Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Eistir 2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil II. Ester, eisiomlar na deagh‐mhná uirisle, tháinic go honóir.

1 Andiaigh na naitheannsa, a nuáir do laghduigh fearg rígh Ahasuerus, do chuimhnigh sé ar Bhasti, agus cred do rinne sí, agus cred do hórduigheadh na haghaidh.

2 Annsin a dúbhradar serbísigh an rígh do níodh miniostralacht dó, Iarthar maighdeana scíamhacha óga don rígh:

3 Agus órduigheadh an rígh oifigidh a bproibhinnsibh a rioghacht uile, chor go ccruinnighedís a ccionn a chéile na huile mhaighdeana scíamhacha óga go Súsan an pálás, go tigh na mban, fá chumhdach Hege seomradóir an rígh, coimhéuduigh na mban; agus tugthar fá deara neithe chum a nglanta do thabhairt dóibh:

4 Agus bíodh an mhaighdean thaitneamhas ris an rígh na bainrioghain a náit Bhasti. Agus do thaitin an ní sin ris an rígh; agus do rinne sé mar sin.

5 ¶ Anois do bhí annsa phálás Súsan Iúduigh áirigh, dar bhainm Mordecai, mhac Iair, mhic Simei, mhic Cis, Beniamíteach;

6 Noch rugadh ar siubhal as Ierusalem annsa daóirsine noch rugadh air siubhal a néinfheacht re Ieconiah rígh Iúdah, noch rug Nebuchadnessar rígh na Babiloine leis.

7 Agus thug leis súas Hadassah, (noch dar bhainm, Ester,) inghean dearbhrathar athar dhó: óir ní raibh athair nó mathair aice, agus do bhí an mhaighdion breaghdha sgíamhach; noch do ghabh Mordecai, (a nuáir déug a hathair agus a mathair), chuige mar inghin dó féin.

8 ¶ Marsin tárla, an tan do chlos aithne agus órdughadh an rígh, agus a nuáir do cruinnigheadh mórán maighdean go Súsan an pálás, fá chumhdach Hegai, gur tugadh Ester ann mar an ccéadna go tigh an rígh, fá chumhdach Hegai, coimhéaduigh na mban.

9 Agus do thaitin an cailín ris, agus fuáir sí cinéul úadh; agus thug sé dhi go lúath na neithe dfóir chum a hainichthe, maille ris gach ní dár bhéan ría, agus móirsheisior cailinigh, dob iomchubhuidh dhi dfagháil, as tigh an rígh: agus do chuir sé í féin agus a cailínigh annsa náit do bfeárr do thigh na mban.

10 Níor fhoillsigh Ester a daoine nó a cineadh: óir daithin Mordecai dhi gan a ninnsin.

11 Agus do bhí Mordecai gach laói ag siúbhal as coinne chúirte thighe na mban, dféuchuin ciondus do bhíadh Ester, agus an chríoch déireochadh dhi.

12 ¶ Agus a núair tháinic úair gach éanmhaighdine, do dhul a ccionn an rígh Ahasuerus, tar éis í bheith blíadhuin, do réir ghnátha na mban, (óir is mar sin do coimhlíontaoi láethe a nainicthe, mar atá, sé mhí le hola mhirra, agus sé mhí le neithibh deaghbholuigh, agus le neithibh oile do ghlanadh na mban;)

13 Marso a nuáirsin do thigeadh gach éanmhighdion chum an rígh; gidh bé ar bith ní díarradh sí do bherthi dhi é do dhul lé amach as tigh na mban go tigh an rígh.

14 Trath nóna, dimthigheadh sí ann, agus ar na mhárach dfilleadh sí go dara tigh na mban, fa chumhdach Shaasgas, séomradóir an rígh, noch do choimhéud na leannáin: ni thigeadh sí a steach ní sa mhó chum an rígh, acht muna bheith dúil ag an rígh innte, agus go ccuireadh fíos uirre as a hainm.

15 ¶ Anois a nuáir do thainig seal Ester, inghean Abihail dearbhrathair athar Mhordecai, (noch do ghabh lé mar inghin,) do dhul a steach chum an rígh, ni íarradh sí éinni acht an ní do órduigheadh, Hegai séomradóir an rígh, coimheaduigh na mban. Agus fuáir Ester gean a radhare gach uile dhuine dá bhféuchadh uirre.

16 Mar sin rugadh Ester gus an rígh Ahasuerus don tigh riogha annsa deachmhadh mí, (noch isi sin mí Tebet), annsa seachdmhadh blíadhain dá ríghe.

17 Agus do ghrádhuigh an rígh Ester ós cionn na mban uile, agus fuáir sí gean agus grása iona radharc tar na maighdeanuibh uile; iondus gur chuir sé an choróin ríogha ar a ceann, agus go ndéarna sé bainríoghan di a náit Bhasti.

18 Annsin do rinne an rígh féusta mór dá phrionnsadhuibh agus dá sherbhíseachaibh uile, eadhon féusta Ester; agus do thug sé saóirse do na proibhinnsibh, agus thug sé tiodhlaicthe dhóibh, do réir chumuis an rígh.

19 Agus a nuáir do chruinnigheadar na maighdiona a bhfochair a chéile an dara huáir, do bhí Mordecai na shuidhe a ngeata an rígh.

20 Nior fhoillsigh Ester fós a cineadh nó a daóine; mar do chuir Mordecai dúalach uirre: óir do rinne Ester aithne Mhordecai, amhuil agus do rinne a nuáir do bhí dá tabhairt súas aige.

21 ¶ Annsna láethibhsin, (an feadh do bhí Mordecai na shuidhe a ngeata an rígh), do bhí fearg ar dhís do sheomradóirighibh an rígh, Bigtan agus Teres, do luchd coimhéad an doruis, agus do thríalladar lámh do leagadh air an rígh Ahasuerus.

22 Agus fuair Mordecai fios na cúise, noch dinnis sé do Ester an bhainríoghain; agus dfoillsigh an bhainríoghan sin don rígh a nainm Mhordecai.

23 Agus a nuáir do leanadh an chúis, do fríth a dheimhin; uimesin do crochadh íadsan araon ar crann: agus do scríobhadh sin a leabhar croiniceadh a lathair an rígh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí