Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Iúidit 3 - An Bíobla Naofa 1981


Síocháin Éigeantach

1 Chuireadar taidhleoirí chuige, agus an focal bog ina mbéal.

2 “Is le Nabúcadnazar, an t‑ardrí, sinne,” a dúradar. “Sleachtaimid duit. Déan linn mar is toil leat.

3 Tá a bhfuil againn os do chomhair - tithe, feirmeacha agus goirt arbhair agus tréada caorach agus bó agus banracha lena mbothanna - déan leo mar is toil leat.

4 Féach, ár mbailte leis agus a gcónaíonn iontu. Seirbhísigh leat iad uile; tar agus déan leo mar is toil leat.”

5 Sin é an port a bhí ag na taidhleoirí nuair a thángadar os comhair Holofarnaes.

6 Ghluais sé roimis go dtí cósta na farraige, é féin agus a arm, agus ní raibh baile cnoic sa tír nár chuir sé garastún ann agus nár thóg sé as togha na bhfear chun troda ina arm féin.

7 Muintir na mbailte sin agus muintir na tuaithe mórthimpeall, thagaidís ag failtiú roimhe mar dhea, agus fleasca bláth orthu agus iad ag bualadh bodhrán agus ag rince.

8 Níor fhág sé scrín ar na cnoic nár leag sé go talamh, ná coill dhraíochta nár ghearr sé anuas, mar b'shin mar a ordaíodh dó - déithe na tíre uile a dhíothú, i dtreo gurbh é Nabúcadnazar amháin a bheadh á adhradh ag na ciníocha go léir, agus gach treibh acu ag guí chuige, mar Dhia, ina dteanga féin.

9 Sa tslí sin, tháinig sé go himeall mhachaire Easdraelón, in aice le Dótán, agus sléibhte arda Iúdáia trasna uaidh.

10 Rinne sé campa ansan, idir Gabaí agus Sciotopoil, agus níor tháinig níos faide go ceann míosa, go dtí go raibh an t‑arm ina lán-neart arís.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí