Salm 65 - An Bíobla Naofa 1981Altú Buíochais do Dhia 1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán. 2 Is duit is dleacht ár moladh i Síón, a Dhia. Is duit a chomhlíonfar ár móid, 3 ós tú a éisteann lenár nguí. Ortsa atá triall gach aon neach 4 lena eire urchóide. Luíonn ár lochtanna go trom orainn ach tugann tusa maithiúnas dúinn. 5 Is méanar don té a roghnaíonn tú, á ghlaoch chun do chúirteanna. Sásófar le flúirse do thí sinn, le hionad naofa do theampaill. 6 Déanann tú éachtaí i d'fhíréantacht dúinn, a Dhia ár slánaithe. Dóchas críocha uile na cruinne thú agus na bhfarraigí imigéiniúla. 7 Daingníonn tú na sléibhte le do neart ar do chrioslú le cumhacht. 8 Maolaíonn tú fothram na farraige agus torann na dtonnta agus gleo na gciníocha. 9 Lucht cónaithe chríocha na cruinne, is eagal leo d'éachtaí. Cuireann tú áthas ar imill imchiana an Oirthir is an Iarthair. 10 Thug tú cuairt ar an talamh, á huisciú, gur mhéadaigh tú a maoin. Sceitheann abhainn Dé thar bruacha d'fhonn arbhar a sholáthar di. 11 Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh, ag tabhairt uisce dá claiseanna. Déanann tú a bogadh le ceathanna; beannaíonn tú a geamhair. 12 Chuir tú barr ar an mbliain le d'fhéile agus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras 13 agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth. Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas 13 agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada. Tá na gleannta faoi bhrat arbhair; tógann siad gártha agus canaid le háthas. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart