalta uile ʼs a sholais. 4 Molaigí é, a neamha uile: agus a uiscí a bhíos os cionn na neamha; 5 Molaidís Ainm an Tiarna: óir ní dhearna sé ach an focal a rá, go ndearnadh iad; dʼordaigh sé, agus cruthaíodh iad. 6 Dhaingnigh sé trí shaol na saol iad: thug sé dlí dóibh nach sárófar. 7 Molaigí an Tiarna ón talamh: a dhragúna, agus a dhoimhneachta uile; 8 A thine agus a chlocha sneachta, a shneachta agus a cheo: a ghaoth agus a dhoineann, a chomhlíonas a bhriathar; 9 A shléibhte agus a chnoic uile: a chranna toraidh agus a chéadrais; 10 A bheithígh agus a eallaigh uile: a chnumhóga, agus a éin faoi chleite. 11 A ríthe an domhain, agus a dhaoine uile: a fhlatha agus a bhreithiúna na cruinne; 12 A fheara óga agus a mhaighdeana óga, a fheara liatha agus a leanaí, molaigí Ainm an Tiarna: óir ní feabhas go dtí a Ainm, agus is airde a mholadh ná neamh agus talamh. 13 Ardóidh sé beann a phobail; beidh a naoimh go léir á mholadh: beidh sé á mholadh ag clann Iosrael, ag an bpobal a bhíos ag déanamh a sheirbhíse. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland