Gníomhartha 9 - An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012Iompú Phóil 1 Idir an dá linn lean Sól ag bagairt báis ar dheisceabail an Tiarna. Chuaigh sé go dtí an t-ard-sagart 2 ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go hIarúsailéim. 3 Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreab. 4 Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth dá rá leis: “A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?” 5 “Cé thú féin, a Thiarna?” dʼfhiafraigh Sól. Dʼfhreagair an guth: “Is mise Íosa, an té a bhfuil tú dá ghéarleanúint. 6 Ach éirigh i do sheasamh, gábh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.” 7 Na fir a bhí ag taisteal leis, rinneadh staic díobh: bhí an guth le cloisteáil acu ach gan duine le feiceáil. 8 Dʼéirigh Sól den talamh, ach nuair a dʼoscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar lámh air agus sheol isteach sa chathair é. 9 Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlaiseadh. Pól dá Bhaisteadh 10 Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis: “A Anainias,” ar sé. “Féach mé, a Thiarna,” dʼfhreagair Anainias. 11 “Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann 12 agus chonaic sé in aisling fear darbh ainm Anainias ag teacht isteach chuige agus ag leagan a lámh air chun go mbeadh a radharc ar ais aige.” 13 Ach dʼfhreagair Anainias: “A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil dʼolc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim, 14 agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar dʼainm-se a ghabháil.” 15 “Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agam-sa chun mʼainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael. 16 Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son mʼainm-se.” 17 Dʼimigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, dá rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé–an tÍosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo–chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.” 18 Agus de phreab thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é. 19 Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann. Dʼfhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc. Pól ag Fógairt an Dea-Scéil 20 Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé. 21 Tháinig alltacht ar a raibh ag éisteacht leis agus deiridís: “Nach é sin an duine a rinne scrios in Iarúsailéim ar a mbíodh ag glaoch ar an ainm sin? Nach é gnó a thug anseo é iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go dtí na hardsagairt?” 22 Ach is ag dul i neart a bhí Sól agus chuir sé mearbhall ar Ghiúdaigh Dhamaisce toisc é a bheith ag dearbhú gurb é Íosa an Meisias. Pól in Iarúsailéim 23 I gceann tamaill mhaith chuaigh na Giúdaigh i gcomhairle le chéile chun é a mharú, 24 ach fuair Sól eolas ar a gcomh-cheilg. Bhídís ag faire na ngeataí go géar de lá agus dʼoíche chun é a mharú 25 ach thóg na deisceabail leo é san oíche agus lig síos i gciseán ar cheann téide é trí scoilt san fhalla. 26 Ar theacht dó go hIarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. 27 Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc. 28 Dʼfhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. 29 Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siad-san iarracht ar é a mharú 30 ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Caesairia agus chuir as sin go Tarsas é. 31 Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí dá tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh. Peadar i Lide 32 Tharla nuair a bhí Peadar ar a chamchuarta go ndeachaigh sé chun an phobail naofa a chónaigh i Lide. 33 Tháinig sé ar dhuine ann arbh ainm dó Aeinéas–pairiliseach a bhí ag coimeád na leapa le hocht mbliana anuas. 34 Labhair Peadar leis: “A Aeinéas,” ar sé, “tá Íosa Críost do do leigheas. Éirigh i do shuí agus cóirigh do leaba.” Agus mʼéirigh sé láithreach. 35 Agus nuair a chonaic muintir Lide agus muintir Sheárón é, dʼiompaigh siad go léir chun an Tiarna. 36 Bhí in Iopae bandeisceabal darbh ainm Tabaite (Dorcas sa Ghréigis, focal a chiallaíonn ‘eilit’). Bean ba ea í a raibh a saol tugtha aici i mbun carthanachta agus déirce. 37 Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach. 38 Tá Lide i ngar dʼIopae agus nuair a chuala na deisceabail Peadar a bheith san áit, chuir siad beirt fhear chuige dá iarraidh air teacht chucu gan mhoill. 39 Dʼéirigh Peadar agus tháinig lena gcois. Ar shroichint na háite dó thug siad in airde chun an tseomra uachtaraigh é. Tháinig na baintreacha go léir chuige ag sileadh deor agus ag taispeáint dó na léinte agus na gcótaí a dhéanadh Dorcas dóibh fad a bhí sí ina beatha. 40 Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin dʼiompaigh sé chun an choirp, dá rá: “A Thabaite, éirigh i do shuí.” Dʼoscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, mʼéirigh sí aniar. 41 Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach. 42 Leath an scéal sin ar fud Iopae agus chreid mórán sa Tiarna. 43 Dʼfhan sé in Iopae ar feadh i bhfad fara súdaire darbh ainm Síomón. |
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.