Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Eistir 3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil III. Háman, na scathan ar an Chúirteóir ainméineach, fhuilteach.

1 Tareis na neitheánn so do mhéuduígh an rígh Ahasuerus Háman mac Ammedata an Tagagiteach, agus dárduigh é, agus do chuir sé a ionad suidhe ós cionn na huile phrionnsadh da raibh aige.

2 Agus do chlaóindís, agus dumhluighedís serbhísigh an rígh uile, do bhí san gheata, do Háman: óir daithin an rígh mairsin dá tháobh. Acht ní chromadh Mordecai, agus ní dhéanadh sé umhla dhó.

3 Annsin a dubhradar serbhísigh an rígh, do bhí a ngeata an rígh, re Mordecai, Cred fá sáruighionn tú aithne an rígh?

4 Anois tárla, a nuáir do labhrádar go láetheamhuil ris, agus nach ttug sé toradh orra, gur innisiodar sin do Háman, dféuchuin an seasfaidis bríathra Mhordecai: óir dinnis sé dhóibh gur Iúduigh é.

5 Agus an tan do chonnairc Haman nach umhluigheadh Mordecai, agus nach déanadh sé onóir dhó, annsin dó bhí Háman lán dfeirg.

6 Agus bá tarcuisneach leis lamh do chur ann Mordecai na áonar; óir do thaisbeanadar muinntir Mhordecai dhó: uime sin díarr Háman na Iúduighe uile do scrios do bhí ar feadh rioghachda Ahasuerus uile, eadhon muinntir Mhordecai.

7 ¶ Annsa chéad mhí, (do bí sin mí Nisan), annsa dara blíadhuin déug don rígh Ahasuerus, do theilgiodor Pur, eadhon, crannchar, róimhe Háman ó ló go ló, agus o mhí go mí, gus an dara mí déag, mar etá, mí Adar.

8 ¶ Agus a dubhairt Háman ris an rígh Ahasuerus, Atá pobal áirigh sgaóilte amuigh agus ar na spréaghadh idir na daóinibh an anuile phroibhinnsibh do rioghachta; agus atáid a ndlighthe éacsamhuil ó nuile phobal, agus ní chomhéaduid diighthe an rígh: uime sin ní tarbha don rígh a bhfulang.

9 Mas toil leis an rígh, scríobhthar a ccur chum báis: agus díolfuidh misi deich míle tallann airgid a lámhuibh na druinge air a bhfuil cúram na cúise, re na thabhairt a ttighthibh ionnmhuis an rígh.

10 Agus do bhean an rígh a fháinne dhá láimh, agus thug sé é do Háman mhac Ammedata an Tagagiteach, namhuid na Niúduigheadh.

11 Agus a dubhairt an rígh ré Háman, Tugadh an tairgiod, agus fós na daoine dhuitsi, do dhéanamh ríu mar is áil leachd féin.

12 Annsin do goireadh ar scribhneóiribh an rígh an treas lá déag don chéidmhí, agus do scríobhadh annsin do réir a nuile neithe dar aithin Háman dfearuibh ionuid an rígh, agus do na húachtaránuibh do bhí os cionn gach aon phroibhinnsi, agus do riaghlóiribh a nuile phobuil gach áon phroibhinnsi, do réir a scríbhinn sin, agus chum gach aon phobail do réir a tteangtha; a nainm an rígh Ahasuerus do scríobhadh é, agus do séuluigheadh é le fáinne an rígh.

13 Agus do cuireadh na litreacha ar siubhal le teachdairighibh chum gach uile phroibhinnse an rígh, do scrios, de mharbhadh, agus do dhíothlaithriughádh, a nuile Iúduighe, edir óg agus arsuigh, chlainn bhig agus mhná, a náon ló, eadhon air an treas lá déag don dara mhí déag, (noch ar bí mí Adar), agus a néadáil dó thógbhail súas mar chreich.

14 Cóip na scríbhinne do thabhairt mar aithne ann gach aon phroibhinnsi do foillsiughadh do nuile dhuine é, lé a mbéidís réigh a ccoinne an láe sin.

15 Do chúadar na postadha amach, ar na mbrostughadh le haithne an rígh, agus tugadh a nfógra ann Súsan an pálás. Agus do shúigh an rígh agus Háman síos chum óil; acht do bhí an chathair Súsan buáidheartha.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí