Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Íseáia INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981

1

NA FÁITHE
Brollach
Tagraíonn an teideal “Na Fáithe” inniu, i gcomhthéacs an Bhíobla, do na sé leabhar déag sin a bhfuil leo ainm duine den seisear déag a d'fhógair briathar Dé d'Iosrael ó lár an ochtú haois R.Ch. síos amach go dtí an ré iardheoraíochta. Is féidir an focal a úsáid ag tagairt, ar ndóigh, do na daoine úd féin chomh maith, na daoine sin a chomhlíon mineastrálacht an fháidh. Tugtar na Mór-Fháithe ar an gcéad cheathrar – Íseáia, Irimia, Eizicéil, agus Dainéil; agus na Mion-Fháithe ar an gcuid eile. Níl an t‑idirdhealú seo bunaithe ar thábhacht na leabhar ná na bhfáithe, ach ar thoirt na leabhar amháin. Seo a leanas ainmneacha na Mion-Fháithe san ord ina bhfuil siad sa Bhíobla Eabhraise agus sa Vulgáid: Hóisé, Ióéil, Amós, Obaidiá, Ióna, Míocá, Nahúm, Habacúc, Zafainiá, Hagaí, Zacairia, agus Malaicí. Sa Vulgáid agus sa Bhíobla Gréigise tagann Barúch agus Olagóin (ach ar mhalairt oird sa Ghréigis) tar éis Irimia. Cuireann an Vulgáid Litir Irimia le Barúch, ach an Ghréigis le hOlagóin.
Ní réitíonn an Bíobla Eabhraise go hiomlán leis an nGréigis agus an Vulgáid maidir le téarmaí. Chiallaigh “na Fáithe” cnuasach níos mó do na hEabhraigh agus roinneadh é ina dhá chuid: (1) “na Fáithe Mocha”, .i. Iósua, Breithiúna, Samúéil, Ríthe, agus (2) “na Fáithe Déanacha”, .i. Íseáia, Irimia, Eizicéil, agus na Mion-Fháithe a luamar romhainn. Cuireadh Dainéil agus Olagóin leis an tríú roinn den Bhíobla ar a dtugtaí “na Scríbhinní”. Chuirtí “na Fáithe Déanacha” in ord díreach i ndiaidh “na bhFáithe Mocha”. Cuireann an t‑ord agus na teidil i gcuimhne dúinn gurb é an traidisiún Eabhrach é gur fáithe iad údair na leabhar seo go léir agus go bhfuil dlúthghaol eatarthu maidir leis an gcúram fáithe a dhéanann siad do chlann Iosrael.
Fáithe agus Fáistine
Na húdair a luaitear leis na leabhair seo anois, ní gá a rá, is dócha, nár scríobh siad iad díreach mar atáid ar fáil inniu. Scéal casta go leor is ea conas a cumadh iad. Daoine ab ea na fáithe, sa chuid is mó de, a raibh misean acu, agus a labhair ó bhéal le lucht a linne ar cheisteanna creidimh agus cleachtaithe i gcúinsí áirithe staire. Chuaigh a mbriathra i bhfeidhm chomh mór sin ar dhaoine gur síleadh gurbh fhiú iad a chaomhnú, agus chaomhnaigh daoine iad, ar dtús i mbéaloideas beo a ndeisceabal, is é is dóichí; ansin, sa dara háit, i ndréachtaí scríofa dá n‑aithisc nó dá mbéaloideas, agus faoi dheireadh sa chló inar seachadadh dúinn iad. Sé a thug tábhacht dá mbriathra ná an chinnteacht a bhí ag an bhfáidh féin, agus ag an muintir a chaomhnaigh a theagasc gur dhuine é a bhí ceaptha ag an Tiarna lena bhriathar a fhógairt dá phobal.
Níorbh iad Iosrael an t‑aon chine amháin sa Ghar-Oirthear fadó a chreid go raibh daoine ina measc féin arbh é a bhfeidhm toil a ndé a nochtadh dá muintir. Tá fianaise dhaingean scríofa i dtíortha eile, a bhfuil gaol cultúrtha acu le hIosrael, ar imeachtaí a bhfuil cosúlachtaí dearfa idir iad agus an fháidheoireacht sa Sean-Tiomna. I gcartlann Mari ó aimsir Hammurabi, i dtreo deireadh an ochtú haois déag R.Ch., tá fianaise ar dhaoine cosúil le fáithe a fhoilsíonn d'ardoifigigh teachtaireachtaí a fhaigheann siad óna ndéithe i mbrionglóidí. In aon téacs amháin, abair, dearbhaíonn an dia Hadad, ó bhéal a fháidh, gur chuir sé an rí ina ríchathaoir agus go raibh sé de cheart aige é a athríogadh chomh maith. In áit eile tá tagairt d'fhísithe a thaistealann leis an arm agus a fhógraíonn toil a ndé dóibh. San aonú haois déag léimid gur tharla ógánach i mByblos ar Wen-amon a d'fhoilsigh toil Amón dá mháistir in uair an adhartha de thoradh taom buile nó deamhanseilbhe. Bhí físithe nó aislingeoirí sa tSír san ochtú haois le teachtaireachtaí a thabhairt ón dia go dtí an rí. Tugtar tuairisc ar na nithe seo amhail is nach raibh iontu ach gnáthimeachtaí i dtaithí chreidimh an chine.
Is léir go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir a leithéidí sin agus an fháidheoireacht in Iosrael. Ach san am céanna ní foláir a chur in iúl go teann nach raibh aon ní ar aon chor sa Ghar-Oirthear sna Cianaoiseanna ar aon dul ó thaobh fairsinge agus tábhacht le fáidheoireacht agus teachtaireacht fháithe creidimh Iosrael.
Sé an focal Eabhraise is coitianta in úsáid do “fáidh” ná nabi’. Níl sanasaíocht an fhocail seo róshoiléir; deir scoláirí áirithe go bhfuil baint aige le fréamh ársa a chiallaigh “bheith ag brúchtaíl go glórach”, agus feiceann siad baint ag an nabi’ le corraithe eacstaiseacha. Tuairimíonn scoláirí eile go bhfuil nabi’ gaolmhar le fréamh a chiallaigh “labhairt”, agus go gciallaíonn an focal féin “cainteoir”, “teanga labhartha”. Tá tuairim eile fós ann, tuairim níos úire ach a bhfuil tacaíocht mhór aige; dá réir sin tá gaol ag an bhfocal nabi’ le fréamh Acadach a chiallaíonn “gairm” nó “glaoch”, agus go gciallaíonn an focal féin “duine a ghlaonn” nó “duine a ghlaoitear”. Úsáidtear sa Sean-Tiomna é ag tagairt do dhaoine a nglactar leo mar fháithe fíora nó mar fháithe bréige, mar fháithe leis an Tiarna nó mar fháithe le Bál.
Sa sliocht 1 Sam. 9:6-12 baintear feidhm as trí focail, agus iad go léir ag tagairt do Shamúéil agus gan aon idirdhealú eatarthu. Siad na focail: nabi’, ish ha'elohim (“Giolla (lit. “fear”) Dé”), agus ro'eh (“fear na bhfíseanna”) le gluais “an té ar a dtugtar fáidh (nabi’) thugtaí fear na bhfíseanna air fadó”. Úsáidtí hozeh (“físí”) níos minice ná ro'eh agus tá sé ar fáil taobh leis agus le nabi’ (Ís. 30:10; Amós 7:12; Míocá 3:6-7). Sé an scéal céanna é ag hôlem (“aislingeach”). Tugtar “teachtaire”, agus “giolla” an Tiarna ar an bhfáidh in áiteanna eile. Ní foláir glacadh leis an bhfocal “giolla” sa chiall “oifigeach iontaofa rí”, duine a raibh eolas aige ar chuspóirí agus aidhmeanna an rí, á mbeartú agus á gcur i ngníomh.
Is léir ó théarmaí mar “físí”, “fáidh”, agus “aislingeach”, gur glacadh le fáidheoireacht mar thoradh ar fhios ar leith a bheadh ag an bhfáidh, fios nach mbeadh ag an ngnáthdhuine. Na téarmaí “giolla Dé”, “teachtaire” nó “giolla an Tiarna”, cuireann siad in iúl gur creideadh go raibh dlúthchaidreamh ag an bhfáidh leis an Tiarna. Cuirtear é sin in iúl níos soiléire sa mhéid go dtuigtear don fháidh féin go mbíonn sé i gcomhairle leis an Tiarna (Ir. 23:18-22; Ís. 6:1-10; 1 Ríthe 22:19; cf. Amós 3:7). Tá leid eile faoi chiall an fhocail nabi’ in Eax. 7:1-12, mar a ceapadh Maois ina “dhia do Fhorann” agus Árón a dheartháir mar fháidh aige, le go n‑inseodh seisean do Fhorann gach a ndéarfadh Maois leis-sean. Bhí Maois tar éis a ghearán go raibh tutbhéalaíocht air féin, agus ansin ceapadh Árón le labhairt ar a shon. Chiallódh nabi’ dá réir sin duine a labhródh ar son duine eile, teanga labhartha sa chiall sin.
Ach táthar tar éis teacht ar thuiscint níos soiléire fós ar bhrí an fhocail nabi’ le blianta beaga anuas de bhrí gur aimsíodh an ghné liteartha a úsáidtear i gcuid de na leabhair nuair a bhíonn glaoch an fháidh á chur i láthair (Ís. 6:1-10; 40:1-11; Ir. 1:4-10; Eiz. 1:1 – 3:11). Is í an ghné atá i gceist ná an ghné a mbaineadh taidhleoir nó ambasadóir údaraithe feidhm aisti ag cur a dhintiúirí i láthair cúirte iasachta chuig a seolfaí é. Tá béim sa ghné sin ar an bpáirt a bhíonn ag an bhfear labhartha ag socrú treoracha a chúraim féin; tá sé eilimint i gceist: (1) teacht i láthair, (2) briathar tionscnaimh, (3) ordú gnótha, (4) cur in aghaidh, (5) athdhearbhú, (6) comhartha. Tá sampla an-mhaith de cheapadh ambasadóra agus dósan ag cur a dhintiúirí i láthair i nGein. c. 24, mar a gcuireann Abrahám a sheirbhíseach chuig a thír dhúchais le bean a fháil d'Íosác. Nuair a úsáidtear an ghné liteartha seo ag tagairt do na fáithe, cuireann sí i láthair iad mar fhir labhartha údarásacha an Tiarna. Tá ceithre cinn, nó breis, de na heilimintí in úsáid i gcás ghairm Íseáia, Irimia, Eizicéil, agus an Dara hÍseáia. Tá sí á, húsáid freisin i gcás ghairm Mhaois. Ós fir labhartha chreidiúnaithe iad, cuireann na fáithe a n‑oracail, a bhfáistiní, i láthair le nathanna údarásacha mar: “a deir an Tiarna”, “briathar an Tiarna”, “dúirt an Tiarna liom”. An tuiscint d'fheidhm an fháidh a chuirtear in iúl in úsáid na “gairmghné” seo, mar nár mhiste a thabhairt uirthi, tá dlúthcheangal idir é agus an tuiscint gur idirghuítheoir chomh maith é an fáidh: is minic a dhéanann sé idirghabháil le fóill a chur ar lámh Dé agus é ag bagairt pionóis (Amós 7:1-6; Ir. 7:1; 11:14; 14:11; 15:1; 18 – 20; Eiz. 9:8; cf. Gein. 18:16-22). Tuigeadh d'Eizicéil gurbh fhear faire é féin agus nach raibh de chúram air ach briathar an Tiarna a fhógairt d'Iosrael (3:16-21; 33:1-9); ní bheadh aon fhreagracht ar fhear labhartha an Tiarna sa chás nach n‑éisteodh an pobal leis an mbriathar sin.
Na fáithe a bhfuil a mbriathra ar caomhnú i leabhair na bhfáithe, níorbh iadsan amháin na fáithe a bhí in Iosrael fadó; ní mó ná sin a thaibhsigh siad go tobann gan réamhtheachtaí. Bhí páirt mhór ag fáithe i saol Iosrael ó aimsir Shamúéil anuas, tugtar fáidh, giolla Dé, agus breitheamh ar Shamúéil (1 Sam. 3:20; 7:15; 9:8-11). Fuair sé a ghairm le linn dó a bheith ag freastal faoi stiúir Éilí ag scrín ársa Shileo agus ar feadh an chuid eile dá shaol fuair sé agus d'fhógair sé briathar Dé in Iosrael. Bhí baint mhór aige le forbairt na ríogachta. Bhí baint ag Nátán, Gád, Aichíá, Éilias, agus Eilíseá le géarchéimeanna na ríogachta níos déanaí (2 Sam. 7:1-17; 12:1-5; 24:12-19; 1 Ríthe 1:10-40; 11:29-39; 14:15-16; 2 Ríthe 1:2-17; 9:1-3). Thug Nátán agus Gád tacaíocht mhór do Dháiví, ach cháin siad go dóite é nuair a pheacaigh sé. Chuathas i gcomhairle le hAichíá faoi bhreoiteacht linbh (1 Ríthe 14:1-18); glacadh le hEilíseá mar oidhre spioradálta ar Mhaois agus mar chosantóir ar an gcreideamh a foilsíodh trí Mhaois. Maois féin, ba gheall le sinsear na bhfáithe uile é ag glúinte i bhfad ina dhiaidh ar a laghad (cf. Deot. 18:15). Tá éachtaí agus briathra Éilias agus Eilíseá caomhnaithe ina dtraidisiún (1 Ríthe 17 – 2 Ríthe 13).
Bhí fáithe de shórt eile leis in Iosrael. Le linn Shamúéil bhí gasraí fáithe a mhainreadh ar shlí mar chuallacht, agus a chosain traidisiún Iosrael in aghaidh na bhFilistíneach: bhainidís feidhm as rithim agus ceol cnaguirlisí le sórt taom buile nó eacstaise a mhúscailt; thugtaí fáidheoireacht ar a mbíodh ar siúl acu sa staid sin. Na scoláirí a deir go ndíoraíonn an focal nabi’ ó fhréamh a chiallaíonn “bheith ag brúchtaíl go glórach”, baineann siad feidhm as an bhfianaise seo mar chruthú ar a dtuairim. Fág go mbíodh Samúéil, Éilias, agus Eilíseá i gcuideachta na ngasraí fáidhiúla sin ar uaire, ní dhéanaidís aithris ar a dtaomanna eacstaise. Dealraíonn sé go ndeachaigh na gasraí seo i léig, ó thaobh éifeachta chun na dea-bheatha de, tar éis leasú Ieáhú; ach bhí grúpaí fáithe ar fáil fós le linn Amós (7:12), agus fiú síos go tar éis na deoraíochta (Zac. 7:3).
Le linn Éilias thug fáithe Iosrael agus na fáithe págánacha faoina chéile ceann ar aghaidh. I lár ghéarleanúint Ízeibil tugann Éilias féin leis dúshlán cheithre chéad go leith fáidh ríoga Bhál. Tugtar cur síos fonóideach ar ghnásanna adhartha na bhfáithe págánacha lena radaireacht, agus iad ag glaoch in ard a gcinn, agus á ngearradh féin le claimhte. Bhí na fáithe sin ag seirbhís do Bhál, dia fáis is torthúlachta, agus bhídís ag iarraidh é a ionramháil chun a dtola le cabhair a n‑íobairtí cultais (1 Ríthe 18:19-40). Cé gur dócha go raibh gaol ag fáidheoireacht Iosrael léi siúd i measc ciní ina gcóngar, ní théann sí thar fóir in aon chás faoi mar a rinne fáithe agus fáidheoireacht Bhál.
Rinneadh ionsaí níos baolaí ón taobh istigh ar fháidheoireacht in Iosrael. Anois agus arís tháinig fáithe bréige ar an bhfód; cur i gcéill agus calaois a bhí i gceist i gcás cuid acu, agus baois agus éagantacht i gcásanna eile. Thug na fáithe fíora fúthu go nimhneach. Bhí ceithre chéad fáidh den sórt sin ag Acháb; chuaigh sé i gcomhairle leo faoina fheachtas míleata, agus thug siad freagra air de réir mar d'oir dá mhianta agus dá chás. De réir Mhíocáia mhic Imleá, líon an Tiarna na fáithe sin le spiorad éithigh le hAcháb a mhilleadh. Agus bhí a fhios sin aige mar go raibh, a dúirt sé, fios aige faoi chomhairle chúirt neimhe (1 Ríthe 22:5-23). D'fhulaing Irimia a lán ó lámha fáithe den sórt sin. Thairngir sé bás Hanainiá de bharr a thairngreachtaí mealltacha bréagacha (Ir. 28); cháin sé na fáithe bréige coirpeacha a cheap iad féin, agus a bhí á gcur féin agus daoine eile amú, agus arb é dianphionós an Tiarna ba dhual dóibh mar luach saothair (Ir. 23:9-40). Tugann Hóisé (4:4-11), Íseáia (28:7-13), Míocá (3:5-11), agus Eizicéil (13:1-13) léasadh teanga chomh maith do na fáithe bréige. Tugann an Sean-Tiomna dhá shlat tomhais dúinn le na fáithe bréige a aithint: comhlíonadh a dtairngreachtaí (Ir. 28:9 et seqq.; Deot. 18:22), agus a dteagasc a bheith ag réiteach le traidisiún Mhaois (Deot. 13:1-6).
Cúlra Staire
Ina seanmóireacht ó bhéal phléigh na fáithe leis na cúinsí ina raibh siad. Tháinig gach duine riamh díobh geall leis ar an bhfód le linn éigeandála náisiúnta. Ní fhéadfadh aon fháidh déileáil le cruachás na linne gan tuiscint do na himeachtaí staire as ar fáisceadh é, nó gan spléachadh a thabhairt ar a raibh á thuar aige. Cé gurb iad cúrsaí creidimh Iosrael féin ba chás leo, mar sin féin chaith siad déileáil le himeachtaí seachtracha a mbeadh drochthionchar acu ar an gcreideamh sin. Tharla trí mhórimeacht ar stáitse an tsaoil mhóir amuigh a chuaigh i bhfeidhm go mór ar shaol Iosrael:
(1) Fás impireacht na hAsaíre san ochtú haois.
(2) Meath na hAsaíre agus fás na Bablóine sa seachtú haois.
(3) Turnamh na Bablóine agus fás na Peirse sa séú haois.
Tharla gabháil Alastair Mhóir i dtreo dheireadh an cheathrú haois. Tháinig Iosrael faoi réim na Ptoiliméach agus na Seiliúcach ina dhiaidh sin: bhí fáidheoireacht ag dul i léig faoin tráth sin agus bhí an stíl apacailipteach ag teacht chun cinn ina háit. Sé leabhar Dhainéil an t‑aon leabhar de chuid na bhFáithe a bhaineann leis an tréimhse sin.
Bhí sé bunúsach maidir le creideamh Iosrael gur chreid siad gur roghnaigh an Tiarna (Iáivé) Iosrael mar phobal dó féin gur fhuascail sé í ón Éigipt agus gur thug sé seilbh di ar thír le maireachtáil go buan ann agus a Dia a adhradh gan cur isteach uirthi. De réir mar a bhrúigh an Asaír siar sa dara leath den seachtú haois, tosaíodh ag luí ar Ríocht an Tuaiscirt: bhí an ríocht sin lag, easaontaithe, truaillithe, agus gan aon seans aici teacht slán. Faoin mbliain 738 bhí cáin á íoc aici, cé gur le doicheall é, leis an Asaír. Ansin tháinig seisear rí sna sála ar a chéile go tapa, agus gan ach aon duine amháin díobh a fuair bás le hadhairt. Rinneadh ionradh gan chiall ar Iúdá, agus d'fhill an Asaír ar ais agus d'éiligh breis cánach agus smacht níos déine. Ansin faoi dheireadh rinne Ríocht an Tuaiscirt ceannairc éigiallta, ag brath go baoth ar gheallúint cabhrach ón Éigipt: sé toradh a bhí air sin ná gur scriosadh í féin, gur tugadh a muintir ar shiúl agus gur plandáladh daoine deoranta ina críocha.
Ba fhadhb mhór chreidimh é daoine iasachta a bheith i seilbh talún a thug an Tiarna (Iáivé) d'Iosrael. D'eascair ceisteanna bunúsacha as: an raibh ar chumas an Tiarna an fód a sheasamh in aghaidh na hAsaíre agus dhéithe na nAsaíreach? An bhféadfadh sé a ghealltanais a chomhlíonadh? An raibh a leithéid ann ar aon chor? Rinne Amós agus Hóisé go háirithe iarracht ar fhreagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin agus na daoine a thabhairt ar ais chun creidimh. Bhí Ríocht an Tuaiscirt ar lár: mheath sí ó laistigh mar nach raibh sí dílis don chonradh: an mhídhílseacht sin faoi deara gur chaill sí a tailte; dílse don chonradh an t‑aon urra a bhí leosan. Mar sin féin fad a bhí creidmhigh éigin fágtha sa Deisceart agus iad ag teacht slán mar phobal, ní fhéadfaí a rá gur theip ar fad ar na gealltanais.
Ach ní raibh Ríocht an Deiscirt gan bhárthainn. De thoradh Áchaz a lorg cabhrach ón Asaír, chaith sé dul faoina smacht agus ansin glacadh le déithe na hAsaíre chomh maith le Iáivé (an Tiarna) i dTeampall Iarúsailéim féin. Bhí na doirse ar leathadh ansin don phágánachas dúchais, do fhaisin, do phiseoga, agus do chultais iasachta. Bhí an conradh a d'aithin Iáivé mar aon Dia phobal Iosrael á chreimeadh ina chroí, mura raibh sé á chur ar ceal ar fad. Rinne Hiziciá (715-687) iarracht ar bheartas Áchaz a chur ar ceal agus an fíorchreideamh a athbhunú, ach theip air agus ní raibh de bharr a shaothair aige ach cánacha breise. Níor briseadh air sa cheannairc eile a rinne sé ach, tar éis bháis dó, ghéill Iúdá don Asaír agus ghlac lena ceannas agus lena déithe gan cheist ar feadh daichead bliain.
Throid beirt fháidh ar son anam Iúdá i dtús na géarchéime seo. Bhí ceannasaíocht ag an Asaír ar thír agus ríshliocht Dháiví le chéile. Mheas daoine áirithe go raibh conradh Mhaois agus conradh Dháiví á milleadh. Mheas dream eile nach raibh de fhreagra ar an bpráinn ach muinín fhanaiceach sna gealltanais. Léirigh Íseáia gur loic idir náisiún agus rí, idir shagart agus fháidh maidir lena ndualgais chonartha a chomhlíonadh; go raibh an Asaír mar bhata pionóis ag an Tiarna á smachtú: ach ar deireadh thiar go dtiocfadh náisiún naofa chun cinn agus go mbeadh síocháin agus cóir Iáivé i réim. Thug Míocá rabhadh go raibh drochíde i ndán dóibh de bhrí go raibh na boicht agus na dearóile faoi leatrom ag an dream dar dhual a ndídean: ach nuair a ghlanfaí is a scagfaí an pobal go mbeadh dlí an Tiarna i réim arís, agus an tsíocháin acu dá bharr.
Nuair a bhí an Asaír ag meathlú, tháinig Ióisíá (640-609) i réim agus chrom sé gan mhoill ar leasú a chur i bhfeidhm. Thóg sé deas socair ar dtús é, ach ansin de réir a chéile chuir sé beartas iomlán leasaithe sa siúl; chuir sé na cultais phágánacha go léir idir dhúchasacha agus iasachta faoi chois; d'fhonn glaine chultas Iáivé a chinntiú, lárnaigh sé an t‑adhradh poiblí go léir in Iarúsailéim. Ní fada a mhair neamhspleáchas Iúdá. Chuir an Bhablóin a riail, a nósanna agus a gnásanna creidimh féin i bhfeidhm. Tharla ceannairc, ach ní raibh de thoradh uirthi ach gur scriosadh an ríocht, a príomhchathair, Iarúsailéim, agus a Teampall; agus gur tugadh ar deoraíocht chuig an Bhablóin idir rí agus phrionsaí agus lucht ceirde; mhair an deoraíocht leathchéad bliain.
Smacht seo na n‑eachtrannach, agus an ghabháil iomlán seo, d'eascair na seancheisteanna astu, ach anois ba phráinní ná riamh iad. An uair seo tharla an tubaiste tar éis dóibh an seanchonradh a athnuachan go sárshollúnta agus an leasú is uileghabhálaí dár cuireadh i bhfeidhm riamh a chur i gcrích. Rinne Zafainiá agus Irimia iarracht ar an bpobal a thabhairt slán ón ngábhadh seo. Cháin Zafainiá na droch-chleachtaithe cultais agus iompair mar cheannairc in aghaidh an Tiarna, agus bhagair go mbeadh drochíde dá mbarr; ach d'fhógair sé leis go mbeadh iarmhar íonghlanta mar thoradh ar an aithrí. Chuaigh Irimia i muinín an ghrá agus na dílseachta gan cheist a bhí suas i ré chonartha Mhaois. Dhearbhaigh sé le fórsa nach saorfadh an Teampall, ná Cathair an Tiarna, an pobal mura nglacfaí ó chroí go hiomlán leis an gconradh úd agus go gcuirfí i bhfeidhm é gan cheist, agus gan éigean ó lasmuigh. Sna cúinsí nua sin, go neadódh an Tiarna a dhlí go doimhin i gcroíthe na ndaoine agus go ngéillfidís d'éilimh agus do ghriogadh an dlí sin. Ach nárbh fholáir do Iúdá leorghníomh a dhéanamh ina teip, trí ionnarbadh agus dheoraíocht. Mhóraigh Nahúm an Tiarna nuair a d'imir sé pionós ar Asaír an uabhair agus na cruálachta agus a scrios sé í. Habacúc, a bhí beagán níos déanaí ná Nahúm, tuigeadh dó gurb iad na Bablónaigh uirlis smachtaithe an Tiarna; ach go scriosfadh a gcruálacht thar cailc iad féin fós ar deireadh.
Chuir Eizicéil peacaí agus ceannairc an chine, a tharraing díoltas Dé orthu féin, ar a súile don phobal sa chéad trí dheichniúr dá ndeoraíocht – agus sular fhág sé Iúdá freisin b'fhéidir go raibh sin ar siúl aige. Chuir sé an ruaig ar éadóchas na ndeoraithe le cumhacht agus glóir an Tiarna a fhógairt dóibh; thaispeáin sé nach raibh siadsan teoranta do Iarúsailéim ná don áit naofa. D'fhéadfadh an Tiarna anáil na beatha, an t‑anam, a shéideadh isteach sna cnámha bána agus pobal athbheoite a shocrú arís i dtír a ndúchais nuair a bheadh sé nite glan ó gach coirpeacht.
Thit an Bhablóin thíoránach roimh chlaíomh Chíoras na Peirse in 539. An bhliain dár gcionn díreach d'eisigh Cíoras forógra a cheadaigh do na Giúdaigh filleadh ar a dtír dhúchais. Sna deichniúir dheiridh den deoraíocht bhí an Dara hÍseáia ag fógairt teachtaireacht sóláis agus dóchais dá mhuintir: bhí glactha ag an Tiarna le haithrí Iosrael agus bhí sé ar tí iad a threorú abhaile in eaxodus glórmhar nua.
Ach is baolach nár thuras mar a thuairisc é an filleadh, ná níorbh ionann a bhfuarthas rompu agus sprioc a ndóchais. D'éirigh go maith le cuid de na deoraithe sa Bhablóin agus bhí saol dá gcuid féin tógtha acu ina dtimpeall: is beag fonn a bhí orthusan cur chun bóthair arís. Iad siúd a d'fhill, bhí na céadta fadhb rompu – an chathair agus an Teampall ar lár, an talamh gan saothrú agus i seilbh iarmhair eile, naimhdeas na Samárach, agus tiormach ar thriomach agus barraí gan toradh. Bhí a ndóthain cúraim ar Hagaí, Zacaria, agus ar an Tríú hÍseáia a chur ina luí ar na deoraithe a d'fhill nach raibh sna deacrachtaí sin go léir ach íona fáis an chine athnuaite. De bharr an mhisnigh a mhúscail siadsan, agus an dóchais go mbunódh an Tiarna réim rí Dháiví athuair in Iarúsailéim, sáraíodh na deacrachtaí agus atógadh an Teampall. Chuaigh Malaicí, Ióéil, Obaidiá, agus Ióna i ngleic le fadhbanna eile a bhí ag an bpobal a d'fhill – sagairt mhídhílse, póstaí measctha, colscaradh, plá lócaistí, caidreamh le sean-naimhde, fadhbanna faoin Tiarna ag cúiteamh, agus faoina ghrá agus a thoil uilíoch slánaithe.
Ba leis an dream deiridh sin a chuaigh an fháidheoireacht chun suain. Áirítear Dainéil i measc Leabhair na bhFáithe sa Bhíobla Gréigise agus sa Vulgáid, ach is leis na Scríbhinní a áiríonn an Bíobla Eabhraise é, agus sin le ceart. Baineann sé leis an ngné apacailipteach, agus is é a théama ná leithleachas Dé agus na nIosraelach. Cumadh é le linn éirí amach na Macabaech in aghaidh ghéarleanúint na Seiliúcach 167-164 R.Ch.
Leabhair na bhFáithe
Luadh cheana na trí céimeanna i bhfás leabhar fáidh: briathar beo an fháidh, a bhéaloideas beo, agus cuntas scríofa. Is léir óna lán sleachta gur thug an fáidh a theachtaireacht uaidh ó bhéal. Ní deirtear lena lucht éiste briathar an Tiarna a léamh ach cluas a thabhairt dó, éisteacht leis. Is féidir lámh dhuine eile a fheiceáil sna sleachta iomadúla atá sa tríú pearsa agus sna teidil eagarthóra. Tá fianaise an-luachmhar in Ir. c. 36 faoi cén sórt rud a tharla le tús a chur le leagan scríofa de theachtaireacht. Dheachtaigh Irimia, dá ghraifneoir, Barúch, na briathra go léir a labhair an Tiarna leis in imeacht na dtrí bliana fichead roimhe sin. Theastaigh uaidh an cosc a bhí air dul isteach i bpálás an rí a shárú, agus go léifí a bhriathra i láthair an rí agus a theaghlaigh, ós rud nach bhféadfadh sé iad a rá os a chomhair. Dhóigh an rí Iahóiácaím stiall ar stiall den scrolla de réir mar a d'oscail sé agus é á léamh, amhail is dá gcuirfeadh sin na horacail faoi chois. Dheachtaigh Irimia a oracail do Bharúch arís, ach an uair seo scríobh sé siúd mórán briathra eile i dteannta a raibh ar an gcéad scrolla. Ní raibh sa chéad scrolla ach nithe a bhain le timpeall leath de mhineastrálacht Irimia. Is léir gur tuigeadh do Bharúch go raibh a lán rudaí, seachas ar dheachtaigh Irimia dó, arbh fhiú a chaomhnú. B'fhéidir go raibh ráitis a thug Irimia sna blianta tar éis an scrolla a scríobh i gceist. An scéal seo faoi scrolla Irimia tugann sé chun cuimhne an treoir a thug Íseáia dá dheisceabail céad bliain díreach roimhe sin: bhíothas tar éis diúltú don chomhairle a thug sé gan dul i gcomhar leis an Éigipt, a bhí chomh guagach sin, in éirí amach in aghaidh na hAsaíre tar éis bháis do Shargon in 705 R. Ch.; theastaigh ó Íseáia go gcaomhnófaí a chomhairle ar phár, agus thug sé treoir dá réir sin dá dheisceabail: “Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé ann san am le teacht ina fhianaise bhuan” (30:8). Tríocha bliain roimhe sin, nuair a theip air a áiteamh ar Áchaz gan cabhair a lorg ar an Asaír agus sa tslí sin gan teacht faoi ghéillsine di féin agus dá déithe, chuir sé a thiomna faoi chúram thraidisiún beo a dheisceabal: “Tá an tiomna faoi chlúdach, an teagasc faoi shéala agam i gcroí mo dheisceabal” (8:16).
Taispeánann na samplaí sin conas a chaomhnaítí briathra an fháidh lena linn féin. Is é is dóichí gur do dheisceabail na bhfáithe ar leith atá ár mbuíochas ag dul ar son a lán den bheathaisnéis atá le fáil sna leabhair. Is ó thraidisiún sin na ndeisceabal, is dócha, a shíolraigh a lán den sórt sin ábhair atá i Leabhair na Ríthe agus in Íseáia (Ís. cc. 36-39: 2 Ríthe cc. 18-20). Is iomaí rud a shocródh conas a dhéanfaí caomhnú agus eagrú ar oidhreacht an fháidh. Bheadh claonadh ag oracail agus ráitis a bhain leis an ábhar céanna, nó le hábhair ghaolmhara, leis na daoine céanna, nó na dúichí céanna, briseadh leis an ord ama agus dlúthú le chéile. Go deimhin dealraíonn sé nach é an t‑ord ama is mó shocraigh ord an ábhair. Sampla soiléir den ábhar a bheith ag socrú an oird agus an eagair is ea mar a bailíodh na horacail in aghaidh na náisiún in Íseáia (cc. 13-23), Irimia (cc. 46-51) agus Eizicéil (cc. 25-32). Bheadh cnuasaigh d'aonaid ar leith, agus ghlacfaí sna cnuasaigh sin le hábhar den sórt céanna de réir mar a thiocfaidís isteach sa traidisiún. Bheadh deisceabail chráifeacha dhílse ag coimeád ráiteas na bhfáithe móra beo; bheadh na ráitis sin ina n‑ábhar misnigh acu féin, agus ina gcabhair le croíthe daoine eile sa phobal i gcoitinne a spreagadh chun creidimh agus aithrí. Bheadh cúinsí a linne ag éileamh go ndéanfaí ráitis chaothúla ón seansaol a chur i bhfeidhm ar imeachtaí an lae; bhí sé de réir nós na linne go ndéanfaí athruithe beaga maidir le focail, agus le hainmneacha dílse, go ndéanfaí lomadh agus bearradh, oiriúnú agus fadú, d'fhonn an teachtaireacht bhunúsach a chur i bhfeidhm ar chás na linne agus abhaile ar an bpobal. Sampla den sórt sin oiriúnú, is dócha, is ea an sliocht deiridh in Amós a dhéanann athbhunú ríocht Dháiví a thairngreacht (Amós 9:11-15).
Sa phlé ar na leabhair ar leith inár ndiaidh leanfaimid ord an Bhíobla i gcás na Mór-Fháithe; sin é an t‑ord ceart ama cibé scéal é; agus i gcás na Mion-Fhaithe leanfaimid an t‑ord ama mar is fearr is féidir linn sin a chinntiú.
Íseáia
Tá na scoláirí d'aon aigne geall leis inniu gur i gcc. 1-39 amháin den leabhar seo atá ábhar le fáil a shíolraíonn ó Íseáia mac Ámóz ó Iarúsailéim, an té a fuair a ghlao chun fáidheoireachta sa bhliain a fuair Uiziá bás (740 R.Ch.) agus ar lean a mhineastrálacht trí réimeas Iótám (†736), Áchaz (†715) agus Hiziciá (†687). Dá bhfuil fágtha, cuirtear cc. 40-55 i leith fáidh anaithnid ó ré na deoraíochta ar a dtugtar an Dara hÍseáia anois; agus cuireann a lán scolairí cc. 56-66 i leith fáidh nó scoil fáithe ón ré iardheoraíochta, agus tugann siad an Tríú hÍseáia ar an gcuid sin. Is é a thug ar na scoláirí teacht ar na tuairimí sin faoi fhoinsí agus faoi údair an leabhair ná nithe mar cúrsaí stíle, cúlra stairiúil, smaointe, béim agus cur i láthair.
Fuair Íseáia a ghlao fáidh an bhliain a fuair Uiziá bás (740). Bá é tóir na hAsaíre ar cheannas an domhain an cor polaitiúil ba mhó sa saol idirnáisiúnta lena linn. Chuaigh an tóir seo i bhfeidhm go cinniúnach ar Iúdá trí huaire go háirithe ar shlí a mhúnlaigh mineastrálacht Íseáia go bunúsach agus a shocraigh a lán d'ábhar a theagaisc:
(1) Nuair a d'iarr Áchaz coimirce na hAsaíre in aghaidh ionradh Eafráim agus na Suíre in 736-733.
(2) Nuair a bhí Hiziciá ag manaois le ceannairc a bhí á spreagadh ag an Éigipt in aghaidh na hAsaíre in 714-711.
(3) Nuair a d'éirigh Hiziciá amach in aghaidh na hAsaíre in 705 agus in 688.
Nuair a ghlac Áchaz le coimirce na hAsaíre, ghlac sé chomh maith lena ceannasaíocht, agus le hadhradh a déithe sa Teampall in Iarúsailéim (2 Ríthe 16:5-18). Chuir Íseáia ina aghaidh sin le barr dúthrachta. Thairngir sé titim na hAsaíre agus, mar gheall le dílse an Tiarna do theaghlach Dháiví, thairngir sé breith Imeánuéil. Níor tugadh aon aird ar an impí a rinne sé muinín a chur sa Tiarna in áit i gcumhachtaí daonna. Baineann formhór na n‑oracal i gcc. 6-12 leis an tréimhse sin.
Leasaitheoir ab ea an rí Hiziciá agus bhí sé ag faire na faille leis an náire Asaíreach a dhíbirt. Rinne an Éigipt iarracht ar é a mhealladh chun éirí amach (714), ach d'impigh Íseáia air gan muinín a chur i gconarthaí míleata ach sa Tiarna. Ní raibh, a dhearbhaigh sé, mar theannta ag Iúdá, ach an chóir agus an dílse; chiallódh conarthaí le cumhachtaí iasachta go gcaithfí géilleadh dá ndéithe bréige agus go leanfadh mímhacántacht shóisialta agus truailliú creidimh as sin. Rinne sé agóid; ghabh sé timpeall cosnocht agus tarnocht mar chime cogaidh, ina shiombail ghlé dá mbeadh i ndán do cheannaircigh (20:1-6). Glacadh lena chomhairle. Ach nuair a cailleadh Sargon d'éirigh Hiziciá amach; ghabh Sanaichéiríb a chathracha, agus chuir Iarúsailéim faoi léigear in 701. Cháin Íseáia an beartas mar bhaois agus mar fhianaise shoiléir ar easpa creidimh sa Tiarna (28:14-22; 30:1-17; 13:1-3). Dealraíonn sé gur ansin, nuair a diúltaíodh dá chomhairle, a chur sé a ráitis ar an gceist faoi chúram a dheisceabal (30:8). Faoi cheann deich mbliana ba é an scéal céanna arís é. Ach tuigeadh d'Íseáia go raibh an Asaír ag dul thar fóir in áit bheith mar uirlis pionóis ag an Tiarna (10:15-19), agus go scriosfaí í ar thalamh Iúdá (14:24-27; 17:12-14). Fuasclaíodh Iarúsailéim go diamhrach (37:33-38). Ba é sin an uair dheiridh a luaitear go raibh lámh ag Íseáia in imeachtaí poiblí.
Níor mhiste ábhar leabhar Íseáia a rianú mar leanas:
c. 1. Oracail in éadan Iúdá ó bhlianta eagsúla.
cc. 2-5, 9:7 – 12:6. Cnuasach eile d'oracail in éadan Iúdá, agus dhá thairngreacht faoi Shíón (2:2-4) agus a rí (11:1-9).
6:1 – 9:6. Glao Íseáia; tairngreacht faoi Imeánuéil le linn na géarchéime leis an tSuír agus Eafráim; tairngreacht faoin rí le teacht.
cc. 13-23. Oracail in éadan na náisiún ó bhlianta éagsúla, agus cuid díobh nach le hÍseáia.
cc. 24-27. “Apacailipsis Íseáia”, sliocht a ghabhann níos fearr le tréimhse an Dara hÍseáia nó níos déanaí.
cc. 28-32. Oracail faoi Iosrael agus Iúdá, a bhformhór le hÍseáia agus ag baint leis an tréimhse 705-701.
cc. 33-35. Ábhar le hÍseáia le blaiseadh níos déanaí.
cc. 36-39. Cuntais staire ar ghéarchéim Shanaichéiríb ón bhfoinse chéanna le 2 Ríthe 18:13 – 20:19.
Siad naofacht Dé agus peacúlacht an duine (cf. 6:1-13) an dá mhór smaoineamh ag Íseáia. Ba náisiún peacúil é Iúdá ina raibh an rí, an fáidh, agus an sagart tar éis an Tiarna a thréigean agus dímheas a chaitheamh ar Neach Naofa Iosrael. Bhí ceart ag an Tiarna chun seirbhíse dílse; d'éiligh a naofacht go nglanfaí an talamh agus d'fhéadfadh sé feidhm a bhaint as an Asaíreach chuige sin (10:25-30). Ach bhí a ghrá féin d'Iosrael, a naofacht, agus a dhílse dá ghealltanais á chinntiú go bhféadfaí a bheith ag súil le ré síochána faoi rí idéalach rafar de shliocht Dháiví.
An Dara hÍseáia
(cc. 40-55)
Ní bhaineann na caibidlí seo ar aon chor leis an seachtú agus an ochtú céad R.Ch., ach le teacht Chíorais (559-529) chun cumhachta agus le heaxodus nua an náisiúin ó bhroid na Bablóine. Ní aon chabhair a bheith ag cur físeanna agus tairngreachtaí speisialta i leith Íseáia.
Tá an Dara hÍseáia gafa leis an tuairim go bhfuil Dia tagtha lena phobal a fhuascailt. Dia na staire, an té a bhain feidhm as na hAsaírigh mar a uirlis sa Chéad Íseáia, is é leis Tiarna na Staire. Glaonn sé ar Chíoras chun cumhachta, ach ní le bheith ina shás pionóis, ach ina aoire dá phobal. Agus is é Tiarna na Cruthaíochta é chomh maith le Tiarna na Staire; déanfaidh sé gach ní a athnuachan. Na héachtaí fuascailte a rinne sé sa chéad eaxodus ón Éigipt is beag iad i gcomparáid leo sin a ghabhfaidh leis an bhfuascailt nua agus leis an bhfilleadh ó bhroid na Bablóine (40:12-26; 41:8-24; 43:1-21). Leagtar béim ar an aon Dia san fhonóid faoi dhéithe págánacha (44:6-20). Réim nua an Tiarna bheadh sí uilíoch, ar ghintlithe agus ar Ghiúdaigh le chéile (49:6); chasfadh na náisiúin uile ar an Tiarna, a bhfuasclóir Dé (45:7-25). Déantar ceithre amhrán Ghiolla fulaingthe an Tiarna a fhí isteach leis an ábhar seo (42:1-7; 49:1-9; 50:4-9; 52:12 – 53:12); pearsa dhiamhrach é seo a chinnteoidh go gcuirfear beartais an Tiarna i gcrích trína dhíomua féin.
