Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 43 - An Bíobla Naofa 1981

1 Cosain mé a Dhia, agus agair mo chúis in aghaidh lucht na héagráifeachta. Ó lucht an fhill agus na hurchóide saor mé, (a Dhia).

2 Óir is tú mo dhídean, a Dhia, cén fáth ar theilg tú uait mé? Cén fáth a bhfuilim ag triall go dobrónach agus mo namhaid do mo chiapadh?

3 Cuir chugam do sholas agus d'fhírinne, go ndéana siad mo threorú do mo thionlacan faoi dhéin do chnoic naofa, faoi dhéin do phailliúin.

4 Triallfaidh mé ar altóir Dé, ar Dhia is cúis áthais dom; agus déanfaidh mé do mholadh ar an gcruit a Dhia, ón, a Dhia liom!

5 Cén fáth a bhfuil tú buartha, a anam liom, faoi mhíshuaimhneas istigh ionam? Cuir do dhóchas i nDia; molfaidh mé go fóill é; mo shlánaitheoir agus mo Dhia é.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí