Eistir 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil IV. Mordecai, ag caóineadh dhroch thionnsgnamh Háman, 13 ghríos sé ar Ester eidirghuidhe do dhéanamh ris an rí. 1 Anuair do mhothaigh Mordecai gach a ndéarnadh ann, do bhris Mordecaí a éadach, agus do chuir sé saicéadach uime agus lúaith, agus do chúaidh sé amach a meadhon na caithreach, agus déigh sé lé héigheamh ard searbh; 2 Agus tháinic sé as cuinne gheata an rígh: óir níor fhéad aonduine dul a steach a ngeata an rígh air a mbiath saicéadach. 3 Agus ann gach uile phroibhinnsi, a ttáinic aíthne an rígh, agus a ordughadh, do bhí caóineadh mór a measc na Niúduigheadh, agus troscadh, agus gul, agus éolchuire; agus mórán na luidhe a saicéadach agus a luáith. 4 ¶ Mar sin thangadar cailínigh Ester agus a seomradóirigh agus dinnisidior sin di. Ann sin do bhí an bhainríoghain lán do dhoilghios; agus do chuir sí éadach dfolach Mhordecai, agus do bhuáin a néaduigh róin de: acht níor ghlac seision é. 5 Ann sin do ghoir Ester ar Hatach, áon do sheamradóirighibh an rígh, noch dórduigh sé dfeithiomh uirre, agus thug sí aithne dhó go Mordecai, dfagháil feasa cred í an chúis, agus cred an tádhbhar fa raibh sin. 6 Annsin do chúaidh Hatach amach mar a raibh Mordecai go sráid na caithreach, noch do bhí as coinne gheata an rígh. 7 Agus dinnis Mordecai dhó a nuile ní dá ttárla dhó, agus an tsuim airgid dó gheall Háman dó dhíol ré hionnmhusuibh an rígh, ar son na Niúduigheadh do scrios. 8 Mar an ccéadna thug sé cóip scríobhtha na garma do scríobhadh ann Súsan chum a scrios, dá thaisbeanadh do Ester, agus dá fhoillsiughadh dhi, agus dá chur dúalach uirre dul a steach chum an rígh, agus gearán do dhéanamh ris, agus íarratas do dhéanamh dá lathair ar son a daóine. 9 Agus tháinic Hatach agus dinnis sé bríathra Mhordecai do Ester. 10 ¶ Do labhair Ester a rís ré Hatach, agus thug aithne dhó chum Mordecai; 11 Ata a fhios ag serbhíseachuibh an rígh uile, agus ag daóinibh phroibhinnseadh an rígh, gidh bé ar bith dfior nó mhnaói thiocfas gus an rígh don chúirt is faide a steach, ar nach goirthear, go bhfuil aoindligheadh amháin aige, an té sin do chur chum báis, acht amháin an té dhá sinfigh an rígh amach an tslat ríogha órdho, iondus go mairfe sé: achd níor goireadh ormsa do theacht a steach gus an rígh ris an tríochad lá so. 12 Agus dinnsiodar do Mhordecai bríathra Ester. 13 Annsin daithin Mordecai a innisin do Ester, Ná saóil agad féin go rachadh tú as a ttigh an rígh níos mó na na Iúduighe uile. 14 Oir má bhíonn tú a nois ad thochd go huilidh, annsin tiucfaidh fúascladh agus sáoradh air na Iúduighibh as áit oile; acht scriosfuighthear thusa agus tigh hathar: agus cía agá bhfuil a fhios nach fá na leithéid so daimsir tháinic tú chum na rioghachda? 15 ¶ Annsin a dubhairt Ester ríu, an freagra so, do bhreith chum Mordecai, 16 Imthigh, cruinnigh a bhfochair a chéile a bhfuil do Iuduighibh a lathair a Súsan, agus troiscidh ar mo shonsa, agus ná hithigh agus ná hibhidh a ttrí lá, doidhche ná ló: troisgfe misi agus mo mhaighdiona mar an gcéadna; agus marsin rachuidh mé a steach chum an rígh, bíodh nach do reír an dlighe: agus má bhásuighthear me, básuighthear me. 17 Marsin dimthigh Mordecai roimhe, agus do rinne do réir a nuile ní dar aithin Ester dhe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society