Tá dán ar ghlao an fháidh mar réamhrá leis an roinn seo (40:1-11); ansin tagann dhá mhór-aiste, iomann do Dhia an Fuasclóir (40:12 – 48:22), agus iomann do Iarúsailéim Fuascailte (49-55).
An Tríú hÍseáia
(cc. 56-66)
Tá an Phailistín tar éis na deoraíochta le feiceáil ar chúl na gcaibidlí seo. Tá bailte agus cathracha ar lár ag feitheamh le hatógáil. Tá an Teampall agus ballaí Iarúsailéim freisin ar lár. Ach tá tús áite sa tógáil ag pobal Iúdá, agus tá sin le déanamh ar bhunsraith na fíréantachta, an ionracais agus na síochána.
Is léir ón struchtúr comhchruthach cáiréiseach atá ar an aonad seo go bhfuil eagrú cúramach déanta ar an ábhar, nó gur cumadh mar aonad ar dtús é in áit a bheith ina chnuasach d'oracail bhéaloidis. Nochtann an struchtúr cad ar a bhfuil béim sa téacs féin: cuid de bheartas uilíoch fuascailte Dé is ea fuascailt Iosrael; éilíonn an fhuascailt admháil pheaca agus aithrí roimh ré; an fáidh a fhógraíonn an dea-scéal don phobal faoi leatrom, tá páirt shuaithinseach aige, faoi réir Dé, ag atógáil phobail Iúdá. Seo é an struchtúr, agus mar a ghabhann an t‑ábhar, cé gur ar bhonn níos traidisiúnta ná seo atá an leagan amach téacsúil:
(a) Cruinníonn an Tiarna muintir scaipthe Iosrael agus cách eile chuige féin (56:1-8).
(b) Chonaic an Tiarna peaca an phobail agus mar a thréig siad é féin (56:9 – 57:13).
(c) Fógraítear an fhuascailt agus a cúrsa (57:14 – 58:14).
(d) Duan impithe (59:1-14).
(e) Fógraíonn an Tiarna é féin mar dhíoltach agus mar fhuasclóir (59:15-21).
(f) Déantar Iarúsailéim a athnuachan faoi ghlóir (60:1-22).
(g) Misean an fháidh (61:1-11).
(f¹) Déantar Iarúsailéim a athnuachan faoi ghlóir (62:1-12).
(e¹) An Tiarna an díoltach agus an fuasclóir (63:1-6).
(d¹) Duan impithe (63:7 – 64:11).
(c¹) Fógraítear an fhuascailt agus a cúrsa (65:1-25).
(b¹) Chonaic an Tiarna peaca an phobail ach fógraíonn a bhfilleadh (66:1-17).
(a¹) Cruinníonn an Tiarna ciníocha na n‑uile theanga (66:18-24).
Irimia
Fuair Irimia a ghairm chun fáidheoireachta sa bhliain 627 R.Ch. Bhí sé comhaimsireach leis an leasaitheoir rí, Ióisíá, ach mhair sé cúig bliana fichead eile tar éis a bháis-sean; roimh dheireadh a shaoil chonaic sé Iúdá ag turnamh ó laethanta bríomhara an leasú creidimh agus thúsú neamhspleáchais leis an Asaír, go dtí tamall géillsine don Éigipt, agus ansin go daoirse iomlán agus scrios faoin mBablóin nuair scartáladh an phríomhchathair agus a díbríodh an pobal. Chaith Irimia deireadh a shaoil san Éigipt mar ar tugadh é ag dream a bhásaigh Gadailiá, an gobharnóir a cheap an Bhablóin.
Fuair leasú Iósíá spreagadh agus treoir ó “Leabhar an Dlí” a fuarthas le linn don Teampall a bheith á dheisiú; ba é buaic an leasaithe sin ná athnuachan ghlórmhar ar an gconradh in 622 (cf. 2 Ríthe 22:3 – 23:18; 2 Croin. 34:1 – 35:19). Ba inspioráid do Irimia freisin an leabhar úd – leagan de Leabhar Dheotrainimí – agus bhain sé taitneamh ar leith as a theagasc faoi chonradh Mhaois le linn an ghuardail san fhásach. Ach ní mó ná sásta a bhí sé lena lán dár bhain le leasú a linne. Cháin sé go háirithe an fhoirmiúlacht, an easpa athnuachana croí agus meoin i gcás a lán; an tslí ina raibh glacadh leis an leasú mar fhaisean. Thug sé faoi deara go raibh cultas seachtrach fústrach ag fás agus go raibh muinín phiseogach á cur i ngnásanna creidimh (6:16-21).
Chuir bás Ióisíá in 609, agus an ghéillsine don Éigipt ar dtús, agus ansin don Bhablóin, isteach go mór ar an leasú creidimh. An Dia úd lena ndearna Ióisíá conradh thar ceann a phobail, ní raibh ar a chumas an fód a sheasamh in aghaidh déithe na hÉigipte ná na Bablóine. Chuaigh an leasú i léig faoi Iahóiácaím, agus thosaigh tréimhse leatroim agus géarleanúna i mineastrálacht Irimia (15:10-18; 20:7-10). In áit na teachtaireachta faoi fhilleadh ar dhíograis chreidimh mar a bhí faoi Mhaois (2:1–6:30) agus ar chonradh nua le leasú croí (30:1 – 31:40) a bhí aige roimhe sin, is fáistiní faoi scriosadh agus mí-ádh a bhí anois le cloisteáil uaidh. Toisc gur thréig Iúdá an conradh, ní raibh an Tiarna faoi cheangal a ghealltanais a thuilleadh – seachas an gealltanas faoi scriosadh an náisiúin dá mbeadh sé mídhílis. Chuirfí an scriosadh sin i gcrích leis nuair a dhéanfadh an Bhablóin ionradh ón tuaisceart (5:15-7; 6:22-26; 11:9-17). Dhíol sé go daor as an teachtaireacht sin; rinneadh magadh agus fonóid faoi agus cuireadh i gceapa agus i gcarcair é (11:18 – 12:6; 26; 36). Mhol sé don chéad dream a tugadh ar deoraíocht socrú síos sa Bhablóin mar go mbeadh moill mhór ar an bhfilleadh (29:1-32); agus nuair a bhí an t‑ionsaí deiridh ar siúl mhol sé fiú do shaoránaigh gabháil leis an namhaid, agus géilleadh, mar nach mbeadh ansin ach an daoirse a bhí ceaptha ag Dia mar phionós orthu (21:8-10). Lean sé air, fiú agus é ar deoraíocht i gcoinne a thola san Éigipt, ag fógairt dhaorbhreith Dé ar a mhuintir de bharr a bpeacaí.
Luamar romhainn cuntas scríofa Bharúch ar sheanmóireacht Irimia, agus na nithe a cuireadh leis. An dara scrolla méadaithe sin, rinneadh de eithne leabhair Irimia mar atá sé anois againn; tá sé ar fáil, le breiseanna agus forlíonadh, i gcc. 1-25. Tá na horacail bailithe le chéile sna caibidlí seo de réir oird ama: baineann cc. 1-6, sa chuid is mó, le réimeas Ióisíá (627-609); cc. 7-20 le ré Iahóiácaím (609-597); cc. 21-25 le ré Zidicíá (597-587). Tá ábhar beathaisnéiseach i gcc. 26-45 – cuimhní cinn Bharúch, b'fhéidir – agus “Leabhar na Sólás” (cc. 30-33). Tá na horacail in éadan na náisiún bailithe le chéile i gcc. 46-51. Is aguisín staire, ón bhfoinse chéanna le 2 Ríthe 24:18 – 25:30, atá i gcaibidil 52.
Níl aon fháidh a thugann léargas chomh soiléir dúinn ar mhineastrálacht an fháidh agus a thugann Irimia, go háirithe ina “fhaoistiní” (11:18 – 12:6; 15:10-21; 17:14-18; 18:18-23; 20:7-18). Duine cneasta cúthail ab ea é, a raibh fuath aige don fhoréigean, agus a raibh eagla air roimh an saol poiblí. Ba gheall le fógairt a theachtaireachta, a shaol féin; is í an teachtaireacht ná gur trí fhulaingt, trioblóidí agus gannchúis, is ea tá an fhuascailt le baint amach.
Olagóin
Cuireann traidisiún, bunaithe ar 2 Croin. 35:25, an cnuasach seo i leith Irimia, ach ní réitíonn an fhianaise inmheánach lena údaracht, cibé scéal é ag mínithe traidisiúnta ar chuid di. In 2:9 tá trácht ar an fháidheoireacht a bheith ina tost: tá moladh ar Zidicíá in 4:20, agus muinín as cabhair na hÉigipte léirithe in 4:17.
Sé tá sa leabhar ná cúig dánta – tá na ceithre cinn tosaigh aibítreach – ag caoineadh thitim Iarúsailéim in 587 R.Ch. Tá na loinneoga faoi ardmheas fós i liotúirge na nGiúdach, agus úsáidtear iad i liotúirge na Seachtaine Móire i measc na gCríostaithe lena ndólás faoi pháis agus bhás Chríost a chur in iúl.
Barúch
Cuireann an leabhar seo in iúl gur scríobh Barúch, rúnaí Irimia, é sa Bhablóin in 582, agus gur cuireadh ar ais chuig cuallacht in Iarúsailéim é mar aon le roinnt airgid agus le hárais áirithe, a fuarthas, de chuid an Teampaill. Tugann an fhianaise inmheánach le tuiscint gur tar éis na deoraíochta a scríobhadh an leabhar: níltear cinnte an bhfuil an Teampall ar lár nó ina sheasamh; tugtar Béilseazar, trí dhearmad, ar mhac Nabúcadnazar. Is é is dóichí nach raibh Barúch riamh sa Bhablóin. Tá argóintí tréana dá réir sin in aghaidh glacadh leis gurbh é Barúch a scríobh.
Tá pictiúr de shaol na nGiúdach sa Bhablóin sa chéad chuid den leabhar – saol aithrí agus urnaí, agus imní faoi Iarúsailéim. Dhá dhán atá sa dara cuid, ceann ag moladh na hEagna, agus ceann ina iomann do Iarúsailéim. Sa Vulgáid cuirtear Litir Irimia le Barúch mar chaibidil 6. Déanann sí sin iarracht ar aon mhíthuiscint a d'fhéadfadh teacht as litir Irimia ina leabharsan (29:10-14) a cheartú trí rabhadh a thabhairt faoi íoladhradh i measc na mBablónach. Cé gur in Eabhrais a scríobhadh an litir seo, dealraíonn sé go mbaineann sí leis an ré Heilléanach.
Eizicéil
Cuireann leabhar Eizicéil gairm agus mineastrálacht an fháidh i láthair amhail is dá mba sa Bhablóin i measc na ndeoraithe a tharla an t‑iomlán. Ghlactaí gan cheist go coitianta leis sin mar thuairim go dtí le déanaí; tugadh faoi deara ansin go raibh nithe áirithe nach raibh ag teacht leis. Ansin d'fhás teoiricí iomadúla ag míniú an scéil. Níor mhiste na teoiricí a choimriú faoi dhá phríomhdhearcadh:
(1) Mineastrálacht sa Phailistín amháin bhí i gceist.
(2) Bhí mineastrálacht ar dtús sa Phailistín agus ina dhiaidh sin sa Bhablóin; bhí an mhineastrálacht sa Bhablóin, ach, lena linn, d'fhill an fáidh ar feadh tamaill ar an bPáláistín.
Na sleachta a úsáidtear mar fhianaise ar mhineastrálacht sa Phailistín is sleachta iad, sa chuid is mó de, atá físiúil agus nach féidir a lán muiníne a chur sna sonraí tíreolais iontu i gcomparáid leo siúd ag baint leis an mBablóin atá i bhfad níos soiléire. Rud eile, ní thagraíonn Eizicéil ná Irimia d'imeachtaí an duine eile, rud ba dheacair a mhíniú dá mbeidís araon ag mineastráil in Iarúsailéim idir an dá ionnarbadh. Turas físe a rinne Eizicéil ar Iarúsailéim i ngach cás. Dealraíonn sé go réitíonn sé níos fearr leis an bhfianaise a mheas gur tugadh Eizicéil an sagart i ndaoirse leis na deoraithe in 598, agus gur cuireadh tús lena mhineastrálacht cúig bliana níos déanaí, in 593. Cuirtear dáta fiche bliain níos déanaí lena fhís den Teampall nua.
Ba ar na chéad deoraithe dá bhrí sin a d'fhreastail Eizicéil ar dtús: bhí siadsan ag súil le filleadh go luath ar a dtír dhúchais, agus go n‑athbhunófaí Iúdá neamhspleách (cf. Ir. 28-29). Cháin Eizicéil na fáithe a bhí ag treisiú le dóchas den sórt sin agus chuir sé iad i gcomparáid le dream a bheadh ag iarraidh balla a bheadh ag titim a chothú lena dhathú le haol (13:1-16). Dúirt Eizicéil leis na deoraithe gurb é a n‑íoladhradh gan staonadh, tréigean an chonartha, agus a gcoirpeacht leis na cianta, a thug an tubaiste gan teip sa mhullach ar an náisiúin (2:3-4; 6:1 – 11:22; 16; 20; 22-24). Chuir sé deireadh leis an muinín bhaoth a bhí acu as Teampall an Tiarna a bheith in Iarúsailéim; dhearbhaigh sé go raibh an Tiarna imithe as an Teampall cheana féin (9:3; 10:15-19); ach go raibh briathar an Tiarna fós lena phobal ar deoraíocht (1:1-3), agus dá dtabharfaí aird ar an mbriathar sin go bhfuasclódh sé iad go fóill. A fhís de chnámha tirime ar tháinig an t‑anam iontu (37:1-14), chuir sí in iúl a chreideamh i gcumhacht fuascailte an Tiarna d'ainneoin na n‑ainneon. Ar gach duine leis féin a bhraith sé glacadh le briathar Dé; bheadh a chúram déanta ag an bhfáidh nuair a bheadh an briathar fógartha aige (3:16-21; 33:1-20); ní luífeadh díoltas an Tiarna ach ar an muintir chiontach (14:12-23; 18:1

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí