Salm 108 - An Bíobla Naofa 1981Is Gaire Cabhair Dé ná an Doras 1 Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean; canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí. 2 Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach asgus a chruit; músclóidh mé féin an maidneachan. 3 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna; molfaidh mé thú i measc na náisiún. 4 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas, agus do dhílse chun na spéartha. 5 Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia; bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile. 6 Ionas go ndéanfaí d'aos grá a shaoradh, fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn. 7 Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé: “Roinnfidh mé Seicim go ríméadach agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas. 8 Is liom tír Ghileád, is liom Manaise; is é Eafráim clogad mo chinn. Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat; 9 Is é Móáb mo bháisín níocháin. Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg; agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.” 10 Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta? Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé? 11 Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia; ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite? 12 Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde, óir is díomhaoin é cúnamh ón duine. 13 Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia, óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart