Eistir 9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil IX. Na Hiúduighe ar búaladh a naimhde dhoibh, 20 do chongmhadar féusta Púrim. 1 Anois annsa dara mí déag, (do bí sin, mí Adar), ar an treas lá déag dhi, a núair do bhi aithne an rígh agus a órdughadh a ngar ré a ccur a ccrích, annsa ló ar shaóileadar naimhde na Niúduigheadh cumhacht dfagháil ós a ccionn, (matá gar hiompóigheadh é go contrardha, go raibh buáidh ag na Iúduighibh ós cionn na muinntire noch do fhúathuigh íad;) 2 Do chruinnigheadar na Iúduighe íad féin a ccionn a chéile íona ccaithreachaibh air feadh uile phroibhinnseaoh an rígh Ahasuérus, do chur a láimhe annsa druing do thairg an dochar do dhéanamh: agus níor fhéud áonduine seasamh ríu; óir do ghabh eagla gach uile phobal rompa. 3 Agus do chuidigheadar úachtaráin, agus riaghlóruigh, agus breitheámhuin, agus oifigidh an rígh, leis na Iúduighibh; do bhrigh gur luidh eagla Mhordecai orra. 4 Oir bá mór Mordecai a ttigh an rígh, agus do chuáidh a chlú amach ar feadh na nuile phroibhinnseadh: óir dfás an duinesi Mordecai ní sa mhó agus ní sa mhó. 5 Marso do bhuáileadar na Iúduighe a naimhde uile le buille an chloidhimh, agus le hár, agus le scrios, agus do rinneadar mar budh toil léo ris an luchd do fhúathuigh íad. 6 Agus ann Súsan an pálás do mharbhadar na Iúduighe agus do mhuigheadar cúig céud fear. 7 Agus Parsandata, agus Dalphon, agus Aspata, 8 Agus Porata, agus Adaliah, agus Aridata, 9 Agus Parmasta, agus Arisai, agus Aridai, agus Bhaiseata, 10 Deich mhic Háman mhic Hammedata, námhuid na Niúduigheadh, do mharbhadar íad; acht air a néadáil níor leagadar a lámh. 11 Tugadh an lásin a lathair an rígh uibhir na méide do marbhadh ann Súsan an pálás. 12 ¶ Agus a dubhairt an rígh re Hester an bhainríoghan, Do mharbh agus do scrios na Iúduighe cúig chéud fear ann Súsan an pálás, agus deithneamhar mac Háman; cred do rinneadar annsa chuid oile do proibhinnsibh an rígh? anois cred í hathchuinge? agus do bhéarthar dhuit í: nó cred é híarratus ní is mó? agus do dhéantar é. 13 Annsin a dubhairt Ester, Más toil leis an rígh, tugthar cead do na Iúduighibh atá ann Súsan sin do dhéanamh a márach mar an ccéadna do réir órduighthe an láesi, agus crochtar deithneamhar mac Háman annsa chroich. 14 Agus daithin an rígh a dhéanamh marsin: agus tugadh a nfógra ann Súsan; agus do chrochadar deich mic Háman. 15 Oír do chruinnigheadar na Iúduighe do bhí ann Súsan íad féin a ccionn a chéile ar an cceathramhadh lá déag don mhí Adar mar an gcéadna, agus do mharbhadar trí chéad fear ann Súsan; acht níor leagadar a lamh air a néadáil. 16 Acht na Iúduighe uile do bhí a bproibhinnsibh an rígh do chruinnigheadar íad féin a ccionn a chéile, agus do sheasadar ar son a nanma, agus fúaradar ciúnas ó na naimhdibh, agus do mharbhadar dá neasccáirdibh seachtmhoghad agus cúig mhíle, acht níor leagadar á lámha air an ccreich, 17 Ar an treas lá déag do mhí Adar, agus ar an cceathrámhadh lá déag don mhí chéadna do shocruigheadar, agus do rinneadar lá féusta agus soláis de. 18 Acht na Iúduighe do bhí ann Susan do chruinnigheadar a bhfochair a chéile ar an treas lá déag don mhí sin, agus ar an cceathramhadh lá déug dhi; agus air an ccúigeadh lá déug don mhí chéadna do shúaimhnigheadar, agus do rinneadar dhe lá féusta agus sóláis. 19 Uime sin do rinneadar Iúduighe na mbailteadh mbeag do chomhnuidh a mbaíltibh gan bhalladha, an ceathramhadh lá déag do mhí Adar na lá lúathgháire agus féusta, agus na lá mhaith, agus do chur oirchiseacht chum a chéile. 20 ¶ Agus do scríobh Mordecai na neíthesi, agus do chuir se litreacha chum na Niúduigheadh óile do bhí a nuile phroibhinnsibh an rígh Ahasuerus, a bhfogus agus a ccéin, 21 Dá bhúanughadh so na measc, go ccongmhuidís an ceathramhadh lá déug don mhí Adar, agus an cúigeadh lá dhi, gacha blíadhna, 22 Mar an láethe ar shuaimhnigheadar na Iúduighe ó na naimhdibh, agus an mhí do hiompóigheadh chuca ó dhólás go sólás, agus ó dhóbrón go la mhaith: go ndéindís dhíobh láethe feasta agus gáirdeachuis, agus oirchiseachd do chur chum a chéile, agus tiodhluicthe chum na mbocht. 23 Agus do ghabhadar na Iúduighe orra féin a dhéanamh mar do thosuigheadar, agus mar do scríobh Mordecai chuca; 24 Do bhrígh gur thríall Háman mhac Hammedata, an Tagagiteach, námhuid na Niuduigheadh uile, a naghuidh na Níuduigheadh chum a scriosta, agus gur theilg Pur, (eadhon crannchar), dá ndíothughadh, agus dá scrios; 25 Acht a núair tháinic Ester a lathair an rígh, daithin se le litreachaibh an droichthionnsgnamh, do thríall sé a naghaidh na Niúduigheadh, dfilleadh ar a cheann féin, agus é féin agus a mhic do chrochadh san ccroich. 26 Ar a nadhbharsin do ghoireadar Púrim do na láethibhsin, ón nainm Pur. Uimesin ar son bhríathar na litreach, agus ar son gach neithe dá bhfacadar a ttáobh a nadhbhairsi, agus noch déirigh dhóibh. 27 Dórduigheadar na Iúduighe, agus do ghabhadar orra féin, agus air a sliocht, agus ar gach uile dhuine dá cceingeoladh ríu, iondus nach bhfailleochthai é, go ccoimhéadfaidís an dá lá so do réir a scríbhinne, agus do réir a nuáire cinnte gacha blíadhna; 28 Agus go ccuímhneocthaoi na láethesi agus go ccimhéadfuidhe íad ar feadh gach éainghemealuigh, gach éaintreibhe, gach phroibhinnse, agus gach éanchaithreacha; agus nach bhfailleochthaoi na láetheso Púrim ó bheith a measc na Niúduigheadh, nó a ccuimhne do dhul a mbáthadh ó na síol. 29 Ann sín do scriobh Ester an bhainríoghan, inghean Abihail, agus Mordecai an Iúduigh, maille ris a nuile úghdarrás, chum an dara litresi Phúrim do dhaingniughadh. 30 Agus do chuir sé na litreacha chum na Níuduigheadh uile, chum na ccéud agus na seacht bproibhinnseadh fithchiod do rioghachta Ahasuerus, maille re bríathruibh síothchána agus fírinne, 31 Do dhaingniughadh na laétheadhso an Phúrim iona naimsearuibh cinnte, do réir mar do aithin Mordecai an Iúduigh agus Ester an bhainrioghan díobh, agus mar do órduigheadar air a son féin agus air son a síl, adhbhar a ttroisge agus a ngearáin. 32 Agus do dhaingnidh órdughadh Ester na cúisesi an Phúrim; agus do scríobhadh annsa leabhar é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society