Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Síorach 37 - An Bíobla Naofa 1981


Cairde agus Comhairleoirí

1 Déarfaidh gach cara: “Is cara mise chomh maith,” ach is cairde béil amháin cairde áirithe.

2 Nach dólás maraitheach é nuair a dhéanann namhaid de chompánach agus de chara?

3 A mheanma urchóideach cén fáth ar ceapadh thú leis an tír a chlúdach le brat calaoise?

4 Baineann comrádaí áirithe suáilceas as sonas a charad, ach in am a thrioblóide, iompóidh sé ina aghaidh.

5 Cabhraíonn comrádaí áirithe le cara ar son a ghoile, agus nuair a bhagraíonn an cath, tógann sé chuige a sciath.

6 Ná déan dearmad ar chara i do chroí istigh agus ná caith as do cheann é nuair a éiríonn tú saibhir.

7 Beidh comhairle le tabhairt ag gach comhairleoir, ach ar mhaithe leo féin a thugann cuid acu é.

8 Bí ar d'fhaire leis an gcomhairleoir, agus faigh amach ar dtús cad tá ar na bioráin aige le heagla go bhfaigheadh sé an buntáiste ort - mar beidh sé ag tochras ar a cheirtlín féin.

9 Agus go ndéarfadh sé: “Tá tú ar an mbóthar ceart,” agus go seasfadh sé i leataobh ansin féachaint cad a éireoidh duit.

10 Ná glac comhairle ón té a thugann súil mhuice ort, agus ceil do ghnó ar lucht d'éada.

11 Ná glac comhairle mná faoina comhshuiríoch, ná comhairle meatacháin faoi chogadh, ná ceannaí faoi mhargadh, ná ceannaitheora faoi dhíol, ná fir dhoichill faoi bhuíochas, ná fir gan trócaire faoi chneastacht, ná fir dhíomhaoin faoi aon obair ná fir thuarastail bhliana faoi chlabhsúr, ná daoráin leisciúil faoi bheartas mór, - ná bí ag brath orthusan faoi aon chomhairle.

12 Téigh i gcónaí i muinín fhir fhíréanta, is eol duit a chomhlíonann na haitheanta, a bhfuil a mheon de réir do mheoin féin, agus a dhéanfaidh comhbhrón leat má theipeann ort.

13 Seas le comhairle do chroí féin, óir níl sárú air le dílse duit.

14 Mar is minic gur fearr anam duine a theagasc ná seachtar fear faire suite go hard ar thúr faire.

15 Agus seachas é sin go léir, iarr ar an té is Airde do chéimeanna a threorú i mbealach na fírinne.


An Eagna agus an Mheasarthacht

16 Tús gach saothair an réasún, agus téann comhairle roimh gach beart.

17 [Tá fréamhacha] na smaointe go doimhin sa chroí agus sceitheann siad ceithre géaga -

18 An mhaith agus an t‑olc, an bheatha agus an bás, agus is í an teanga is máistreás orthu i gcónaí.

19 D'fhéadfadh fear a bheith ildánach agus mórán a oiliúint ach a bheith neamhthairbheach dó féin.

20 D'fhéadfadh fuath a bheith d'fhear na bhfocal cliste; fágfar ar an ngannchúis bia é.

21 Óir níor ghnóthaigh sé gnaoi an Tiarna, mar tá an eagna in easnamh go hiomlán air.

22 D'fhéadfadh duine a bheith eagnaí de réir a thuairime féin, agus fómhar a chríonnachta a bheith iontaofa ar bhreith a bhéil féin.

23 Déanfaidh an fear eagnaí a phobal féin a theagasc, agus beidh fomhar a chríonnachta iontaofa.

24 Líonfar an t‑eagnaí le beannachtaí, agus déarfaidh an mhuintir a fheicfidh é gur méanar dó.

25 Déantar saol an duine a ríomh ina laethanta, ach níl áireamh ar laethanta Iarúsailéim.

26 Tuillfidh an t‑eagnaí iontaoibh i measc a phobail, agus mairfidh a ainm go brách.

27 A mhic, déan promhadh ar do ghoile i gcaitheamh do shaoil, agus féach cad a ghoilleann air, agus ná tabhair dó é;

28 Mar ní hé gach aon ní a oireann do gach duine, agus ní thaitníonn gach ní le gach aon duine.

29 Ná bíodh dúil mhallaithe agat in aon sólas, agus ná bí miangasach.

30 Leanann póit breis bia, agus tagann masmas de bharr craois.

31 Is iomaí duine a fuair bás den chraos, agus cuirfidh an té a sheachnaíonn é fad lena shaol.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí