Laoi na Laoithe INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981LAOI na LAOITHE Brollach Sraith de dhánta grá atá anseo. Grá daonna atá i gceist sa chiall litre, ach is go fáthchiallach a ghlac na Giúdaigh leis an leabhar seo agus is mar sin a mhínigh an traidisiún Críostaí é de ghnáth. Ach tá an fháthchiall dhiaga bunaithe ar an gciall litre; dá réir sin is grá fir agus mná atá i gceist, ar an gcéad ásc, agus pléitear an grá sin go cneasta caoin ach go corraitheach mothaitheach chomh maith. Níl aon bhunús leis an tuairim gurbh é Solamh a chum; tá an teanga féin sa saothar i bhfad níos déanaí ná a ré-san – tá rian den Aramais uirthi agus tá focail iasachta ón nGréigis agus ón bPeirsis líonmhar go leor inti. B'fhéidir gur sa tríú nó sa cheathrú haois roimh Chríost a cumadh é – cinnte ba tar éis na deoraíochta é. Is deacair a bheith cinnte faoi líon na ndánta sa saothar, agus dá réir sin ní roinntear anseo é ar bhonn na ndánta; ach úsáidtear na pearsana a gcuirtear codanna nó foranna ina leith, dar linn, mar áis lena chur i láthair. Ba í an laoi seo an laoi thar laoithe ag na Giúdaigh agus d'áirigh siad an leabhar i measc na Scrollaí. Léidís é ag féile na Cásca. Baineann an Eaglais feidhm as go fáthchiallach á thagairt do ghrá Chríost dá bhrídeach, an Eaglais; do ghrá Dé agus Mhuire; don anam Críostaí agus Dia; don mhanach agus don duine rialta, ó tá siadsan aonta ar shlí faoi leith le Dia agus le Críost de réir gairme. Baintear feidhm as go minic dá réir sin sa liotúirge. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart