Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 32 - An Bíobla Naofa 19811 An ndearnadar ceannaire díot? Ná tagadh éirí in airde ort; Iompair thú féin ina measc mar dhuine díobh féin; tabhair aire dóibh, agus ansin bí i do shuí. 2 Nuair a bheidh do chúraimí déanta agat, suigh agus bí meidhreach dá mbarr, agus faigh coróin ar son do chumas ceannais. 3 Labhair, a sheanóir, óir oireann sin duit; ach déan amhlaidh le cruinneas cainte gan cur isteach ar an gceol. 4 Má bhíonn siamsa ann, ná bí ag caint gan stad, agus ná bí ag saíocht in antráth. 5 Séala carmhogail ar leaba óir, is ea coirm cheoil ag fleá fíona. 6 Séala smaragaide ar leaba luachmhar óir is ea streancán ceoil le fíon fónta. 7 Labhair a ógánaigh, más gá duit, ach gan thar dhá uair, agus má chuirtear ceist chugat. 8 Labhair go cruinn agus abair mórán i mbeagán focal; bíodh gothaí an eolais ort, ach gan fonn cainte ort. 9 I measc na gceannasach, ná hiompair thú féin mar dhuine díobh; agus ná bí ag giofaireacht agus duine eile ag caint. 10 Gabhann an splanc roimh an toirneach agus gabhann gnaoi roimh fhear modhúil. 11 Éirigh chun imeacht in am, agus ná bí ar deireadh; brostaigh abhaile agus ná bí ag déanamh moille. 12 Bain spraoi as ansiúd agus déan mar is mian leat féin, ach ná peacaigh le barr díomas teanga. 13 Beannaigh ar a shon sin uile an té a rinne thú, agus a shásaíonn thú lena nithe fónta. Eagla Dé 14 An té arb eagal leis an Tiarna, glacfaidh sé lena smacht; beidh a ghnaoi ar an muintir a bhíonn á thóraíocht le díograis. 15 An té a bhíonn ag tóraíocht an dlí, sásóidh sé é; ach beidh sé ina cheap tuisle ag an bhfimíneach. 16 An mhuintir ar a bhfuil eagla an Tiarna, beidh siad saorbhreathach, agus déanfaidh siad dea-ghníomhartha a spreagadh mar a dhéanfadh lóchrann. 17 Seachnaíonn an peacach an chasaoid, agus bíonn leithscéal aige chun déanamh mar is áil leis. 18 Ní dhéanfaidh an fear stuama neamhaird d'aon tuairim; agus ní bheidh an duine díomasach [aindiagaithe] ag cúbadh chuige le heagla. 19 Ná tabhair léim caorach i nduibheagán, agus ná bíodh mairg tar éis birt ort. 20 Ná tabhair conair phriaclach ort féin, le heagla go mbainfeadh clocha tuisle asat. 21 Ná bíodh an iomad muiníne agat ar chonair réidh. 22 Bí ag faire amach do do chlann féin. 23 Seachain thú féin i ngach beart, mar is é sin is comhlíonadh na n‑aitheanta ann. 24 An té a chuireann a mhuinín sa dlí, tugann sé aird ar na haitheanta; an té a bfuil iontaoibh aige as an Tiarna, ní bheidh thiar air. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart