Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Tóibít 11 - An Bíobla Naofa 1981


An Turas Abhaile

1 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Chasairín, baile atá ar aghaidh Nínivé amach,

2 dúirt Rafael: “Is eol duit an bhail a bhí ar d'athair nuair a d'fhágamar é.

3 Brostaímis linn ar aghaidh roimh do bhean chéile chun an teach a ullmhú fad a bheidh an chuid eile den chuideachta ag teacht inár ndiaidh.”

4 Ghluais an bheirt acu ar aghaidh, mar sin, le chéile agus dúirt Rafael le Tóibias: “Beir leat domlas an éisc.” Agus bhí an gadhar ag rith lena sála.

5 Idir an dá linn bhí Anna ina suí agus í ag faire an bhóthair a ghabhfadh a mac abhaile.

6 Chonaic sí uaithi é ag teacht agus dúirt sí leis an athair: “Seo chugainn do mhac agus a chomhthaistealaí.”

7 Dúirt Rafael le Tóibias sular tháinig sé fad lena athair: “Tá a fhios agam go n‑osclófar a shúile.

8 Smear a shúile le domlas an éisc; crapfaidh an t‑ungadh seo an screamh bhán agus tosóidh sí ag scamhadh dá shúile. Tiocfaidh a radharc do d'athair arís agus feicfidh sé an solas.”


Leigheastar Súile Thóibít

9 Ansin rith Anna chun tosaigh agus chaith sí í féin ar bhráid a mic agus dúirt sí leis: “Ní miste liom bás a fháil anois, a mhic, mar táim tar éis tú a fheiceáil arís.” Agus rinne sí gol.

10 D'éirigh Tóibít ina sheasamh ansin agus tháinig sé doras an chlóis amach agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh.

11 Shiúil Tóibias suas chuige agus domlas an éisc ina láimh aige. Shéid sé isteach ina shúile; rug greim air agus dúirt: “Múscail do mhisneach, a athair!”

12 Ansin chuir sé an t‑ungadh air agus chuimil sé isteach é agus ag tosú dó ag cúinní a shúl bhain sé an screamh bhán díobh lena dhá láimh.

13 Chaith a athair é féin ar a bhráid

14 agus rinne sé gol agus dúirt: “Feicim thú, a mhic, a sholas mo shúl!” Lean sé air: “Moladh go deo le Dia! Moladh lena ainm mór! Moladh lena aingil naofa go léir! Go gcumhdaí a ainm mór sinn agus go moltar a chuid aingeal go léir go brách agus choíche.

15 Óir bíodh is gur thug sé sciúrsáil dom, feicim mo mhac, Tóibias, anois.” Chuaigh Tóibias isteach ansin agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé in ard a ghutha. D'inis sé dá athair gur éirígh thar barr lena thuras; go raibh sé tar éis an t‑airgead a fháil agus Sárá, iníon Raguéil, a phósadh agus nárbh fhada go dtiocfadh sise i láthair mar go raibh sí an-ghairid do gheata Nínivé cheana féin.

16 Amach le Tóibít féin ar an toirt go dtí geata Nínivé chun bualadh le bean chéile a mhic agus é lán d'áthas agus ag moladh Dé. Tháinig ionadh ar mhuintir Nínivé nuair a chonaic siad é ag gabháil go beo bríomhar tríd an gcathair agus gan aon duine á threorú.

17 Thug Tóibít buíochas do Dhia os a gcomhair go léir de bhrí go ndearna sé trócaire air agus gur oscail sé a shúile. Nuair a tháinig sé i ngar do Shárá, bean chéile a mhic, Tóibias, bheannaigh sé di, á rá: “Céad míle fáilte romhat, a iníon! Moladh go deo le do Dhia a sheol chugainn thú, a iníon! Beannacht Dé ar d'athair agus ar mo mhac, Tóibias, agus ort féin, a iníon! Tar isteach i do theach féin; go bhfága Dia do shláinte agat agus go raibh rath agus lúcháir ort de shíor; isteach leat, a iníon ó!” Ba mhór ar fad an t‑áthas a cuireadh ar na Giúdaigh a bhí i Nínivé an lá sin.

18 Tháinig a chol ceathracha Aichícheár agus Nadáb 19 ag déanamh gairdis i gcuideachta Thóibít chomh maith.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí