Séamas INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981Na Litreacha Caitliceacha Brollach Tá bailiúchán eile litreacha sa Tiomna Nua seachas litreacha Phóil – seacht gcinn ar fad: Litir Shéamais; 1 agus 2 Peadar; 1, 2, agus 3 Eoin, agus Iúd. Níl de leithscéal lena n‑aontú faoin aon teideal amháin ach nach mbainid le cnuasach Phóil. Cuireann an teideal “Caitliceach” in iúl gur ábhar ginearálta atá iontu, agus gur eisíodh iad do Chríostaithe i gcoitinne, in áit d'eaglaisí ar leith mar a tharla i gcás litreacha Phóil. Séamas, 1 agus 2 Peadar, Iúd Séamas Glactar leis de ghnáth gurb é Séamas “bráthair an Tiarna”, a luaitear sa bheannú, a scríobh an litir seo; ba eisean ceannaire na heaglaise Giúdaí in Iarúsailéim. Tagann an fhianaise inmheánach leis an ngnáth-thuairim faoin údaracht. Scríobhann an t‑údar le húdarás (3:1). Tá sé eolach ar an traidisiún sionoptach, mar a bheadh i gcás gaol gairid d'Íosa a bhí leis ina dheisceabal aige. Tá rian láidir fágtha ag an Sean-Tiomna ar a scríbhinn, rud a mbeadh súil leis ón eolas atá againn ar Shéamas i nGníomhartha. Ach tá fadhb faoina stíl Ghréigise. Is deacair a thuiscint go bhféadfadh duine de chúlra Shéamais, agus gan aige ach an beagán caidrimh leis an Heilléanachas, Gréigis chomh maith a scríobh; mar a tharlaíonn, sáraíonn sé scríbhneoirí uile an Nua-Thiomna le feabhas a chuid Gréigise. B'fhéidir dá bhrí sin go bhfuil ainm cleite i gceist anseo arís. Más é Seamas is údar dáiríre, d'fhéadfaí a mheas gur scríobh sé a litir i dtreo dheireadh a shaoil, idir 57, abair, agus 62 A.D. Ar an láimh eile, tá an-chosúlacht idir an litir agus céad litir Chleimint (c. 96-98 A.D.). B'fhéidir nach spleáchas atá i gceist, ach an fhoinse chéanna a bheith acu araon. Chiallódh sin go mbainfeadh Litir Shéamais, b'fhéidir, le deichniúr deiridh na chéad aoise A.D. An mhuintir ar scríobhadh Séamus chucu, tá aicmí daingne sóisialta ina measc. Tá daoine saibhre orthu a bhfuil súil acu le hurraim fiú sna cruinnithe liotúirge – agus faigheann siad í (2:1-3). Tá siad seo lán den bhéal bán, ach is beag í a ndéirc (2:16). Tá siad gafa ar fad le gnó (4:13-17), agus ní scorn leo calaois a dhéanamh ar a lucht oibre ná luí ar na boicht (5:1-6). Is beag aird a thugann aon duine ar na boicht chéanna, fiú a n‑aoirí ar dual dóibh a bheith ina bhfeighil (2:2-6). Ní aon ionadh go mbíonn aighneas, éad (3:14; 4:2), fearg (1:9), monabhar (5:9) agus tromaíocht (4:11). Tá an baol ann go ndéanfaidh na boicht ceannairc in aghaidh a gcruacháis (4:2), go bhfaighidh saint agus formad greim ar an gcroí acu. Tá lé Shéamais le lucht an ghátair agus na dímrí; is dóibh, thar aon dream eile, a scríobh sé. Dála fáithe an tSean-Tiomna tugann sé faoin éagóir shóisialta; san am céanna tuigtear dó go bhfuil brí spioradálta leis an mbochtaine mar go ndéanann sí cairde ar leith Dé, anawim, de na boicht féin. Fiú más ag na fáithe, na saoithe, agus ag an salmaire a fuair sé an tuiscint sin sa chéad áit, chuir iompar agus theagasc Íosa beogacht nua ina bhriathra. Scríobhann Séamas chuig “an dá threibh dhéag atá ar deoraíocht” (1:1), sé sin chuig na Críostaithe Giúdacha ar deoraíocht ar fud an domhain Ghréag-Rómhánaigh, nó go pobal nua Dé atá ar deoraíocht óna dtír dhúchais. Ba chóir go mbeadh a gcathuithe ina n‑ábhar lúcháire ag Críostaithe mar go dtástálann siad an creideamh, nó an mhuinín i nDia, agus go ngineann siad buanseasmhacht (1:2-8). Pléann an sliocht 2:1-13 le haicmíocht. Cáineann sé an fabhar a thugtar don saibhir, agus an beagmheas ar an mbocht. Is anseo amháin, seachas sa bheannú, a luaitear ainm Íosa, agus is sollúnta an teideal a fhaigheann sé: “ár dTiarna Íosa Críost, Tiarna na glóire” (2:1). Is dian mar a cháineann sé an leathchuma ar an mbocht sna cruinnithe liotúirge (cf. 1 Cor. 11). Ach is iad na anawim atá saibhir dáiríre; ní foláir na Críostaithe a bheith faoi “dhlí ríoga” an ghrá bhráthartha; peacaí in aghaidh an ghrá Chríostaí is ea an leathchuma agus an leatrom. Is aonad é an dlí, agus má bhristear an dlí in aon phonc amháin (go háirithe “an dlí ríoga”) tá an t‑iomlán á bhriseadh; taispeánann sin fíorolcas an pheaca. Ní foláir do na Críostaithe cuimhneamh ar an dlí faoina dtabharfar breith orthu. “Breithiúnas gan trócaire” a thabharfar ar na héadrócairigh (cf. Mth. 6:14-15); ach trócaire a gheobhaidh lucht na trócaire. Pléitear go mion le lochtanna na teanga (3:1-12). Níor chóir do na bráithre an iomad fonn a bheith orthu a bheith ina dteagascóirí (cf. 1 Cor. 12:8, 28) mura mbíonn siad sásta go dtabharfaí breith níos déine orthu. Ní féidir ach don Chríostaí aibí smacht a choinneáil ar a theanga, mar éilíonn sé smacht ar iompar an duine ar fad. Ainmhianta agus saint faoi deara an t‑imreas (4:1-12). Rabhadh don mhuintir shaibhir is ea 4:13 – 5:6. Dúnann an litir le sraith aitheasc agus comhairlí (5:12-20). In 5:14-15 tá an bonn scrioptúir atá faoi ungadh na n‑easlán. Glaoitear ar sheanóirí na hEaglaise (logánta), agus déanaidís an t‑easlán a ungadh le hola in ainm an Tiarna (cf. Mc. 6:13), agus guídís ar a shon. Déanfaidh an searmanas seo, le teann creidimh, fortacht a thabhairt don othar agus a pheacaí a mhaitheamh. Ritheann smaointe an údair ar aghaidh ansin go nádúrtha agus tráchtann ar fhaoistin phoiblí pheacaí agus ar an urnaí. Cuirtear guí Éilias i láthair mar shampla de ghuí éifeachtach an duine fhíréanta (5:16-18). An Críostaí a sheolann an seachránaí bráthar ar ais “sábhálfaidh sé a anam ón mbas” agus “déanfaidh sé a lán peacaí a chlúdach as radharc” (5:19-20; cf. Seanfh. 10:12). Leis sin cuirtear clabhsúr tobann ar an scríbhinn. 1 Peadar Sa bheannú deiridh óna láimh féin (5:12-14) insíonn údar na litreach seo cad é an cuspóir a bhí aige – lucht a léite a dhaingniú sa chreideamh. Dála na Litreach chuig na hEabhraigh is “focal misnigh” (Eabh. 13:22) í, agus tá an teachtaireacht mhisnigh bunaithe ar theagasc. Labhraíonn an t‑údar le Críostaithe bochta sa chuid is mó (1 Pead. 2:18-19) agus tugann sé sólás agus misneach dóibh. Iarrtar ar na léitheoirí cur suas leis an bhfulaingt agus leis na cruatain a tháinig an treo, agus a thiocfaidh arís, agus sin a dhéanamh le crógacht agus fiú le lúcháir. Caithfidh siad cur suas le cáineadh (2:12; 3:16) agus le géarleanúint fiú díreach toisc gur Críostaithe iad (4:16). Níl de fhreagra acu ar cháineadh agus naimhdeas ach dea-oibreacha agus iompar gan cháim (2:12, 15; 3:2, 13-17). Tabharfaidh sampla Chríost sólás agus fortacht dóibh óir d'iompair sé páis agus peannaid éagórach le barr ceansachta (2:21, 23-24). Cuireann an litir in iúl go soiléir gurb é Naomh Peadar a scríobh (1:1; cf. 5:1-2, 3). Insíonn Irinéas gurb é traidisiún na nAithreacha riamh é gurbh é ceann na n‑aspal údar na litreach seo. Ach tá a stíl Ghréigise inchurtha le Séamas; déanann an t‑údar a mhachnamh i nGréigis agus is don Seachtód a dhéanann sé tagairt. Tá leideanna inti leis gur déanaí ná dáta traidisiúnta bhás Pheadair (64 A.D.) a scríobhadh an litir. Bhí an teideal “Bablóin” ag Giúdaigh agus ag Críostaithe ar an Róimh ceart go leor (cf. Apac. 14:8; 16:9 etc.) ach níl aon fhianaise go raibh sé in úsáid roimh 70 A.D. Tá sé le tuiscint go bhfuil géarleanúint ar siúl, nó le bheith ar siúl, san Áise Bheag (cf. 1:1). Is ar éigean gurb í géarleanúint Néaró atá i gceist, ach í siúd níos déanaí faoi Dhoimitian (81-96 A.D.). Tríd is tríd, dealraíonn sé gur súdscríbhinn atá againn agus go mbaineann sí le ré Dhoimitian. Luann an beannú (1:1-2) ainm Pheadair aspal mar údar. Tá sé ag scríobh chun “deoraithe na díbeartha” (cf. Séam. 1:1), go dtí an Diaspora nua, na Críostaithe ar fán óna dtír dhúchais. Tá an Áise Bheag ar fad, seachas an tSiléis, i gceist faoi na cúig cúigí a luaitear. Cuirtear staid na gCríostaithe in iúl i bhfoirmle Thrionóideach: glaoigh an tAthair orthu, naomhaigh an Spiorad iad le humhlú d'Íosa Críost agus le slánú a fháil tríd (1:10-12). Ghin Dia na Críostaithe as an nua, le barr trócaire, trí aiséirí a Mhic chun beomhuiníne faoina slánú i gCríost, agus chun oidhreachta dothruaillithe (1:3-5). Is ionann bonn a gcreidimh agus cuspóir a ndóchais – Íosa Críost. Ní fhaca siad é, ach thug siad grá dó; is cúis “áthais ghlórmhair dholabhartha” é a gcreideamh, mar is é geall an tslánaithe é (1:6-9). Ba é gnó fháithe an tSean-Tiomna é, faoi luí Spiorad Chríost, an rúndiamhair Chríostaí, a bhfuil idir pháis agus ghlóir ag roinnt léi, a fhógairt. Tabhartas an tslánaithe a thairngir na fáithe, a raibh na haingil ag tnúth le fiú sracfhéachaint a fháil air, foilsíodh é do na Críostaithe leis an Spiorad Naomh trí fhógairt an tsoiscéil (1:10-12). Éilíonn an creideamh Críostaí fíréantacht, grá, agus aontas le Críost (1:13 – 2:10). Tá an tEaxodus mar thíopa sa sliocht seo. Ní foláir do na Críostaithe a gcroíthe a dhíriú ar an dóchas beo, agus a saol a riaradh dá réir. Is naofa é an Dia a ghlaoigh orthu agus ní féidir dóibh filleadh ar a seansaol. Cuimhnídís air gur breitheamh freisin é an tAthair neamhaí agus gur fuasclaíodh iad ó na seanbhealaí le fuil Chríost. Caithfidh siad maireachtáil le creideamh agus dóchas sa Dia a thóg Críost ó mhairbh (1:13-21). Bealach an ghrá is ea bealach na naofachta; gineadh iad do bheatha nua, beatha a chothaíonn an dea-scéal, agus arb é grá na mbráithre a sainchomhartha. Ní mór don mhuintir a baisteadh (dealraíonn sé go bhfuil liotúirge baiste i gceist) gach mailís agus gach calaois, gach cur i gcéill, a chur i leataobh; agus cíocras a bheith orthu chun an bhia spioradálta trína bhfásfaidh siad suas mar Chríostaithe (2:1-2). Tagadh na Críostaithe chuig Críost le go dtógfaí iad mar bheochlocha ina dteampall spioradálta bunaithe air, le go mbeidís ina sagartacht nua le híobairtí taitneamhacha a ofráil chun Dé; le go mbeidís ina nIosrael nua. Is iad vv. 4, 5, 9 smior an tsleachta seo 2:4-10; is ionann teacht chuig Críost agus aontú lena chuallacht, an tIosrael nua arb é a ghnó cultas a ofráil do Dhia trí Chríost, agus a thrócaire shlánaitheach a fhógairt. Sin iad na prionsabail. Sé tá sa chéad sliocht eile (2:11 – 4:6) na prionsabail sin á gcur i bhfeidhm ar ár saol laethúil. In 4:7-11 tá an Téarnamh-láimh-linn mar spreagadh chun na suáilce agus na síoraire, agus go háirithe chun an ghrá bhuain a chlúdaíonn a lán peacaí, agus a chuirtear i ngníomh san fháilte gan doicheall. Tá comhairle ag an údar, seanóir san eaglais, dá chomhsheanóirí (5:1-4): ní bealach chun maoine ná chun cumhachta í an cheannaireacht; ní trí thiarnú a chuirtear an cheannaireacht fhíor i bhfeidhm, ach trí shampla a thabhairt don tréad, faoi mar a thug an tArdaoire. Dúnann an t‑údar le haitheasc do na fíréin (5:5-11) i bhfocail an-chosúil le Séamas 4:6-10. Iúd Téann an litir ghairid seo i ngleic le teagasc earráideach, ach tá sí chomh gairid sin nach dtugann sí go leor eolais dúinn lena chinntiú cén sort earráide a bhí i gceist. Dealraíonn sé, áfach, gurb é túsú an Ghnóisíochais. Déanann an scríobhaí cealg an bheagáin a nochtadh; tá teagasc traidisiúnta na hEaglaise á chlaonadh (v. 3) agus creideamh na cuallachta á chur i mbaol acu. Cothaíonn an dream sin aighneas i measc na bhfíréan (v. 19); déanann siad mar a rinne Cáin an díchreidmheach agus Corae an ceannairceach (v. 11). Is geall le hainmhithe allta iad (v. 10), nó le crainn i ndeireadh an fhómhair atá fós gan toradh – ní hea, ach crainn atá stoite, marbh (v. 12). Nó is cosúil iad le tonnta fiáine mara (v. 13), le scamaill shéidte gan uisce (v. 12), le réaltaí fáin a chuaigh ar seachrán (v. 13). Is fada marcálta don bhreithiúnas iad (v. 4), agus cuirfear pionós orthu dála na nIosraelach ceannairceach san fhásach, na n‑aingeal ciontach, nó mhuintir Shodom agus Ghomorá (vv. 5-7). De réir fhocail Eineoc, tiocfaidh an Tiarna féin lena chúirt neamhaí le breith a thabhairt orthu (vv. 14-15). Tugann Iúd íde béil dóibh de bharr a mímhoráltachta: Géilleann siad dá n‑ainmhianta (vv. 16, 18), imíonn siad le drabhlás (v. 4), agus truaillíonn siad an cholainn (v. 23). Scaipeann siad a dteagasc bréige agus bíonn siad ag bladar leis na boic mhóra ag súil le breis (v. 16). San am céanna bíonn siad á gcosaint féin agus iad teann as an ngrásta a bhronn Dia orthu (v. 4). Tugann an t‑údar “Iúd, seirbhíseach Íosa Críost agus bráthair Shéamais” (v. 1) air féin. Is é is dóichí gurb é atá i gceist ná Iúd a luadh le Séamas in Lúc. 6:3, agus in Mth. 13:55 mar bhráithre an Tiarna. Ní thugann sé aspal air féin, agus i v. 17 samhlaíonn sé a bheith á idirdhealú féin ó “aspail an Tiarna Íosa Críost”. Tá Gréigis Iúd go maith, fág go bhfuil rian den Eabhrais uirthi. Tugann v. 17 le tuiscint go bhfuil an chéad ghlúin de na Críostaithe bailithe leo, agus luann v. 3 an creideamh Críostaí mar thaisce traidisiúnta atá le caomhnú. Is féidir dúinn glacadh leis dá bhrí sin gur ainm cleite atá i gceist agus gur scríobhadh an litir 80-90 A.D. nó níos déanaí. 2 Peadar Tá an t‑údar ag iarraidh a chinntiú nach gcaillfeadh a lucht léite an bealach isteach i ríocht shíoraí Íosa Críost a gealladh dóibh (2 Pead. 1:11). Scríobhann sé lena ndaingniú sa chreideamh traidisiúnta (1:12-13; 3:2), agus téann i ngleic go bríomhar le hoidí a chuirfeadh ar seachrán iad. I gcaibidil a dó go háirithe a chloisimid faoi fhrithdhleathacht na n‑oidí bréige seo; tá siad cosúil leis an dream úd a luann Iúd. Is déanaí 2 Peadar ná Iúd agus dealraíonn sé go bhfuil siad siúd imithe níos faide lena seachrán agus go bhfuil siad anois ag fonóid faoin Téarnamh. Sníonn earráidí eile óna n‑earráid bhunúsach; diúltaíonn siad don Tiarna le teacht (2:1, 10); níl súil acu leis an mbreithiúnas; agus cuireann siad an t‑ord morálta i leataobh (3:3). Bréagnaíonn 2 Peadar na hearráidí seo, agus dearbhaíonn sé gur chóir a bheith ag súil leis an Téarnamh (1:4, 8, 11; 3:10, 14). Múineann sé gurb é Íosa an Tiarna Dia (1:2, 16-17; 3:18), agus griogann sé go bríomhar chun na dea-bheatha (1:4-11; 3:11, 14, 17). Tugann an t‑údar Síomón Peadar air féin (1:1) agus deir go raibh sé i láthair ag an gClaochlú (1:16-18); déanann sé tagairt don litir eile a scríobh sé roimhe sin – 1 Peadar, ar ndóigh (3:1); tugann sé chun cuimhne gur thairngir Íosa a bhás (1:14), agus luann sé Pól mar “dheartháir dil” (3:15). San am céanna, áfach, feicimid go bhfuil an chéad ghlúin Chríostaithe marbh go “ndeachaigh na hAithreacha chun suain” (3:4) – agus labhraíonn sé faoi mar nach duine de na haspail é féin (3:2). Bhí cnuasach de scríbhinní Phóil ar fáil (3:15-16), níor ghá a mheas go raibh sé sin iomlán. Is léir go ndéanann sé a chuid féin de litir ghairid Iúd. Tá an-tábhacht ag baint leis go gcuireann an t‑údar scríbhinní Phóil (“ina litreacha go léir”) ar chomhchéim leis “na scrioptúir eile” (3:15-16). Tá an chanóin á socrú dá réir sin agus tá glactha sa chanóin sin le cnuasach de Litreacha Phóil. Is ar éigean a d'fhéadfadh sin a bheith i gceist roimh 100 A.D. Dealraíonn sé go bhfuil 2 Peadar ar an scríbhinn is déanaí sa Tiomna Nua; b'fhéidir go bhfuil sé chomh déanach le 120 A.D. Scríobhann an t‑údar in ainm Pheadair á thaispeáint gurb é a chuspóir teagasc na nAspal a sheachadadh. Bhain sé feidhm dá réir sin as Litir Iúd agus as údarás Phóil. Cuireann tosach na litreach (1:3-11) i gcuimhne dá léitheoirí na tabhartais iontacha a fuair siad mar aon leis an nglaoch ó Dhia agus a ghealltanais dóibh. Trína chumhacht dhiaga bhí sé ar chumas Chríost é féin a chur in aithne do na Críostaithe, dóchas a thabhairt dóibh, agus bheith istigh ina ríocht a thabhairt trí bheith páirteach sa nádúr diaga (1:3-4). Ní foláir dóibh a mbuíochas a chur in iúl lena ndea-iompar (1:5-11). In 1:12-18 déanann an t‑údar achainí phearsanta in ainm Pheadair. Is fianaise v. 14 ar an traidisiún gur thairngir Íosa bás Pheadair. Tugann sé rabhadh faoi earráidí Gnóisíocha nuair a deir sé nár lean sé féin aon “fhabhalscéalta a ceapadh go cliste” (1:16), ach go raibh sé i láthair mar fhinné ar an sliabh le linn an Chlaochlaithe. Ós rud é go bhfuair sé radharc roimh ré ar ghlóir an Téarnaimh, is féidir dó fianaise a thabhairt ar chumhacht Chríost agus ar a theacht. Ina theannta sin go léir tá “an briathar fáidhiúil” againn, na horacail sa Sean-Tiomna ag baint leis an Téarnamh a bhfuil an Claochlú mar theannta leo. Níl an ciallú a dhéanann na hoidí bréige ar an scrioptúr iontaofa; Dia amháin a nochtann ciall an scrioptúir i gceart le cabhair an Spioraid Naoimh (1:20-21). Tá 2 Peadar 2 an-chosúil le Iúd 4-16, agus dealraíonn sé gurb é Iúd a fhoinse. Daorann an dá shliocht teagascóirí bréige sa tslí chéanna agus luann siad samplaí ón Sean-Tiomna. Is féidir a bheith ag súil le hoidí bréige, mar a bhí fáithe bréige in Iosrael. Cuirfidh a ndrabhlás a lán amú, agus beidh bealach na gCríostaithe faoi tharcaisne dá mbarr (2:1-3). Cruthaíonn sé le samplaí ón Sean-Tiomna go bhfuil an breithiúnas le teacht orthu go cinnte, agus go ndéanann an Tiarna na fíréin a fhuascailt chomh maith leis na coirpigh a dhaoradh (2:4-10). Sa “dara litir” seo (3:1 ag tagairt d'aon ghnó do 1 Peadar) cuireann an t‑údar na tairngreachtaí faoin Téarnamh agus teagasc na nAspal bunaithe ar údarás Chríost, i gcuimhne arís dá léitheoirí. Bréagnaítear díchreideamh na n‑oidí seachránacha (3:3-7) agus mínítear nádúr an Téarnaimh agus an bhaint atá aige leis an mbeatha Chríostaí do na fíréin (3:8-13). In 3:15-16 tagraíonn sé do chnuasach údarásach de Litreacha Phóil ar bhain na heiricigh míchiall as téacsanna crua iontu ag plé leis an Parousia, an Téarnamh. Tugann sé rabhadh deiridh do na fíréin (3:17); agus is coimriú ar Iúd 25 an clabhsúr molta (3:18). An Críostaí agus an Todhchaí Tá údair 1 agus 2 Peadar ar aon aigne sa mhéid go ndearbhaíonn siad go bhfuil tuiscint dhaingean don todhchaí riachtanach le bheith i do Chríostaí fónta. Ní hiad imeachtaí ceilte an lae amáraigh, ná na chéad aoise eile, atá i gceist acu, ach an todhchaí dheiridh, gluaiseacht stair na cruinne i dtreo Dé. Tuigtear don bheirt acu go bhfuil an cine daonna gafa mar chuid de mhóreachtra leanúnach. Ní ciméara ná roithleán reatha iad an chruthaíocht agus an stair. Tá a áit dhiamhair féin ag gach ní, fiú ag an bpian agus ag an mbás, sa chinniúint atá ceaptha ag Dia na trócaire. Tá an chruthaíocht uile ag bogadh ar aghaidh chun a dála leis an Tiarna, fág gur mall é agus gur gan fhios dúinne é. Pléann 1 Peadar leis an dóchas agus an ghlóir a bhaineann le buaic úd na staire. Geallann sí “oidhreacht dhothruaillithe,” agus uain na glóire nuair bheidh an domhan go léir d'aon ghuth ag moladh Dé (1:3-5; 2:12). Tá an t‑údar deimhin de gur chaibidil ghairid atá fágtha i stair an chine dhaonna; ní fada uainn an deireadh (1:6; 4:7, 17). Pléann 2 Peadar, ar an láimh eile, le taobh duairc uain na críche. Níl cúinsí na linne seo ach sealadach ós rud é go bhfuil an claochlú mór geallta; fágann sin go dtráchtann sé ar scriosadh agus íonghlanadh an domhain le tine. Tiocfaidh an chríoch mar bhreithiúnas ar an muintir a chuireann a mbeatha amú agus a mhaireann sa bhréag. Ach do 2 Peadar níl sa scriosadh ach prapáil do na “spéartha nua agus don domhan nua” (3:13), comhlíonadh na “ngealltanas luachmhar” (1:4). Níl uain na críche i ngar, dar le 2 Peadar; i súile daonna, tá sí i bhfad i gcéin, chomh fad sin i gcéin go bhfuil deireadh dúile bainte ag daoine áirithe di (3:3-4). Ní leithscéal í an chríoch dhéanach ag ceachtar den bheirt úd le héalú ó fhreagracht na linne. Ní thuas sna flaithis atáthar fós. Do 1 Peadar sé atá sa ghealltanas faoin domhan glórmhar ná cloch bhoinn dhóchais anois, agus mana ag gairm orainn dul sáite i struchtúir na sochaí daonna. Caithfidh an Críostaí “bonn dóchais” a thabhairt don saol spíonta (3:15) agus comhar a dhéanamh fiú le gasraí naimhdeacha sa tsochaí leis an saol a bhogadh ar aghaidh i dtreo sprioc chruthaíocht Dé. Ar an láimh eile, is é atá ar siúl in 2 Peadar ná an claochlú atá geallta a úsáid mar rabhadh do Chríostaithe atá éirithe patuar ina gcreideamh, agus atá ag géilleadh do mhealladh bhaois an tsaoil. Ba chóir do Chríostaithe dílse machnamh ar an todhchaí le go mbeadh sé de neart iontu a slánú a chinntiú i bponc seo na staire (3:9-13). Tá an bheirt údar seo lán de dhóchas dáiríre faoi chinniúint an domhain, agus is ar thraidisiún an scrioptúir atá an dóchas sin bunaithe. Chuir Iosrael a muinín i ngealltanais Dé i gcónaí; rinne Íosa mar an gcéanna, agus tá a pharabail ar snámh le híomhánna dóchais – ríochtaí ag teacht, síolta le toradh a thabhairt, athair ag ceann an bhóthair ag súil abhaile lena mhac agus a leithéid eile. Ansin rinneadh patrún agus geall dá bhfuil i ndán don chruthaíocht de bhás agus d'aiséirí Íosa. Bhí na húdair seo againn cinnte de go gcaillfí an soiscéal féin dá gcaillfí an chuid seo den traidisiún. B'fhéidir gur sa mhéid seo díreach a thugann na litreacha seo dúshlán Eaglais an lae inniu. An gcreidimid sa todhchaí? An gcreidimid go bhfuil Dia mar sprioc ag cúrsa uile na staire? An fhís Chríostaí den domhan dár dual claochlú glórmhar, an bhfuil aon rud le rá aici linn faoinár ndualgais shóisialta agus faoinár misean féin i ré seo na staire ina bhfuil an t‑amhras agus an éiginnteacht i réim? Litreacha Eoin Tá an-chosúlacht ag trí litreacha Eoin lena chéile agus leis an gCeathrú Soiscéal. Cé go dtagraítear do na trí scríbhinní mar “litreacha” tá trí ghné liteartha dhifriúla i gceist. Ní litir 1 Eoin ar aon chor ach tráchtas teagaisc a bhí le scaipeadh, b'fhéidir, i measc a lán cuallachtaí. Litir chuig cuallacht nó roinnt cuallachtaí eile, seachas an chuallacht ina maireann an t‑údar de ghnáth, ach atá gar go leor dó le cuairt a thabhairt orthu, is ea 2 Eoin. Litir phríobháideach chuig cara, Gáias, a bhfuil cónaí air i gcuallacht eile fós, is ea 3 Eoin. Tá dealramh ag 2 agus 3 Eoin leis na litreacha príobháideacha a mhaireann ar phaipír, ach san am céanna tá cosúlachtaí idir iad agus an litir Chríostaí mar is eol dúinn í ó litreacha Phóil. 1 Eoin Scríobh Eoin a chéad litir in aghaidh teagascóirí bréige. Tá a fhios aige, áfach, go bhfuil an fhírinne ar eolas ag a léitheoirí, agus go bhfuil na fáithe bréige cloíte acu (2:20, 27; 4:4); teachtaireacht dheimhnitheach dá réir sin is mó atá aige. Cáineann sé ceart go leor teagascóirí bréige (2:18, 28; 4:1, 6), na daoine seo a bhain leis an gcuallacht Chríostaí ach nárbh aithnid dóibh a spiorad (2:19, 22-23; 4:1); agus uaireanta bíonn sé conspóideach (1:6-10; 2:3 – 6:9). Sa dúnadh, mar sin féin, fógraíonn sé go soiléir an cuspóir a bhí aige: “Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé” (5:13). Braitheann sé go bhfuil dlúthchaidreamh aige le “Briathar na beatha” (1:1) agus is mian leis go mbeifí páirteach leis sa chaidreamh sin. Is finné é agus tá fianaise á tabhairt aige. An litir seo a thiomna dá dheisceabail. Tugann sé rabhadh faoi nithe áirithe, agus tugann sé aitheasc, ach múineann sé dúinn arís rud a mhúin údar Eabhraigh chomh héifeachtach sin, nach bhfuil ach an t‑aon bhealach sásúil amháin le hearráid a cheartú .i. idéal a thabhairt do dhaoine dá saol, Mac Dé ionchollaithe a chur ina steillbheatha os a gcomhair. Ní amhlaidh a chuireann an t‑údar roimhe a léitheoirí a spreagadh chun suáilce ar leith a chleachtadh ná peaca a sheachaint, ach uaisleacht a stádais mar Chríostaithe a nochtadh dóibh. Caidreamh beo le Dia is ea an bheatha Chríostaí. Sé atá i gceist léi ná giniúint chun beatha Dé, caidreamh leis an Athair agus leis an Mac; gintear na fíréin ó Dhia, maireann siad i nDia, is aithnid dóibh Dia. I bhfocail eile tá “an bheatha shíoraí” acu, agus de réir Eoin, is ionann an bheatha shíoraí agus beatha Dé féin. An bheatha seo, tá sí ina sheilbh dáiríre ag an gCríostaí, ach is diamhrach é a nádúr. An creideamh amháin a dhearbhaíonn cén sórt beatha atá ag an gCríostaí abhus anois, agus cé mar a bheidh sí thall. Tugann an t‑údar mar sin slat tomhais ar shlat tomhais lena bhféadfadh an creidmheach fiúntas a bheatha Críostaí a mheas; sin é a fhágann an liodán “mar sin … mar sin … a thuigimid … atá a fhios againn” (2:3, 5; 3:10, 14, 19, 24; 4:2, 6, 13, 18, 20). Ós rud é gur páirtíocht í sa bheatha dhiaga caithfidh sé go mbeidh cuid de cháilíochtaí Dé ag glioscarnach inti. Más clann Dé sinn, má táimid i ndlúthchaidreamh leis, ní féidir dúinn gan a bheith dulta i gcosúlacht leis. Is solas é Dia (1:5), agus is grá (4:8). Is solas é mar gurb é an mhaith gan teorainn é agus nach foláir dár n‑iompar morálta a bheith bunaithe ar a naofacht agus ar a ionracas (2:20; 3:7). Is grá é mar gurb é foinse gach cineáltais agus féile a ghabhann le grá. Tá glaoite ar an gCríostaí siúl sa solas (1:6-7) agus maireachtáil sa ghrá (4:16) agus sin trí na haitheanta a choinneáil (2:3-7; 3:22-4; 5:2-3); aithne an chreidimh in ainm Íosa agus aithne an ghrá dá chéile (3:23) suim na n‑aitheanta go léir. Is é teachtaireacht Eoin do na Críostaithe dá bhrí sin ná creidiúint sa ghrá diaga atá ionchollaithe in Íosa, agus grá a thabhairt do na bráithre. San am céanna is mian leis an údar tagairt a dhéanamh do phrionsabail bhunúsacha na beatha Críostaí. Maidir le creideamh, caithfidh a léitheoirí glacadh le fonn le fianaise na n‑aspal (1:5; 2:21-24), le dearbhú Dé (4:6, 9, 13), agus leis an múineadh inmheánach a thugann an Spiorad (2:20, 27). An fonn atá orthu na haitheanta a choinneáil – agus tá an grá ina gcroílár siúd – sin é threoróidh iad ina gcaidreamh leis na bráithre (2:3-11; 3:11-24; 4:7 – 5:4). Ní foláir dóibh seasamh go daingean in aghaidh an tsaoil dhíchreidmhigh agus diúltú dá mheallacacht (2:12-17; 3:13; 4:1). Caithfidh siad cloí leis an bhfírinne agus troid in aghaidh na n‑earráidí ina dtimpeall (2:18-23; 4:1-4). Maidir lena ndearcadh pearsanta, ní mór dóibh a bpeacaí a admháil gan cur i gcéill (1:8-10; 2:1; 3:3-4), agus muinín iomlán a bheith acu i bpearsa an tSlanaitheora (2:1-2; 3:5, 8; 5:6-7). Éilíonn an bheatha Chríostaí a lán; tá uaisleacht ag baint léi, ach ní thugann sí cúl leis an gcoinníoll daonna, ach fáiltiú go misniúil roimhe. 2 agus 3 Eoin Seoltar an dara litir chuig “a Soilse, í siúd atá uasaltofa agus dá clann” (v. 1). Níl aon amhras ná gur eaglais atá i gceist (vv. 1, 14, 13), eaglais san Áise Bheag is dócha. Tá an chuallacht dílis fós ach tá mealltóirí ag bagairt uirthi, “daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna” (v. 7). Cuireann an Seanóir na creidmhigh san airdeall ar fháithe bréige (vv. 7, 10); dearbhaíonn sé dóibh má chloíonn siad le teagasc Chríost, leis an ionchollú is é sin (v. 7), sealbhóidh siad an tAthair agus an Mac (v. 9); coisceann sé orthu caidreamh a bheith acu leis na teagascóirí bréige (v. 10). Éilíonn sé go mbeadh grá acu dá chéile agus go gcomhlíonfaidís aithne nua Chríost ar an gcuma sin (vv. 5-6). Achoimre de 1 Eoin an litir seo – nó d'fhéadfaí glacadh léi mar chéad dréacht gairid. Is ionann na cúinsí agus is ionann an aidhm atá acu araon. Is é is dóichí gur scríobhadh 3 Eoin roimh na cinn eile, sular tháinig na teagascóirí bréige ar an bhfód. Seoladh í go Gáias, deisceabal dílis d'Eoin (vv. 1-2). Tá a iomparsan gan cháim agus tá cáil na féile air, go háirithe i leith na mbráithre a thugann cuairt ar a chuallacht. Is dócha gur seanmóirithe taistil – leithéid Dhéimitrias (v. 12) – a chuireadh Eoin uaidh atá i gceist. Ní ghlacaidís sin, ó phrionsabal, aon chabhair ó na págánaigh dá ndéanaidís seanmóiriú agus bhídís dá réir sin ag brath ar fad ar fhéile na gcreidmheach. Ba é dualgas na gCríostaithe iad a chothú (v. 8). Tá an litir gafa níos mó ag aighneas idir an Seanóir agus Diotrafaes, ceannaire cuallachta – í siúd is é is dóichí lenar bhain Gáias. Tá dúshlán údarás an tSeanóra á thabhairt; táthar ag diúltú glacadh le toscairí uaidh, agus tá na Críostaithe a fháiltíonn rompu á ndíbirt. Ní raibh daoine áirithe, leithéid Gháias, ag géilleadh do Dhiotrafaes agus tá an Seanóir ag brath orthu lena threoracha a chur i gcrích. Tá muinín as Déimitrias mar thoscaire; is é a ghnó áit Dhiotrafaes a thógáil, nó b'fhéidir, Gáias a chur ina áit siúd. Is léir ón dá litir go raibh roinnt mhaith údaráis ag an Seanóir; go raibh sé ag plé leis na heaglaisí mar a dhéanadh Pól. An duine céanna a scríobh na trí litreacha seo; baineann siad, de réir dealraimh, le deireadh na chéad aoise A.D. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart