Salm 114 - An Bíobla Naofa 1981Imirce Iosrael as an Éigipt 1 Alleluia. Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach, teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha, 2 rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá, agus tharla Iosrael ina ríocht aige. 3 Chonaic an mhuir agus theith sí; agus chas an Iordáin ar ais. 4 Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí, agus na cnocáin ar nós uan óg. 5 Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú? Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais? 6 Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí, agus a chnocána, ar nós uan óg? 7 Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna; creathnaigh i láthair Dhia Iacóib, 8 a chlaochlaigh an charraig ina linn, agus an aill ina foinse uisce. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart