Rut INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981Leabhar Rút Brollach Tá suíomh scéal Rút i ré na mBreithiúna, agus chuir an Seachtód, an leagan Gréigise, i ndiaidh Leabhar na mBreithiúna sa Bhíobla é. I gcanóin na nEabhrach, ní hé sin a ionad, ach an tríú roinn, na Scríbhinní; áirítear é i mbaicle ar a dtugtar na Cúig Scrollaí. Léití é sa liotúirge Giúdach le linn fómhar na cruithneachta, i bhFéile na Seachtainí (.i. an Chincís). Scéal gearr é seo, agus novella de réir múnla liteartha. Ní fios cé chum, ná caithin a cumadh; tá ársaíochtaí beaga teanga sa téacs, ach b'fhéidir gur ársaíochtaí tacair iad seo a chuir an t‑údar isteach d'aon ghnó. Scéal simplí é: Bhí gorta sa tír agus d'imigh Eilímeilic ó Bheithil go Móáb le Náoimí a bhean agus a bheirt mhac. Fad a bhíodar ansiúd phós a bheirt mhac beirt bhan ón áit – Orpá agus Rút. Cailleadh an t‑athair agus a bheirt mhac. Chinn Náoimí ansin ar fhilleadh ar Bheithil, agus chomhairligh sí do mhná a mac filleadh ar a muintir féin. Rinne Orpá de réir na comhairle, ach bhí an-chion ag Rút ar Náoimí agus dhiúltaigh sí scaradh léi. Chuaigh Rút ag bailiú dias sna goirt arbhair ar shála na meithile d'fhonn bia a sholáthar. Bhí Boaz, an feirmeoir, an-chneasta léi. Bhí seisean an-saibhir, agus bhí gaol aige le hEilímeilic fear céile Náoimí. Tagann cúrsaí grá i gceist ansin. Chuaigh Rút i gcoim na hoíche go hurlár buailte Bhoaz faoi mar a chomhairligh Náoimí di, agus d'impigh sí air a bheith mar fhuascailteoir gaoil ag Eilímeilic agus a mhaoin a cheannach agus í féin a phósadh d'fhonn clann a thógáil in ainm Eilímeilic. Aontaíonn Boaz faoi dheireadh agus thóg an dá chúram air féin. Óbaed ab ainm don mhac a rug Rút dó, b'eisean athair Ieise, agus seanathair Dháiví rí. Teagasc agus dea-shampla is aidhm don scéal. Daoine cneasta lácha is ea Náoimí, Rút agus Boaz. Níl aon imní ar Náoimí ina taobh féin ach i dtaobh bean a mic; tá sí dílis freisin do mhuintir a céile. Rút, an cailín Móábach, imíonn sí léi óna tír dhúchais agus glacann sí le creideamh an Tiarna de bharr a cion ar Náoimí. Ceann gach baintrí Dia, agus cuireann sé an rath ar an mbeirt bhan faoi dheireadh trí fhéile Bhoaz a rinne mar ba dhual do góél. Déanann véarsaí deiridh an leabhair (4:17b-22) an scéal a cheangal le ginealach Dháiví. Is dóigh le scoláirí áirithe gur breis dhéanach iad seo, b'fhéidir, ó 1 Croin. 2:2-15, agus gurb iad na focail i Rút 4:12, “Go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz!” faoi deara iad a chur anseo. Más amhlaidh atá, ní raibh aon bhaint go bunúsach ag scéal Rút le Dáiví. Mar atá sé is scéal é a thaispeánann lámh Dé ag treorú Rút ina gnáthchúraimí agus ag cur a bheannacht ar an gcailín umhal seo (agus ag tabhairt Dáiví, rí mór Iosrael, mar bhláth ar a sliocht). |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart