Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 43 - An Bíobla Naofa 1981Sa Spéir 1 Maise na firmiminte stua lonrach neimhe, dealramh na spéire ag taitneamh go glórmhar. 2 Ag éirí di fógraíonn an ghrian ag cur chun bealaigh: “Is iontach an t‑éacht é saothar an té is Airde!” 3 Um mheán lae loisceann sí an talamh, agus cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh a bladhma. 4 Ní mór don té atá ag freastal ar shorn oibriú i dteas loiscneach, ach dónn an ghrian na sléibhte a thrí oiread sin; séideann sí soinneáin tine, agus dallann sí na súile le gathanna geala. 5 Is mór é an Tiarna a rinne í, agus siúd ar a cúrsa í le hordú uaidh. 6 Rinne sé an ghealach freisin, nach ndéanann faillí ar a trátha, leis na míonna a mharcáil agus le bheith ina comhartha síoraí. 7 An ghealach, an lóchrann a théann ar gcúl tar éis a láin, is í is comhartha do na féilte. 8 Is uaithi a fhaigheann an mhí a hainm [san Eabhrais], agus is éachtach mar a thagann inti ina réim; brat sluaite na spéire í, agus í ag taitneamh i stua na spéire. 9 Glóir na réaltaí maise neimhe, cóiriú glioscarnach in arda an Tiarna. 10 Trí bhriathra an Neach Naofa, seasann siad mar a ordaíodh; ní dhéanann siad choíche faillí ina bhfaire. 11 Féach an bogha sine, agus mol an té a rinne é; is ró-alainn é le barr gile. 12 Gabhann a stua glórmhar trasna na spéire; lámha an té is Airde is iad a tharraing é. Ar Talamh 13 Seolann sé an sneachta le hordú a bhéil agus brostaíonn sé tintreacha a bhreithiúnais. 14 Bíonn a stórais ar leathadh ar an gcuma chéanna agus eitlíonn na scamaill leo ar nós na n‑éan. 15 Déanann sé na scamaill a chruachadh le teann nirt, agus bristear na clocha sneachta ina smidiríní. 16 Critheann na sléibhte arna fheiceáil, agus séideann an ghaoth aneas le hordú uaidh. 17 Cuireann búirtheach a thoirní scáth ar an talamh, agus is é an scéal céanna é ag an stoirm aduaidh agus ag an gcamfheothan; 18 Scaipeann sé an sneachta ar nós na n‑éan ag tuirlingt, agus anuas leis ar nós na lócaistí ag titim; déanann an tsúil ionadh de mhaise a ghile, agus cuireann sé alltacht ar an gcroí ag titim. 19 Caitheann sé an sioc liath ar an talamh dála an ghainimh, agus nuair a reonn sé bíonn bior air mar dhealg. 20 Séideann an ghaoth fhuar aduaidh, agus leathann an sioc ar an uisce; luíonn sé ar gach linn uisce, agus cuireann an t‑uisce uime é mar lúireach. 21 Slugann sé na sléibhte agus loisceann an díthreabh; agus feonn sé na fáis mar a dhéanfadh tine. 22 Is gearr an mhoill ar an gceo gach ní a leigheas, agus nuair a thagann an drúcht cneasaíonn sé deasca an bhrothaill. 23 Le barr gliocais cheansaigh sé an duibheagán, agus phlandaigh oileáin air. 24 Déanann lucht seolta ar muir cur síos ar a gábha, agus líonann a dtuairiscí ár gcluasa le hiontas. 25 Mar tá iontais agus éachtaí inti, gach sórt ainmhí agus míola móra mara. 26 Is dá bharr a bhíonn [gach ní ina cheart], agus trína bhriathar a chothaítear gach ní. 27 Fág go ndéarfaimis a lán, ní bheadh deireadh fós ráite; lena chur i mbeagán focal: “Eisean an t‑iomlán.” 28 Cá bhfaighimid neart lena mholadh? Mar is mó é ná a oibreacha go léir. 29 Is scanrúil é an Tiarna agus is ábhalmhór; agus is éachtach í a chumhacht. 30 Molaigí an Tiarna, agus móraigí é, go barr bhur gcumais, ach sáróidh sé fiú an méid sin; déanaigí bhur ndícheall á mhóradh; ná tagadh tuirse oraibh, mar ní bheidh deireadh agaibh choíche. 31 Cé chonaic é le tuairisc a thabhairt air? Cé ar féidir dó é a ghlóiriú mar is dual? 32 Is iomaí rúndiamhar is mó fós atá i bhfolach, mar ní fhacamar ach beagán dá oibreacha. 33 Mar rinne an Tiarna féin an uile ní agus thug sé eagna do na fíréin. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart