Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Tóibít 2 - An Bíobla Naofa 1981Tóibít Dall 1 Ar an ábhar sin, nuair a tháinig Asaradon i réim, d'fhill mé abhaile agus tugadh mo bhean chéile Anna agus mo mhac Tóibias ar ais dom. Ar fhéile na Cincíse seo againne, is é sin, ar fhéile na Seachtainí, bhí dinnéar maith ann dom agus lig mé fúm chun é a ithe. 2 Cóiríodh an bord dom agus cuireadh a lán mias os mo chomhair. Ansin dúirt mé le mo mhac Tóibias: “Imigh leat, a mhic, agus má fhaigheann tú duine bocht éigin dár mbráithre atá ina gcimí cogaidh anseo i Nínivé atá dílis do Dhia óna chroí go hiomlán, beir leat é agus íosfaidh sé an béile seo i mo chuideachta. Fanfaidh mé leat, a mhic, nó go dtiocfaidh tú ar ais.” 3 D'imigh Tóibias amach, mar sin, ar lorg duine bhoicht éigin dár mbráithre. Ach tháinig sé ar ais arís agus dúirt: “A athair!” “Céard atá ort, a mhic?” arsa mise leis. Dúirt sé liom ansin do mo fhreagairt: “Féach, a athair! Dúnmharaíodh duine dár muintir agus tá a chorp ina luí amuigh ar fhaiche an mhargaidh mar ar tachtadh é tamall beag ó shin.” 4 Léim mé i mo sheasamh láithreach agus d'fhág mé mo dhinnéar gan a bhlaiseadh; d'ardaigh mé an corp liom ó fhaiche an mhargaidh agus chuir mé isteach i seomra é agus é ar intinn agam é a adhlacadh tar éis dul faoi na gréine. 5 Nuair a tháinig mé ar ais, mar sin, nigh mé mé féin agus d'ith mé mo chuid faoi bhrón. 6 Chuimhnigh mé ar na focail a dúirt an fáidh Amós i dtaobh Bhéitéil: “Athrófar bhur bhféilte ina n‑ócáidí bróin, agus déanfar caointe de bhur n‑amhráin go léir.” 7 Agus rinne mé gol. Ansin tar éis dul faoi na gréine d'imigh mé amach agus rinne mé uaigh agus chuir mé ann é. 8 Thosaigh mo chomharsana ag gáire fúm, á rá: “Nach bhfuil eagla air níos mó? Bhíothas ar a thóir cheana féin chun é a mharú mar gheall ar an ngníomh seo agus b'éigean dó teitheadh agus seo anois é arís agus é ag adhlacadh na marbh!” 9 An oíche chéanna sin thug mé folcadh dom féin agus chuaigh mé isteach i mo chlós agus chuaigh mé a chodladh in aice le balla an chlóis. Ó bhí sé te d'fhág mé m'aghaidh gan chlúid. 10 Ní raibh a fhios agam go raibh gealbháin bhinne sa bhalla os mo chionn; thit a mbualtrach te isteach i mo shúile agus tháinig spotaí bána orthu. Chuaigh mé go dtí na dochtúirí chun leigheas a fháil. Ach dá mhéad ungaidh dár chuir siad orm is ea is daille a d'éirigh mo shúile de dheasca na spotaí, nó go raibh mé dall ar fad ar deireadh thiar. Ní raibh radharc na súl agam ar feadh ceithre bliana; bhí mo ghaolta uile buartha mar gheall orm; ach thug Aichícheár aire dom ar feadh dhá bhliain nó gur imigh sé go dtí Eilíomais. 11 Lena linn sin thug mo bhean chéile Anna faoi obair mhná a dhéanamh ar thuarastal. [Shníomhadh sí olann agus d'fhíodh sí éadach;] 12 nuair a thugadh sí a mbíodh déanta aici dá fostóirí d'íocaidís a luach léi. An seachtú lá de Mhárta, áfach, bhí píosa éadaigh fite aici agus thug sí dá fostóirí é mar ba ghnách léi. D'íoc siadsan an luach iomlán léi ach lena chois sin thug siad meannán gabhair di le haghaidh béile. 13 Nuair a tháinig an meannán isteach sa teach thosaigh sé ag meigeallach. Ghlaoigh mé ar Anna ansin agus dúirt mé léi: “Cad as a tháinig an meannán sin? B'fhéidir gur goideadh é! Tabhair ar ais é do na daoine ar leo é. Ní ceart dúinn rud a goideadh a ithe.” 14 Ach dúirt sise liom: “Is amhlaidh a tugadh mar bhronntanas dom é de bhreis ar mo thuarastal.” Níor chreid mé í agus dúirt mé léi arís é a thabhairt ar ais do na daoine ar leo é agus las mé le náire ina láthair dá dheasca. Dúirt sí liom ansin: “Cá bhfuil do chuid déirce anois? Cá bhfuil do dhea-ghníomhartha? Féach, is eol do chách anois cén saghas thú!” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart