Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 54 - An Bíobla Naofa 1981


Dia na Córa

1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví


2 nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”

2 nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól á rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”

3 Slánaigh mé a Dhia, le d'ainm; déan mo chúis a agairt le do neart.

4 Éist, a Dhia, le m'urnaí, tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.

5 Óir d'éirigh lucht an díomais amach i m'éadan, agus tá daoine gan trua ar thóir m'anama; níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah

6 Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm; tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam.

7 Fillfidh an t‑olc ar mo naimhde; díothaigh iad as ucht do dhílse.

8 Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar, agus molfaidh mé d'ainm toisc gur maith é. 7 Óir d'fhuascail tú ón uile thrioblóid mé ionas go bhfaca mé mo naimhde á dtreascairt.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí