Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Salm 129 - An Bíobla Naofa 1981


Achainí in aghaidh an Namhad
1 Amhrán Oilithreach.

1 Amhrán Oilithreach. 1 Is minic a crádh mé ó m'óige; abradh Iosrael anois:

2 Is minic a crádh mé ó m'óige, ach ní dhearnadh mo threascairt.

3 Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim; rinne siad a gclaiseanna fada.

4 Ach ghearr an Tiarna fíréanta cordaí na n‑éagráifeach.

5 An dream ar fuath leo Síón, go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.

6 Gura cosúil iad le féar ar dhíon tí, a sheargann sula sceitheann sé;

7 nach líonann an buanaí a lámh leis, ná an fear ceangail a bhrollach.

8 Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí “Bail ó Dhia ar an obair! Beannaímid sibh in ainm an Tiarna; anois agus choíche!”

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí