Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 44 - An Bíobla Naofa 1981I Stair na bPatrarc 1 Molaimis anois fir chailiúla, na sinsir a bhí againn ó aois go haois. 2 [Thug] an Tiarna glóir mhór dóibh; tríothu a d'fhoilsigh sé a mhórgacht riamh anall. 3 Bhí ardfhlaitheas ag cuid acu ar a ríochtaí agus thuill siad clú de bharr a gcumais; bhí comhairleoirí críonna ina measc freisin, a thug oracail fháidhiúla uathu, 4 Agus fir a thug treoir don phobal lena moltaí, de thoradh a dtuisceana ar léann a muintire, agus le briathra ciallmhara a dteagaisc. 5 Bhí cuid acu ina gcumadóirí ceolta binne, agus bhreacaidís laoithe ar phár. 6 Fir shaibhre chumhachtacha ab ea cuid eile fós acu, a chaith a saol go síochánta ina n‑áitribh féin. 7 Thugadh lucht a gcomhaimsire ómós do na fir seo uile, agus ba mhór é a gclú lena ré. 8 D'fhág cuid acu dea-cháil ina ndiaidh, sa chaoi go moltar go haer iad go fóill. 9 Tá daoine eile ann, áfach, nach bhfuil aon chuimhne orthu anois, a chuaigh ar ceal faoi mar nach mbeidís riamh ann; tá siad faoi mar nár rugadh riamh iad agus is é an dála céanna é ag a gclann ina ndiaidh. 10 Ach fir dhiaganta ab ea na fir seo leanas, nach ndearnadh dearmad ar a ndea-oibreacha riamh. 11 Mairfidh a gconách ag a sliocht, agus a n‑oidhreacht [ag sliocht a sleachta]. 12 Seasann a sliocht leis na conarthaí, agus, a bhuíochas orthu, cloíonn sliocht a sleachta leo chomh maith. 13 Mairfidh a sliocht go brách, agus ní thiocfaidh meath ar a nglóir. 14 Cuireadh a gcoirp faoi shuan san úir, ach maireann a gcáil ó ghlúin go glúin. 15 Fógróidh na ciníocha a gcuid eagnaíochta, agus déanfaidh an comhthionól iad a mholadh go hard. 16 Bhí gnaoi an Tiarna ar Eineoc agus tógadh in airde é, sampla aithrí do na glúine go léir. 17 Fuarthas Naoi foirfe gan cháim; in uain na feirge rinneadh de an [ceap]; trídsean a caomhnaíodh iarmhar ar talamh nuair a tháinig an díle. 18 Rinneadh conarthaí síoraí leis, nach scriosfaí an uile fheoil le díle go brách arís. 19 Ba athair mhórán ciníocha é Abrahám, agus ní bhfuarthas aon duine mar é i nglóir. 20 Chomhlíon sé dlí an té is Airde, agus chuaigh i gceangal conartha leis; dhaingnigh sé an conradh ina fheoil féin, agus nuair a promhadh é, chruthaigh sé dílis. 21 Uime sin gheall an Tiarna de bhrí na mionn go mbeannófaí na ciníocha ina shíol; go gcuirfeadh sé an rath air mar luaithreach na talún, go mórfadh sé a shliocht dála na réaltaí, go dtabharfadh sé an talamh mar oidhreacht dóibh ó mhuir go muir, agus ón abhainn go críocha na cruinne. 22 Thug sé an gheallúint chéanna d'Íosác, ar son a athar Abrahám. 23 Chuir sé beannacht an uile dhuine agus an conradh ag lonnú ar cheann Iacóib; thug sé aitheantas dó lena bheannachtaí, agus thug dó [an talamh] mar oidhreacht; roinn sé é ina chodanna, agus dháil sé é ar an dá threibh déag. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart