Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Síorach 1_1 - An Bíobla Naofa 1981An Eagna 1 Ón Tiarna an uile eagna, agus is leis í go brách. 2 Gaineamh na mara agus braonta na fearthainne, agus laethanta na síoraíochta, cé dhéanfaidh iad a áireamh? 3 Airde na spéire, agus leithead na cruinne, agus [doimhne an dubhaigéin], cé ransóidh iad? 4 Cruthaíodh an eagna roimh gach ní eile, agus tá bua na tuigse ann ón tsíoraíocht anall. 5 (Briathar Dé ar neamh foinse na heagna, agus is iad na dlíthe síoraí a bealaí.) 6 Cé dó ar foilsíodh fréamh na heagna? cé arb eol dó a hildána? 7 (Cé dó ar foilsíodh eolas na heagna, agus a fuair tuiscint ar a hilbhealaí?) 8 Níl ach aon eagnaí amháin ann; is sáruamhnach é, agus é ina shuí ina ríchathaoir; 9 Eisean an Tiarna, a chruthaigh [an eagna]; eisean a chonaic agus a mheas í, agus a dhoirt amach í ar a oibreacha go léir. 10 Thug sé mar bhronntanas í don chine daonna ar fad, agus dháil sé í ar na daoine a bhfuil grá acu dó. Eagla Dé 11 Is glóir agus móráil í eagla an Tiarna; is aoibhneas í agus coróin na lúcháire. 12 Cuireann eagla an Tiarna lúcháir ar an gcroí, tugann sí aoibhneas agus áthas agus fad saoil. 13 An té arb eagla leis an Tiarna beidh an rath air ag ceann cúrsa; agus beidh beannacht air lá a bháis. 14 Tús na heagna, eagla an Tiarna; gineadh í leis na creidmhigh i mbroinn a máthar. 15 Rinne sí a nead i measc daoine mar dhaingean síoraí; agus cloífidh sí lena síol go dílis. 16 Comhláine na heagna í eagla an Tiarna; cuireann sí meisce ar na daoine lena torthaí. 17 Líonann sí a dteach uile le mianta a gcroí, agus a stórais lena fómhar. 18 Coróin na heagna eagla an Tiarna; cuireann sí bláth ar an tsíocháin agus ar an tsláinte. 19 D'fhéach an Tiarna uirthi agus rinne í a mheas; dhoirt sé anuas léann agus eolas na tuisceana, agus mhóraigh glóir lucht a sealbhaithe. 20 Fréamh na heagna eagla an Tiarna, agus fad saoil is ea a craobhacha. 21 (Tógann eagla an Tiarna peacaí ar shiúl; agus an té a mhaireann dílis, casann sé an fhearg i leataobh.) Foighne 22 Ní dhéanfaidh fearg [an choirpigh an coirpeach] fíréanta; óir is é buile a fheirge a leagann ar lár é. 23 Fanfaidh fear na foighne leis an uain, agus eascróidh an t‑aoibhneas dó faoi dheireadh. 24 Ceilfidh sé a bhriathra go dtaga an uain, agus beidh cur síos ar a stuamacht ó bhéal a lán. Fíréantacht 25 I gciste na heagna tá ráite críonna, ach is fuath leis an gcoirpeach an fhíréantacht. 26 Má tá dúil agat san eagna, coimeád na haitheanta, agus seolfaidh an Tiarna chugat í. 27 Óir is é is eagna agus teagasc ann ná eagla an Tiarna, agus is gean leis an dílse agus an cheansacht. 28 Ná bí easumhal d'eagla an Tiarna, agus ná téigh ina gaire le croí i bpáirt. 29 Ná bí ag cur i gcéill go poiblí, agus bí aireach faoi do bhriathra. 30 Ná hardaigh thú féin le heagla go dtitfeá, agus go dtabharfá aithis ort féin; nochtfaidh an Tiarna do rúin, agus caithfidh anuas thú i láthair an chomhthionóil, mar nár tháinig tú faoi eagla an Tiarna ach do chroí lán de chalaois. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart