Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Síorach 30 - An Bíobla Naofa 1981

1 An té a bhfuil grá aige dá mhac, tabharfaidh sé léasadh dó go minic, i dtreo go mbeidh sé ina lúcháir aige nuair a chuirfear i gcrích é.

2 An té a chuireann smacht ar a mhac, beidh a thairbhe aige, agus beidh sé ina ábhar maíte aige i measc a lucht aitheantais.

3 An té a thugann teagasc dá mhac, beidh a naimhde in éad leis, agus beidh sé mórtasach as i measc a chairde.

4 Fág go bhfaigheadh an t‑athair bás is geall le beo fós dó, mar fágann sé a fhinechruth ina dhiaidh.

5 Fad a mhair sé bhí sé de shólás aige radharc a bheith aige air, agus ag fáil bháis dó ní raibh aon mhairg air.

6 Fágann sé fear a imreoidh díoltas ar a naimhde, agus a íocfaidh an comhar lena chairde.

7 An té a dhéanann peata dá mhac, beidh sé ag cur bindealáin lena chréachtaí, agus beidh a chroí go dtí a bhéal le gach liú.

8 An capall nach mbristear, bíonn sé ceanndána, agus an mac gan smacht bíonn sé stuacach.

9 Bí ag peataireacht le do mhac, agus cuirfidh sé scanradh ort; bí ag súgradh leis, agus cuirfidh sé dólás ort.

10 Ná bí ag gáire leis chun nach mbeifeá ag gol leis, agus ar deireadh go mbeadh d'fhiacla ag gioscán.

11 Ná tabhair údarás dó ina óige, agus ná caoch súil ar a thuaiplisí.

12 [Crom a mhuineál agus é ina naíonán] agus buail a mhaotháin agus é óg d'fhonn nach n‑éireodh sé ceanndána agus bheith easumhal duit (agus brón a chur ar do chroí).

13 Cuir smacht ar do mhac agus lean air, d'fhonn nach dtabharfadh a mhínáire aithis duit.


Sláinte agus Aoibhneas

14 Is fearr as an bochtán ina shláinte agus ina neart, ná an duine saibhir atá á chrá ag drochshláinte.

15 Is fearr sláinte agus neart ná ór ar bith, agus colainn dhochaite ná maoin gan áireamh.

16 Is fearr sláinte choirp ná saibhreas ar bith, agus ní sháraíonn aon aoibhneas an croí suairc.

17 Is fearr an bás ná saol dona, agus suaimhneas síoraí ná breoiteacht bhuan.

18 Is cuma nithe maithe a chaitheamh le béal iata, nó ofrálacha bia a fhágáil ar uaigh.

19 Cén tairbhe d'íol ofráil torthaí? níl cumas ite ná bolaithe aige; is mar sin don té ar a luíonn an Tiarna.

20 Faigheann sé lán a shúl, agus bíonn ag cneadaíl dála an choillteáin a bhíonn ag cneadaíl agus é ag breith barróige ar mhaighdean.

21 Ná tabhair thú féin suas don bhrón agus ná bí do do chiapadh féin d'aonghnó.

22 Maireann an duine ar aoibhneas croí, agus is fad saoil dó an t‑áthas.

23 Cuir lúcháir ar d'aigne agus tabhair sólás do do chroí; cuir an ruaig i bhfad uait ar an mbrón, mar is iomaí duine a scrios an brón, agus ní aon tairbhe é d'aon duine.

24 Ciorraíonn an t‑éad agus an fhearg saol duine, agus déanann imní an tseanaois a bhrostú.

25 Fear croí éadroim agus fear croí mhóir, beidh [rian a choda] air.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí