Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Iúidit 16 - An Bíobla Naofa 1981


Laoi Iúidit

1 Ansin, agus Iosrael go léir ina timpeall, chuir Iúidit ceann ar an laoi mholta seo, agus chan an pobal go léir an t‑iomann seo in ard a gcinn

2 Dúirt Iúidit: Crochaigí suas do Dhia é ar na tiompáin! Ceolaigí don Tiarna leis na ciombail! Déanaigí comhcheadal sailm agus caintice dó! Déanaigí a ainm a mhóradh agus a ghairm.

3 Óir is Dia a bhascann cogaí é an Tiarna, Mar shuigh sé a longfort i measc a phobail. Agus d'fhuascail mé ó lámha mo naimhde.

4 Tháinig an tAsaíreach aduaidh ó na sléibhte; Tháinig sé leis na mílte ar mhílte dá shluaite; Rinne a mhathshlua coisithe na gleannta a thachtadh, Agus bhí a mharcshlua mar bhrat ar na sléibhte.

5 Mhaígh sé go gcuirfeadh sé mo chríocha trí thine, Agus go n‑imreodh sé faobhar claímh ar m'ógfhir, Go mbascfadh sé mo naíonáin ar an urlár, Go bhfuadódh sé mo leanaí mar bhrad, Agus mo mhaighdeana mar chreach;

6 Ach chuir an Tiarna uilechumhachtach bac orthu Trí láimh mná.

7 Óir ní le lámh na n‑ógánach a thit a gcumasach, Ná ní hiad clann na dTíotan a leag ar lár é, Ná ní hiad na fathaigh uallacha a rinne an fogha; Ach is í Iúidit, iníon Mharáraí, A scrios é le scéimh a ceannaithe.

8 Mar bhain sí di a feisteas baintrí, D'fhonn misneach a thabhairt do lucht an drochmhisnigh in Iosrael. Rinne sí a haghaidh a ungadh le hola,

9 Agus a folt a chóiriú faoi cheannbheart, Agus chuir brat lín uimpi lena bhréagadh.

10 Rinne a cuarán a shúil a mhealladh, Agus chuir a háille cluain ar a aigne, Agus ghabh an claíomh trína mhuineál!

11 Chuir a misneach scéin ar na Peirsigh, Agus a dánaíocht scanradh ar na Méidigh.

12 Tháinig [critheagla] orthu nuair a liúigh mo phobal tláth. Tháinig ballchrith orthu nuair a liúigh siad níos airde, Agus theith siad nuair a chuir siad an liú is airde astu.

13 Chuir clann mhac na gcailíní an tsleá tríothu, Agus ghoin iad mar dhéanaidís leanaí na dteifeach. Cailleadh iad os comhair arm eagraithe mo Thiarna.

14 Canfaidh mé iomann nua do mo Dhia. A Thiarna, is mór é thú agus is glórmhar, Is éachtach thú i neart, agus ní féidir thú a chloí.

15 Go bhfóna do chruthaíocht go léir duit, Óir labhair tú agus rinneadh iad. Sheol tú do spiorad uait agus chum sé iad. Níl aon duine ann a d'fhéadfadh cur i gcoinne do ghlóire.

16 Creathfar na sléibhte óna mbonn Ina meascán leis na huiscí. Leáfaidh na carraigeacha romhat Faoi mar a dhéanfadh an chéir. Ach beidh tú trócaireach i gcónaí Leis an muintir ar a bhfuil eagla romhat.

17 Is suarach é gach íobairt mar ofráil chumhra. Agus sé is lú ar fad ná an tsaill d'íobairt loiscthe. An té ar a bhfuil eagla ar an Tiarna, beidh tathag ann go brách.

18 Is mairg do na náisiúin a éiríonn in aghaidh mo chine! Déanfaidh mo Thiarna uilechumhachtach díoltas a imirt orthu lá na breithe; Seolfaidh sé tine agus cruimheanna ina bhfeoil Agus goilfidh siad le pian go deo.

19 Nuair a shroicheadar Iarúsailéim d'adhradar Dia, agus a luaithe a bhí an pobal íonghlanta rinneadar a n‑íobairtí loiscthe agus a n‑íobairtí deonacha agus a mbronntanais a ofráil.

20 Rinne Iúidit gréithe uile Holofarnaes, a thug an pobal di, agus an ceannbhrat a thug sí féin léi ón seomra leapa, a thíolacadh do Dhia mar ofráil mhóide.

21 Bhí an pobal ag ceiliúradh in Iarúsailéim os comhair an Teampaill ar feadh trí mhí agus d'fhan Iúidit ina dteannta.


Deireadh Saoil Iúidit

22 Nuair a bhí na laethanta sin thart d'fhill gach duine ar a oidhreacht féin; chuaigh Iúidit ar ais go Béitiúilia agus chuir fúithi ina tailte féin; bhí meas uirthi ar fud na tíre go léir lena linn.

23 Bhí a lán daoine á tochmharc, ach níor phós sí ar ais le haon duine ar feadh a saoil ón lá a d'éag a céile, Manaise, agus a bailíodh é chun a mhuintire.

24 Leath a clú agus a cáil i bhfad i gcéin de réir mar chuaigh sí in aois i dteach a fear céile nó go raibh sí céad agus a cúig bliain d'aois. Thug sí a saoirse dá hionailt. Fuair sí bás i mBéitiúilia agus chuireadar í in uaimh a fear céile, Manaise,

25 agus chaoin teaghlach Iosrael í ar feadh seacht lá. Sula bhfuair sí bás roinn sí a maoin ar ghaolta a fir, Manaise, agus a gaolta féin. Níor chuir aon duine scanradh ar chlann Iosrael go deo arís go lá a báis ná ar feadh aga fhada ina dhiaidh sin.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí