Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 31 - An Bíobla Naofa 1981Saibhreas 1 Neamhchodladh an tsaibhris, déanann sé an cholainn a chnaí; agus cuireann an imní a ghabhann leis an codladh ar fán. 2 Cuireann imní an lae as do chodladh na hoíche, agus cuireann breoiteacht throm an teitheadh ar an gcodladh. 3 Bíonn saothar ar an saibhir ag cnuasach a stóir, agus nuair ligeann sé a scíth líonann sé a pheains le sólais. 4 Bíonn saothar ar an daibhir agus a chuid ag leá, agus nuair a ligeann sé a scíth buaileann an ghannchúis é. 5 An té a thugann grá don ór, ní fhíréanófar é, agus an té a théann sa tóir ar an airgead, cuirfidh sé amú é. 6 Is iomaí duine a scriosadh de bharr an óir, cé go raibh an tubaiste os comhair a súl. 7 Is gaiste é dá bhóidíní, agus gabhfar gach amadán ann. 8 Is méanar don duine saibhir a gheofar gan locht, agus nach dtéann sa tóir ar an ór. 9 Cé hé féin? agus déanfaimid gairdeas leis, mar rinne sé nithe iontacha i measc a phobail. 10 Cé a d'fhéad peaca a dhéanamh agus nach ndearna, agus olc a dhéanamh agus nach ndearna? 11 Cuirfear bonn daingean faoina chonách, agus comórfaidh an comhthionól go léir a dhéirc. Fleá Fíon agus Féasta 12 Ar bhuail tú fút ag bord flaithiúil? ná bíodh craos ort chuige, agus ná habair: “Cad é bia atá air!” 13 Cuimhnigh gurb olc an rud í súil na dúile, ar cruthaíodh aon ní is miangasaí na í? Uime sin tugann sí na deora ar gach grua. 14 Ná sín do lámh chun gach a bhfeicfidh tú, agus ná bí ag trasnaíl [ar do chomharsa] chun na méise. 15 Tabhair do bhreith ar do chomharsa de réir do cháis féin, agus bí tuisceanach i ngach cúram. 16 Ith a gcuirtear romhat mar a dhéanfadh duine [ar a bhfuil tabhairt suas]; ná bí ag cogaint go cíocrach d'fhonn nach mbeadh an ghráin ort. 17 Bí ar an gcéad duine a stadfaidh den bhia le barr deabhéas; ná bí doshásta nó tabharfaidh tú masla. 18 Má bhíonn tú suite le comhluadar ná sín do lámh rompu. 19 Nach beag é dóthain an duine dea-thógtha! ní bhíonn giorranáil air nuair a luíonn sé ar a leaba. 20 Tá codladh na sláinte ag brath ar ghoile tomhaiste; bíonn an mochóirí chomh folláin le breac. Bíonn neamhchodladh, masmas, agus póit i ndán don sutha. 21 Má itheann tú breis, éirígh ón mbord, [caith suas é] agus gheobhaidh tú faoiseamh. 22 Éist liom a mhic, agus tabhair aird orm, agus ar deireadh tuigfidh tú mo chuid cainte. Bí broidiúil i mbun do ghnóthaí go léir agus ní bhfaighidh easláinte greim ort. 23 Molfaidh daoine an té atá fial faoi bhia; agus is iontaofa an teist a thabharfaidh siad ar a fhéile. 24 An té atá sprionlaithe faoi bhia, beidh sé i mbéal gach aon duine sa chathair, agus is cruinn an teist a thabharfaidh siad ar a sprionlaitheacht. 25 Ná bí i do ghaiscíoch i mbun fíona, mar is iomaí duine a scrios an fíon. 26 Déanann tine agus uisce an crua a phromhadh; ar an tslí chéanna déanann an fíon croíthe a phromhadh in aighneas na ndíomasach. 27 Is cuma nó beatha don duine an fíon ach é a ól go tomhaiste. Cad is fiú saol gan fíon? cruthaíodh é le lúcháir a chur ar dhaoine. 28 Cuireann fíon áthas ar an gcroí agus lúcháir ar an aigne ach é a ól san am ceart agus sa tomhas ceart. 29 Má óltar breis de, nó má oltar é le barr drochmhianaigh nó teaspaigh, beidh crá croí dá chionn. 30 Borrann cuthach an amadáin le teann meisce agus bíonn sé féin thíos leis, mar go mbaineann an meisce óna neart ach go spreagann buillí. 31 Ná bí ag cur ceartú ar do chomharsa ag fleá fíona, agus ná tabhair masla dó agus é go súgach; ná labhair go haithiseach leis agus ná ciap é le hiasacht a éileamh ar ais air. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart