Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Ríthe 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Greaghnacus, 20 riaghlughadh, 29 agus gliocas Sholaimh.

1 Mar sin do bhí an rígh Solamh na rígh ós cionn Israel uile.

2 Agus a síad so na prionnsadha do bhí aige; Asariah mac Sádoc an sagart,

3 Elihereph agus Ahiah, mic Shisa, na scribhnéoruibh; Iehosaphat mac Ahilud, na sheanchuigh.

4 Agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn an tslóigh: agus dob íad Sádoc agus Abiatar na sagairt:

5 Agus Asariah mac Nátán ós cionn na noifigeach: agus bá he Sabud mac Nátain priomh‐oifigeach, cara an rígh:

6 Agus do bhí Ahisar ós cionn an teaghluigh: agus Adoniram mac Abda ós cionn a náirdchíosa.

7 ¶ Agus do bhádar dhá fhear dhéug doifigeachaibh ag Solamh ós cionn Israel uile, noch do sholáradh beathadh don rígh agus dá theaghlach: do níodh gach áon aca ullmhughadh ann a mhí féin san mbliadhuin.

8 Agus a síad so a nanmanna: Mac Hur, a slíabh Ephraim:

9 Mac Decar, ann Macas, agus ann Saalbim, agus a Mbet‐semes, agus a Nelon‐bet‐hanan:

10 Mac Hesed, ann Arubot; is ris do bhcan Sochoh, agus dúithche Hépher uile:

11 Mac Abinadab, a ttír Dor uile; agá raibh Taphat inghean Sholuimh na mnaói.

12 Baana mac Ahilud; as ris do bhean Taanach agus Megiddo, agus Betsean uile, noch atá láimh re Sartana taóibh shíos do Iesreel, ó Bhet‐sean go Habelmeholah, go nuige táobh thall do Iocneam:

13 Mac Ghéber, ann Ramot‐Gílead; ba leis bailte Iair mic Manasseh, noch até a Ngilead; ba leis mar an gcéadna tír Argob, noch atá ann Básan, trí fithchid cathair mhór go mballadhuibh agus mbarradhuibh práis.

14 Achinadab mac Iddo is aige do bhí Mahanaim:

15 Ahimaas do bhí ann Naphtali; a sé thug mar an gcéadna Basmat inghean Sholuimh na mnaói.

16 Baanah mac Chúsai do bhí ann Aser agus ann Alot:

17 Iehosaphat mac Paruah, ann Issachar:

18 Simei mhac Elah, ann Beniamin:

19 Geber mhac Uri do bhí a ttír Ghílead, a ttír Shihon rígh na Namoriteach, agus Og rígh Básan; agus dob eision amhaín oifigeach na tíre uile.

20 ¶ Do bhí Iúdah agus Israel liónmhar, mar an ngaineamh bhíos láimh ris an bhfairge ar líonmhaireachd, ag ithe agus ag ól, agus ag déanamh súgaidh.

21 Agus do ríaghluidh Solamh ós cionn a nuile rioghachd ó nabhuinn go crích na Bhphilistineach, agus go brúach na Hégipte: do bheirdís tiodhluicthe leó, agus do rinneadar seirbhís do Sholamh ar feadh laéthe a bheatha.

22 ¶ Agus do bé bíadh Sholuimh a neanló amháin tríochad miosúr do phlúr mhín, agus trí fithchid miosúr mine,

23 Deich ndaimh bhíata, agus fithche damh don ninnbhear amuigh, agus céad cáora, táobh amuigh do cháirrfhiadhuibh, agus do phocaibh fionna, agus dfíadhuibh rúadh, agus déunlaithibh bíata.

24 Oír do bhí tighearnas aige ós cionn na tíre uile don táoibhse don nabhuin, ó Thiphsah air fad go Hassah, ós cionn na ríogh uile don táoibhse don nabhuinn: agus do bhí sióthchaín aige ann gach uile thaobh na thimchioll.

25 Agus do chomhnuidh Iúdah agus Israel go socair, gach uile dhuine fana fhíneamhuin agus fána chrann fíge féin, ó Dhan go Beerséba, an fad do mhair Solamh.

26 ¶ Agus do bhí ag Solamh dha fhithchiod míle mainnseár each da charbadaibh, agus dá mhíle dhéug marcach.

27 Agus dullmhaighedís na hoifigidh sin bíadh do Sholamh an rígh, agus a nuile ní dá ttigeadh go bórd an rígh Solamh, gach áon aca ann a mhí féin: ní bhíodh éinní deasbhuidh orra.

28 Do bheirdís mar sin eórna agus tuighe da neachaibh agus dá neachaibh coimhlionga go nuige a náit a mbídís na hoifigidh, gach éanduine do réir a úaluigh féin.

29 ¶ Agus thug Día gliocus agus tuigsi do Sholamh go hanmhór, agus fairsinge chroidhe, amhuil mar bhíos an gainiomh atá ar thraígh na fairge.

30 Agus do sháruigh gliocus Sholuimh críonnachd chloinne a noirthir uile, agus gliocus na Hégipte uile.

31 Oír ba glioca é ná dáoine an domhuin uile; ná Etan an Tesrahíteach, agus Héman, agus Chalcol, agus Darda, clann Mhahol: agus do bhí a iomrádh annsa nuile chrích air gach éantáoibh.

32 Agus do labhair sé trí mhíle seanfhocal, agus a dhánta do bhádar mile agus a cúig.

33 Agus do labhair se ar chrannuibh, ón chrann céadair atá a Lebanon go nuige an nisoíp fhásas amach as an mballa: do labhair sé mar an gcéadna ar ainmhintibh, agus air eunlaithe, agus air chréatúiribh snámhacháin, agus air íascaibh.

34 Agus tangadar do nuile dhroing déisteachd ré gliocus Sholuimh, ó ríoghaibh an domhuin uile, do chúala teachd tar a eagna.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí