Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Síorach 5 - An Bíobla Naofa 1981


Saibhreas

1 Ná bíodh do chroí i do chuid maoine, agus ná habair: “Fágann seo beag beann ar gach duine mé.”

2 Ná géill do do dhrochchlaonta ná do do neart, agus ná déan beart de réir ainmhianta do chroí.

3 Ná habair: “Cén duine a mbeidh údarás aige ormsa?” óir imreoidh an Tiarna díoltas ort go cinnte.

4 Ná habair: “Pheacaigh mé! Ach céard a tharla dom dá dheasca?” mar is foighneach é an Tiarna.

5 Ná bí baothdhochasach i dtaobh an mhaithiúnais sa tslí go ndéanann tú peaca ar pheaca.

6 Ná habair: “Is mór í a thrócaire; maithfidh sé mo pheacaí go léir dom”; óir tá idir thrócaire agus fhearg ag baint leis agus luíonn a chuthach go trom ar na peacaigh.

7 Iompaigh chun an Tiarna gan a thuilleadh moille, ná cuir ar cairde é ó lá go lá; óir tiocfaidh racht feirge ar an Tiarna go tobann, agus díothófar tú go hiomlán lá an díoltais.

8 Ná bíodh do chroí casta agat i maoin choiriúil, óír ní rachaidh sí chun tairbhe duit lá na tubaiste.


Ionracas

9 Ná déan do chaitheadh le gach gaoth, agus ná siúil ar gach casán, (sin é nós an pheacaigh chalaoisigh).

10 Bí seasmhach i do aigne, agus bíodh do bhriathar gan ghuagacht.

11 Tabhair cluas go pras le héisteacht, agus freagair go fadaraíonach.

12 Má thuigeann tú an scéal, tabhair freagra ar do chomharsa; mura dtuigeann, cuir do lámh thar do bhéal.

13 Tagann glóir agus aithis ón gcaint, agus bíonn a theanga ina cheap tuisle ag an duine.

14 Ná bíodh cáil an chúlchainteora ort, agus ná bíodh do theanga ar tinneall mar ghaiste agat; óir bíonn an naire i ndán don ghadaí, agus daorbhreith throm don chalaoiseach.

15 Seachain an t‑ainbheart sa bheag agus sa mhór, agus ná déantar namhaid díot in áit a bheith i do chara;

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí