Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Síorach 38 - An Bíobla Naofa 1981


Leigheas agus Tinneas

1 Tabhair onóir don lia leis an onóir is dual dó de réir do ghá leis, mar is é an Tiarna a chruthaigh é.

2 Ón Té is Airde a thagann an leigheas, agus [is ionann é agus] tabhartas ón rí.

3 Tugann a ealaín ardú cinn don lia agus déantar iontas de i láthair na bhflatha.

4 Chum an Tiarna cógais as an gcré, agus ní bheidh drochmheas ag an eagnaí orthu.

5 Nach ndearna craobh de chrann uisce milis tráth, rud a chruthaigh a neart.

6 Thug sé ealaín do dhaoine, le go ndéanfaidís é a mhóradh ina éachtaí.

7 Leigheasann sé agus tógann an phian chun siúil le cabhair na gcógas; déanann an poitigéir oideas astu.

8 Ní bheidh clabhsúr go deo lena bhearta, agus leathann an tsláinte uaidh amach ar aghaidh na talún.

9 Nuair a bhíonn tú tinn, a mhic ó, na tagadh drochmhisneach ort; ach guigh chun an Tiarna agus leigheasfaidh sé thú.

10 Scoir de do lochtaí agus ná claon do ghéaga; glan do chroí ó gach peaca.

11 Ofráil túis agus cuimhneachán de mhin mhín, agus doirt ola ar d'íobairt de réir d'acmhainne.

12 Ansin fág faoin lia é, mar sé an Tiarna a chruthaigh é, agus ná himíodh sé uait óir tá gá agat leis.

13 Uaireanta is leo a bhíonn an séan,

14 Mar guífidh siadsan freisin chun an Tiarna, le go gcuirfeadh sé faoiseamh ar a gcumas, agus leigheas leis an mbeatha a chaomhnú.

15 An té a pheacaíonn i láthair a chruthaitheora, go dtite sé faoi chúram lia.


Caoineadh

16 Titeadh de dheora, a mhic ó, ar son an mhairbh, agus cuir ceann ar an gcaoineadh lena thaispeáint gur goirt é do chumha; cuir a chorp faoi chlár leis an ómós is dual dó, agus ná déan faillí ina uaigh.

17 Bíodh do ghol go goirt agus d'olagón géar; comhlíon an caoineadh mar is dual don mharbh, ar feadh lae nó dhó le heagla casaoide, agus ansin glac le sólás de bharr do bhróin;

18 Óir d'fhéadfadh bás a theacht ón mbrón, agus cuireann brón an chroí as don neart.

19 Maireann brón leis an donas agus goilleann saol ainnis ar an gcroí.

20 Ná scaoil an dólás isteach i do chroi, ach tiomáin chun siúil é, ag cuimhneamh duit ar do chríocha déanacha.

21 Ná déan dearmad de nach bhfuil filleadh i ndán; ní fhóireann tú ar an marbh, agus déanann tú díobháil duit féin.

22 “Cuimhnigh ar mo chinniúint; is mar sin a bheidh i do chás féin; inné mise, inniu tusa.”

23 Nuair a théann an marbh chun suain téadh a chuimhneachán chun suain chomh maith; glac le sólás ina thaobh nuair a imíonn an dé as.


Slite Beatha

24 Tá eagna an scríobhaí ag brath ar shaoire ó obair; an té atá ar bheagán cúraim, éireoidh sé eagnaí.

25 Conas a d'éireodh fear an chéachta eagnaí, agus gurb é sá an bhroid a ábhar maite, go seolann sé ba agus go mbíonn sé gafa ina mbun, agus gur eallach amháin a ábhar cainte?

26 Bíonn a chroí dírithe ar scríoba a threabhadh, agus é gafa le beathú a chuid beithíoch.

27 Mar an gcéanna le gach ceardaí agus máistir ceirde; bíonn sé ag obair leis de lá agus d'oíche; lucht greanta séalaí, bíonn gach duine díobh cíocrach chun gréasáin nua a cheapadh; caitheann sé a dhúthracht ag tarraingt íomhá beoga, agus sé a chúram an clabhsúr a chur ar a shaothar.

28 Sé an dála céanna é ag an ngabha ina shuí le hais a inneona, agus é díograiseach i mbun saothar iarainn; déanann an gal ón tine a chneas a ghríosadh, agus bíonn sé ag broic le teas ón sorn; tugann sé cluas do cheol an chasúir, agus a shúile ar ghréasán a shaothair; bíonn a chroí socair ar chlabhsúr a chur ar a chuid oibre, agus é cáiréiseach á maisiú go beacht.

29 Sé an dála céanna é ag an gcriadóir ina shuí le hais a shaothair, é ag casadh an rotha lena chosa, agus é gafa ar fad lena chuid oibre, agus gach rud a dhéanann sé tomhaiste go cruinn.

30 Brúnn sé an chré lena láimh, agus pasálann sé í faoina chosa; caitheann sé a dhúthracht le líomhadh agus snas, agus bíonn sé cáiréiseach ag glanadh an tsoirn.

31 Chuir siad seo go léir a muinín ina lámha, agus tá gach duine díobh oilte ina ghnó féin.

32 Gan iad, ní thógfaí cathair, ní bheadh áitreabh ná cónaí.

33 Ní bhítear á lorg ámh do chomhairle an phobail, ná ní bhíonn gradam acu sa chomhthionól; ní shuíonn siad i suí an bhreithiúnais, ná ní thuigeann siad breith na cúirte.

34 Ní bhíonn bua léinn ná breithiúnais acu, ná ní bhfaightear iad ag nathaireacht; ach is iad a dhaingníonn an chruinne ché, agus bíonn a nguí ag plé le cleachtadh a gceirde.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí