Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Tóibít 13 - An Bíobla Naofa 1981


Caintic Thóibít

1 Dúirt Tóibít ansin: Moladh le Dia a mhaireann go deo; moladh lena ríocht bhuanseasmhach!

2 Óir cé go ngabhann sé de sciúirsí orainn, maitheann sé ár bpeacaí dúinn chomh maith; bíodh go gcaitheann sé daoine síos go hifreann, tógann sé aníos iad ón duibheagán athuair; níl aon rud ann ar aon chor ar féidir dó éalú óna láimh.

3 Gabhaigí buíochas leis, a chlann Iosrael, i bhfianaise na gciníocha uile. Mar bíodh gur scaip sé sibhse ina measc,

4 is ann a thaispeáin sé a mhórgacht daoibh. Molaigí é i láthair na mbeo go léir, mar is é ár dTiarna é agus ár nDia. Is é ár nAthair é chomh maith agus ár nDia go brách agus choíche.

5 Sciúrsálfaidh sé sibh de dheasca bhur gcionta, ach déanfaidh sé trócaire oraibh uile leis; mar cruinneoidh sé sibh as na ciníocha uile a raibh sibh scaipthe ina measc.

6 Nuair a iompóidh sibh chuige le bhur gcroí agus le bhur n‑anam go hiomlán chun sibh féin a iompar go hionraic ina láthair, iompóidh seisean chugaibhse ansin, agus ní cheilfidh sé a ghnúis oraibh níos mó. Cuimhnigí anois ar a ndearna sé ar bhur son, agus gabhaigí buíochas leis in ard bhur ngutha. Molaigí Tiarna na Fíréantachta agus móraigí Rí na Síoraíochta. Gabhaimse féin buíochas leis i dtír mo dheoraíochta, agus léirím a neart agus a mhórgacht do chine peacúil. Iompaigí ar ais chuige, a pheacacha, chun an fhíréantacht a chleachtadh ina láthair. Cá bhfios daoibh nach mbeidh gnaoi aige oraibh, agus nach nglacfaidh sé trua daoibh?

7 Mórfaidh mise mo Dhia, agus déanfaidh mo spiorad gairdeas i Rí na bhFlaitheas.

8 Fógraíodh gach duine a mhórgacht, agus tugtar buíochas dó in Iarúsailéim.

9 Sciúrsálfaidh sé thú, a Iarúsailéim, a chathair naofa, mar gheall ar dhrochghníomhartha d'áitritheoirí; ach déanfaidh sé trócaire athuair ar shliocht na bhfíréan.

10 Gabhaigí buíochas leis an Tiarna go cuí, agus molaigí an Rí Síoraí, le go n‑atógfaí do shanctóir duit go háthasach. Go gcuire Dia gliondar ar na deoraithe go léir ionat; go raibh grá aige do lucht an dobróin ionat, agus do na glúine uile atá le teacht.

11 Soilseoidh solas geal uait go críocha uile na cruinne; tiocfaidh mórán náisiún chugat ó thíortha i gcéin, ó imill uile an domhain chun cónaí i do láthair naofa, agus bronntanais ina lámha acu do Rí na bhFlaitheas. Ligfidh glúine gan áireamh gártha áthais ionat, agus mairfidh ainm na cathrach tofa go brách.

12 Is mallaithe iad siúd go léir, a thugann masla cainte duit; is mallaithe iad siúd go léir, a dhéanann léirscrios ort, agus a leagann do bhallaí ar lár, agus a scartálann do thúir, agus a chuireann do thithe trí thine; ach is beannaithe go brách iad siúd go léir, a thugann ómós duit.

13 Imigh leat, mar sin, agus déan gairdeas mar gheall ar shliocht na bhfíréan. Óir, cruinneofar iad go léir le chéile, agus tabharfaidh siad moladh don Tiarna Síoraí.

14 Is méanar dóibh siúd a mbíonn grá acu duit, agus a dhéanann gairdeas toisc tú a bheith faoi rath. Is méanar dóibh sin uile a mbíonn buairt orthu faoin angar a fhulaingíonn tú. Óir, beidh lúcháir orthu ar do shonsa agus feicfidh siad an t‑áthas a bheidh ort go deo.

15 Molann m'anamsa an Tiarna, an Rí mór, mar atógfar cathair Iarúsailéim mar áitreabh dó go brách.

16 Nárbh aoibhinn dom dá dtarlódh sé d'fhuíoll mo shleachta, do ghlóir a fheiceáil agus buíochas a ghabháil do Rí na bhFlaitheas. Déanfar geataí Iarúsailéim de shaifír agus de smaragaid, agus do bhallaí uile de chlocha lómhara. Is d'ór a thógfar túir Iarúsailéim agus d'ór glan a cuid forbhallaí.

17 Pábhálfar sráideanna Iarúsailéim le rúibíní agus le clocha bua ó Óifír.

18 Canfaidh geataí Iarúsailéim amhráin áthais, agus déarfaidh a tithe go léir: Alleluia! Moladh go deo le Dia Iosrael! Ós eisean a chuir rath agus bláth orthu, molfaidh siad a ainm naofa go brach agus choíche.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí