Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 28 - An Bíobla Naofa 19811 An té a imríonn díoltas, imreoidh an Tiarna díoltas air, mar coinníonn sé cuntas cruinn ar a pheacaí. 2 Maith do do chomharsa an éagóir a dhéanann sé, agus nuair a dhéanfaidh tú guí, maithfear do pheacaí duit. 3 Má choimeádann duine olc istigh do dhuine eile, conas is féidir leis leigheas a lorg ar an Tiarna? 4 Mura ndéanann sé trócaire ar dhuine cosúil leis féin, conas is féidir leis maithiúnas a iarraidh ina pheacaí féin? 5 Níl ann féin ach feoil agus cothaíonn sé fuath; cé a mhaithfidh a pheacaí dó? 6 Cuimhnigh ar do chríoch dheireanach, agus scoir den fhuath; cuimhnigh ar an scrios agus an bás, agus mair de réir na n‑aitheanta. 7 Cuimhnigh ar na haitheanta agus ná bíodh olc agat do do chomharsa; cuimhnigh ar chonradh an Té is Airde, agus ná tóg ceann den aineolas. 8 Seachain an t‑achrann agus is lú peaca a dhéanfaidh tú: óir adhnann fear drochmhianaigh achrann. 9 Cothaíonn an fear peacúil aighneas idir cairde, agus síolann eascairdeas idir lucht síochána. 10 De réir meid an chonnaidh is ea a bheidh an béileach, agus de réir chruas an chomhraic a bheidh an bhladhm; de réir neart an fhir a bheidh a chuthach, agus méadóidh ar a fhearg, de réir a mhaoine. 11 Adhnann aighneas tobann tine, agus doirteann achrann mire fuil. 12 Séid an sméaróid, agus lasfaidh sí; caith seile uirthi agus múchfaidh sí; as do bhéal amach a thagann siad araon. An Teanga 13 Léan ar an gcúlchainteoir agus ar an gcladhaire; mar is iomaí duine de lucht na síochána a scrios sé. 14 Rinne an [tromaíocht] a lán a shuaitheadh, agus a scaipeadh ó náisiún go náisiún; scrios sí cathracha daingne, agus leag ar lár teaghlaigh na dtréan. 15 Thiomáin an [tromaíocht] mná cróga ar shiúl agus d fhág iad gan luach a saothair. 16 Ní bheidh suaimhneas ag an té a thabharfaidh cluas di; ná ní chuirfidh sé faoi go síochánta. 17 Fágann buille den lasc riasta, ach briseann léasadh teanga na cnámha. 18 Is iomaí duine a thit le faobhar claímh, ach is mó ná sin a thit le faobhar teanga. 19 Is méanar don té a díonadh uirthi, nár tháinig faoina cuthach, nár iompair a cuing, agus nár cuibhríodh faoina geimhle. 20 Óir is cuing iarainn a cuing agus is geimhle cré-umha a geimhle; 21 Anbhás an bás a imríonn sí, agus is fearr Seól ná í. 22 Ní bhfaighidh sí smacht ar na fíréin, ná ní dhófar iad ina tine. 23 An mhuintir a thréigfidh an Tiarna, titfidh siad inti; bladhmfaidh sí ina measc agus ní mhúchfar í; scaoilfear fúthu í mar a dhéanfaí leon, agus bascfaidh sí iad mar a dhéanfadh liopard. 24 Cuir fál droighin timpeall d fháltais, agus cuir do chuid airgid agus óir faoi ghlas i dtaisce. 25 Déan scálaí agus méa do do bhriathra, agus doras agus bolta do do bhéal. 26 Seachain agus ná déan peaca le [do theanga], le heagla go dtitfeá mar chreach leis an té atá i luíochán. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart