Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Eistir 1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil I. Tar éis nabhar Bhasti, 13 tugadh fuagra, gach fear do riaghladh iona thigh feín.

1 Anois tárla a láethibh Ahasuerus, (isé so an Tahasuerus do budh rígh ón India go nuige an Netíopia, ós cionn chéud agus seachd bprobhinnseadh fithchiod:)

2 Annsna láethibhsi, fa nam a raibh an rígh Ahasuerus na shuidhe ann a chatháoir ríogha, noch do bhí ann Súsan an pálás,

3 Annsa treas blíadhuin dá ríghe, go ndéarnuigh sé féasta dá phrionnsadhuibh uile agus dá shearbhfhoghantuibh; air mbeith do chumhachtuibh na Persia agus na Media, uáisle agus prionnsadha na bproibhinnseadh, dhá lathair:

4 A núair do thaisbéin sé saidhbhrios a rioghachta ghlórmhuire agus onóir a mhórdhachda mórán do láethibh, eadhon céad agus ceithre fithchid lá.

5 Agus a nuáir do caitheadh na láethesin, do rinne an rígh féusta do na dáoinibh uile do bhí da lathair ann Súsan an pálás, aráon don mhór agus don bheag, seachd lá, a ccúirt gháirdín pháláis an rígh;

6 Mar a rabhadar bruit bhána, ghlasuáine, agus gorma, air na ndaingniughadh lé córduighibh do lméadach fhínealta agus do phurpuir dfáinneadhuibh airgid agus do phileuribh marmuir: do bhádar na leabtha dór agus dairgiod, air urlár do mharmair dhearg, agus ghorm, agus bhán, agus dhúibh.

7 Agus do dháileadar deocha órra a soighthighibh óir, (na soithighe éacsamhuil tar a chéile), agus fion ríoghamhuil go hiomarcadh, do réir chumuis an rígh.

8 Agus do bhí an tól do réir an dlighe; níor coimhéignioghadh aonduine: óir is marsin dórduigh an rígh doifigibh an tighe, go ndéaindís do réir thoile gach aonduine féin.

9 Mar an ccéadna do rinne Bhasti an bhainríoghan féusta do na mnáibh annsa tigh riogha bá le Ahasuerus an rígh.

10 ¶ Ar an seachdmhadh lá, a nuáir do bhí croidhe an rígh súgach ó fhíon, daithin sé do Mhehuman, do Bhista, do Harbona, do Bhigta, do Abagta, do Shethar, agus do Charcas, an móirsheisior seomradóirigh dfoghnadh a bhfiaghuúise an rígh Ahasuerus,

11 An bhainríoghan Bhasti do thabhairt a lathair an rígh gun a coróin ríogha, do thaisbéanadh a sgéimhe don phobal agus do na prionnsadhuich: óir bá breádhgha í ré féuchuin uirre.

12 Acht do dhíuilt an bhainríoghan Bhasti teacht lé haithne an rígh dá sheomradóirighibh: uimesin do bhí an rígh rofheargach, agus do las a fhearg ann.

13 ¶ Annsin a dubhairt an rígh ris ná daóinibh críonna, dar bhaithne na haimseara, (óir do bé sin gnáth an rígh a ttáobh a nuile dhuine agá raibh fios dlíghe agus breitheamhnuis):

14 Agus isé budh foicsi dhó Carsena, Setar, Admata, Tarsis, Meres, Marséna, agus Memucan, seacht bprionnsuigh na Persia agus na Média, noch do chonnairc aghuidh an rígh, agus do shuigh ar ttús annsa rioghacht;

15 Cred do dhéanam ris an mbainríoghain Bhasti do réir an dlighe, do bhrígh nar choimhlíon sí aíthne an rígh Ahasuérus leis na seomradóirighibh?

16 Agus do fhreagair Memucan a lathair an rígh agus na bprionnsadh, ní hair an rígh amhain do rinne an bhainríoghan Bhasti éaccóir, acht air na prionnsadhuibh uile, agus air an bpobal uile atá a nuile bproibhinnsibh an rígh Ahasuerus.

17 Do bhrígh go rachaidh an gníomhsa na bainríoghna amach gus a nuile mhuaói, iondus go ndéanuid beagán dá bhfearuibh iona súilibh, a núair inneostar é, Daithin an rígh Ahasuerus an bhainríoghan Bhasti do thabhairt a steach dá lathair, acht ní tháinic sí.

18 Mar an geéadna a déaruid baintighearnuigh na Persia agus na Media san ló so re uile phrionnsadhuibh an rígh, noch do chúalaidh gníomh na bainrioghna. Marsoéireochuidh iomarcuidh dísbeaguidh agus feirge.

19 Mas toil leis an rígh é, eirghiodh aithne ríogha úadh, agus scriobhthar í a measc dhlighe na Bpersianach agus na Medianach, go nach áthruightear í, Gan Bhasti do theacht ní sa mho do lathair an rígh Ahasuerus; agus tugadh an rígh a sdaid ríoghasa dáon is féarr ná í.

20 Agus a núair fhoillseochar órdughadh an rígh noch do bhéara sé úadh air feadh a impireachta oile, (bíodh gur mor í), do bhéaruid na mná uile onóir dá bhfearuibh, araon don mhór, agus don bheag.

21 Agus do thaitin an nísin ris an rígh agus ris na prionnsadhuibh; agus do rinne an rígh do réir bhréithre Mhemucan:

22 Oir do chuir sé litreacha ar feadh proibhinnseadh an rígh, chum gach aon phroibhinnsi do reir na scríbhinne sin, agus chum gach aon phobail do réir a tteangtha, gach fear do ríaghladh iona thigh féin, agus sin dfoillsiughadh do réir theangtha gach phobail.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí