Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Síorach 20 - An Bíobla Naofa 1981


Tost

1 Tá an ceartú míthráthúil ann, agus an duine ciúin ann atá ciallmhar freisin.

2 Nach fearr go mór ceartú a dhéanamh ná fanacht i bhfearg! an té a admhaíonn a locht, cosnaítear ar an olc é.

3 (Nach breá é aithrí a dhéanamh go follas nuair a cheartaítear thú, mar ansin seachnóidh tú peaca d'aontoisc.)

4 Is geall le coillteán ag tnúth le maighdean a mhilleadh, an té a bhíonn ag cur a cháis in iúl le láimh láidir.

5 Bíonn duine ann a fhanann ina thost agus faigheann sé cáil na heagna; bíonn duine eile béalscaoilteach, agus tugtar fuath dó.

6 Fanann duine ina thost mar nach mbíonn freagra aige; fanann duine eile ina thost mar go mbíonn fios na faille aige.

7 Fanfaidh an saoi ina thost nó go dtaga a uain; ach an bladhgaire baoth, ní aimsíonn sé an uain cheart.

8 Beidh an ghráin ar an té a bhíonn róchainteach, agus tabharfar fuath don té a théann thar fóir le caint.


Seo agus Siúd

9 Bíonn duine ann ar a dtagann an rath agus é faoi bhráca; agus is féidir d'fháltas gan choinne dul chun dochair.

10 Bíonn tabhartas nach dtéann chun sochair, agus ceann eile ar a mbíonn toradh faoi dhó.

11 Bíonn dochar ann de bhíthin glóíre, agus bíonn daoine a fhaigheann ardú cinn ó lár na hainnise.

12 Bíonn fear ann a cheannaíonn a lán ar an mbeagán, ach a dhíolann as faoi seacht.

13 Tuilleann an saoi cion de bharr a chuid cainte, ach téann comaoin na ndaoithe amú.

14 Ní rachaidh tabhartas an amadáin chun tairbhe duit, óir tá mórchuid súl aige in áit an aoin.

15 Is beag a bhronnann sé ach is mór a cháineann; bíonn a chlab ar leathadh dála an challaire; tugann sé iasacht inniu, agus éilíonn í ar ais amárach; duine gránna a leithéid.

16 Déarfaidh an daoi: “Níl cara agam, agus níl aon bhuíochas orm de bharr mo dheabhearta;

17 An mhuintir a itheann [mo] chuid aráin, tá teanga shuarach acu”; nach iomaí duine a dhéanann fonóid faoi, agus nach minic!


Caint Bhaoth

18 Is fearr tuisle ar an tsráid ná tuaiplis ar an teanga; mar sin a thagann tubaiste sa mhullach ar dhroch-dhaoine gan mhoill.

19 Fear tútach, is cuma é nó scéal á insint in antráth, agus á reacadh gan stad ag aineolaigh.

20 Faigheann seanfhocal ó bhéal daoi an diúltú, mar nach san uain cheart a deir sé é.

21 An té a gcoisceann an bhochtaine air peaca a dhéanamh, ní bhíonn aon bhuaireamh aigne air nuair a ligeann sé a scíth.

22 An té a ídíonn é féin le barr náire, déanann sé amhlaidh ar son tuairim duine bhaoth.

23 An té a thugann gealltanas do chara trí náire, déanann sé namhaid dó féin in aisce.


Éitheach

24 Máchail ghránna ar dhuine an t‑éitheach ach bíonn sé i gcónaí ar bhéal na n‑ainbhiosán.

25 Is fearr gadaí ná bréagaire buan; ach tá an tubaiste i ndán dóibh araon.

26 Is gránna é nós an bhréagaire, agus ní scarann a náire leis go brách.


An Saoi

27 Cuireann an saoi é féin chun cinn lena bhriathra; tabharfaidh an duine ciallmhar taitneamh do fhlatha.

28 An té a shaothraíonn an talamh, beidh fómhar fial aige; 29 agus an té a thugann taitneamh do fhlatha, maithfear a choir dó.

29 Déanann bronntanais agus tabhartais súile na saoithe a dhalladh, agus múchann siad gearáin mar a dhéanfadh pusachán.

30 Eagna faoi cheilt nó ciste i bhfolach - cén tairbhe ceachtar díobh?

31 Is fearr an té a cheileann a bhaois ná an té a cheileann a ghaois.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí