Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Tóibít 7 - An Bíobla Naofa 19811 Nuair a shroich siad Eacbatana dúirt Tóibias: “A Azairias, a bhráthair liom, beir leat mé láithreach go dtí teach m'fhir ghaoil, Raguéil.” Rug seisean leis é mar sin go dtí teach Raguéil agus tháinig siad air agus é ina shuí ag geata an chlóis. Bheannaigh siad dósan ar dtús agus dúirt seisean leo: “Céad míle fáilte romhaibh, a bhráithre. Is maith liom gur tháinig sibh anseo slán.” Thug sé isteach sa teach iad ansin. 2 “Nach bhfuil an buachaill seo cosúil le m'fhear gaoil, Tóibít?” ar seisean lena bhean chéile, Eadna. 3 D'fhiafraigh Eadna díobh ansin, á rá: “Cér díobh sibh, a bhráithre?” D'fhreagair siad: “De threibh Naftáilí atá ar deoraíocht anois i Nínivé.” 4 “An bhfuil aithne agaibh ar ár bhfear gaoil. Tóibít?” ar sise leo. “Tá, go deimhin,” ar siadsan léi. Ansin dúirt sí leo, “An bhfuil sé ar fónamh?” 5 “Tá sé ina bheatha agus ina shláinte go fóill,” d'fhreagair siad. “Is é m'athair féin é!” arsa Tóibias. 6 Léim Raguéil ina sheasamh agus thug sé póg dó agus é ag sileadh deor. 7 Dúirt sé leis ansin: “Bail ó Dhia ort, a bhuachaill, a mhic an dea-athar uasail! Nach trua an scéal é gur chaill fear fíréanta déirciúil mar é radharc a shúl!” Chaith sé é féin ansin ar bhráid Thóibias agus é ag gol go fuíoch 8 agus thosaigh Eadna, a bhean chéile, agus Sárá, a iníon, ag gol chomh maith mar gheall ar Thóibít. 9 Ina dhiaidh sin mharaigh sé reithe as an tréad agus cuireadh fáilte fhíorchaoin rompu. Tar éis dóibh iad féin a ní agus a fholcadh lig siad fúthu ag bord. Ansin dúirt Tóibias le Rafael: “A Azairias, a bhráthair liom, abair le Raguéil Sárá, mo bhean mhuinteartha, a thabhairt dom.” 10 Ach chuala Raguéil an chaint sin agus dúirt sé leis an mbuachaill: “Ith agus ól agus bíodh áthas ort an oíche seo, mar níl aon fhear eile ann seachas tú féin, a bhráthair liom, a bhfuil sé de cheart aige m'iníon a fháil. Mar an gcéanna, i dtaca liomsa de, níl aon údarás agam í a thabhairt d'aon fhear eile ach duitse amháin, mar is agatsa atá an gaol is gaire liom. Mar sin féin, a mhic, caithfidh mé an fhírinne iomlán a insint duit. 11 Is amhlaidh a thug mé mar chéile í do sheachtar fear dár mbráithre féin i ndiaidh a chéile, ach maraíodh gach duine díobh chomh luath agus a chuaigh siad isteach ina seomra an oíche sin. Ach ith agus ól leat anois, a mhic, agus cá bhfios nach dtabharfaidh an Tiarna a ghrásta agus a shíocháin duitse?” Ach dúirt Tóibias: “Ní íosfaidh ná ní olfaidh mé dada feasta nó go ndéanfaidh tú socrú éigin i mo thaobhsa.” “Tá go maith,” arsa Raguéil leis, “ós leatsa í de réir dlí leabhar Mhaois, ordaíonn na flaithis féin í a thabhairt duit. Mar sin de, glac cúram do mhná muinteartha ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh.” 12 Ansin chuir Raguéil fios ar a iníon, Sárá, agus tháinig sí chuige. Rug sé greim láimhe uirthi agus thug sé do Thóibias í á rá: “Cuirim faoi do chúram í; tugann an dlí agus an reacht atá scríofa i leabhar Mhaois duit í mar bhean chéile. Tóg í; beir leat abhaile go teach d'athar í le coinsias glan agus go rathaí Dia neimhe bhur dturas.” 13 Chuir sé fios ar a máthair ansin agus dúirt sé léi páipéar a thabhairt chuige. Ansin scríobh sé conradh pósta amach ag tabhairt Sárá dó mar bhean chéile de réir an reachta atá i ndlí Mhaois. 14 Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag ithe agus ag ól. 15 Tar éis tamaill bhagair Raguéil ar a bhean chéile, Eadna, agus dúirt sé léi: “Ullmhaigh an seomra breise, a bhean chóir, agus tabhair isteach ann í.” 16 D'imigh sise agus chóirigh sí an seomra mar a dúradh léi agus thug sí Sárá isteach ann. Thosaigh sí ag gol mar gheall uirthi ansin ach tar éis di a deora a thriomú dúirt sí le Sárá: 17 “Múscail do mhisneach, a iníon ó! Go dtuga Tiarna na bhflaitheas áthas duit in áit an dobróin. Bíodh misneach agat, a iníon ó!” D'imigh sí amach ansin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart