Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 34 - An Bíobla Naofa 1981Brionglóidí 1 Leis an daoi a bhaineann dóchas folamh bréagach; cuireann brionglóidí sceitimíní ar ghliogairí. 2 Is cuma muinín a chur i mbrionglóidí nó greim a bhreith ar scáileanna nó rith i ndiaidh na gaoithe. 3 Is mar a chéile brionglóid [agus scathán], cosúlacht na gceannaithe os comhair na gceannaithe; 4 Cad a ghlanfar trí mhíghlaine? Cad a fhíorófar trí bhréag? 5 Níl in asarlaíocht, i dtuartha, agus i mbrionglóidí, ach baois, mar speabhraídí mná in íona. 6 Mura seoltar iad mar fhiosrú ón Té is Airde, ná tabhair aird ar bith orthu. 7 Is iomaí duine a mheall brionglóidí, agus theip orthu siúd a chuir a muinín iontu. 8 Comhlíonfar an dlí gan bhréagaireacht, agus is é béal na fírinne a chuireann barr maise ar an eagna. Taisteal 9 Bíonn a lán ar eolas ag fear mórthaistil, agus labhróidh fear na mórthaithí go ciallmhar. 10 Is beag a bhíonn ar eolas ag an duine gan taithí, ach an té a rinne taisteal bíonn sé ildánach. 11 Is iomaí rud a chonaic mé ar mo chamchuarda, agus fuair mé tuiscint thar mar a fhéadaim a chur i bhfocail. 12 Is minic a bhí mé i mbaol m'anama, ach tháinig mé slán dá mbarr siúd. 13 Mairfidh spiorad lucht eagla an Tiarna, mar tá a ndóchas sa té a fhuasclóidh iad. 14 An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, ní bheidh sé cúthail; ní bheidh drochmhisneach air, mar gurb eisean a dhóchas. 15 Is méanar do mheanma an té ar a bhfuil eagla an Tiarna; cé air a bhfuil sé ag brath? cé is taca dó? 16 Tá súile an Tiarna orthu siúd a thugann grá dó; Is dídean thréan é agus teannta láidir; is fothain é ón ngaoth the agus scáth ó ghrian an mheanlae, is cosaint é ar an mbarrthuisle agus lámh chunta in aghaidh titim. 17 Ardaíonn sé an t‑anam agus tugann solas do na súile; bronnann sé leigheas agus beatha agus beannacht. Íobairtí agus an Dlí 18 Muga maga is ea íobairt d'ofráil a fuarthas go héagórach; ní dual glacadh le bronntanas na gcoirpeach. 19 Ní gean leis an Té is Airde ofrálacha na n‑éagráifeach, agus ní dhéanann raidhse ofrálacha leorghníomh leis i bpeacaí. 20 Is cuma nó mac a bhású os comhair súile a athar, íobairt a ofráil as cuid na mbocht. 21 Beagán bia is beatha don bhocht, agus an té a thógann chun siúil é, is lámh dhearg é. 22 An té a bhaineann a shlí bheatha dá chomharsa, maraíonn sé é; an té a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann sé fuil. 23 Má thógann duine ach go leagann duine eile, cad a bhíonn dá bharr acu ach a dhua? 24 Má ghuíonn duine ach go mallaíonn duine eile, cén glór lena n‑éistfidh an máistir? 25 Má níonn duine é féin tar éis baint le corpán, ach go mbaineann sé leis arís, cad a bhíonn aige de bharr a ionlaithe? 26 Sé an dála céanna é ag an té a dhéanann troscadh ar son a pheacaí, má imíonn sé agus na peacaí céanna a dhéanamh arís, cé thabharfaidh cluas dá ghuí, agus cad a bheidh aige de bharr a umhlaithe? |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart