Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Síorach 21 - An Bíobla Naofa 1981


Peacaí

1 An ndearna tú peaca a mhic? Ná déan amhlaidh arís, ach bí ag guí faoina bhfuil déanta agat.

2 Teith ón bpeaca mar a dhéanfá ó nathair nimhe má théann tú ina ghaire, béarfaidh sé ort; tá a fhiacla mar fhiacla leoin, agus stollann siad an t‑anam as daoine.

3 Tá gach aindleathacht mar chlaíomh dhá fhaobhar, agus níl leigheas ar a créacht.

4 Déanann scanradh agus dásacht maoin a scriosadh; agus mar sin a scriosfar teach an uaibhrigh.

5 Téann guí an bhoicht óna bheola caol díreach go cluasa [Dé], agus tagann a bhreithiúnas gan mhoill.

6 An té ar fuath leis ceartú, siúlfaidh sé i rian an pheacaigh; ach an té arb eagal leis an Tiarna, déanfaidh sé aithrí ina chroí.

7 An té a bhfuil cumas teanga aige, tá aithne air i gcéin; ach tugann an duine tuisceanach faoi deara nuair a dhéanann sé dearmad.

8 An té a thógann a theach le hairgead daoine eile, is cuma é nó fear a bhailíonn clocha dá [thuama féin].

9 Is cuma comhthionól na gcoirpeach nó barrach ina charn; bladhm thine an chríoch a bheidh orthu.

10 Tá bealach na bpeacach slíoctha le clocha, ach ag a dheireadh tá cuithe Sheól.


Saoi agus Daoi

11 An té a choinníonn an dlí, beidh smacht aige ar a mhianta; sí an eagna buaic eagla an Tiarna.

12 An té atá gan éirim, ní féidir é a mhúineadh, ach tá éirim ann a mhéadaíonn an seirfean.

13 Rachaidh eolas an eagnaí i méid mar thuile, agus a chomhairle mar thobar beo.

14 Tá croí an amadáin mar chrúsca briste, agus ní fhanfaidh aon eolas ann.

15 Má chloiseann fear tuisceanach caint chiallmhar, molfaidh sé í agus cuirfidh sé léi; má chloiseann macnasaí í, ní thaitneoidh sí leis agus caithfidh sé laistiar dá dhroim í.

16 Tá tuairisc an amadáin mar ualach ar aistear, ach is solas é éisteacht le duine éirimiúil.

17 Beifear ag tnúth go géar sa chomhthionól le focail an duine chliste, agus déanfar a chuid cainte a mheá ó chroí.

18 Is cuma nó fothrach tí an eagna don daoi; agus níl in eolas an bhaotháin ach giofaireacht gan éifeacht.

19 Níl san oideachas don duine gan éirim, ach mar laincis faoina chosa, nó mar chuibhreach ar a láimh dheas.

20 Gáireann an t‑amadán in ard a ghutha, ach tagann meangadh gáire go réidh ar an duine stuama.

21 Is cuma nó ornáid óir an t‑oideachas don duine géarchúiseach, nó bráisléad ar a láimh dheas.

22 Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach, ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.

23 Bíonn an dúr ag gliúcaíl tríd an doras isteach ach seasann an duine múinte lasmuigh.

24 Mímhúineadh is ea a bheith ag cúléisteacht ag doras; chuirfeadh a leithéid náire ar dhuine tuisceanach.

25 Beidh focail daoine eile ar a mbéal [ag lucht na cúlchainte], déanfar focail lucht na tuisceana a mheá go cruinn.

26 Tá aigne na n‑amadán ina mbéal; agus tá smaointe na saoithe ar a mbeola.

27 Nuair a chuireann an t‑éagráifeach mallacht ar a [namhaid], cuireann sé mallacht ar a anam féin.

28 Déanann an béadánaí é féin a tháiriú, agus tugann a chomharsa fuath dó.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí