Iósua INTRO1 - An Bíobla Naofa 1981Leabhar Iósua Brollach Leabhair de mhianach staire is ea Iósua, Breithiúna, Leabhair Shamúéil agus Leabhair na Ríthe. Glacann na Giúdaigh leo mar leabhair fháigiúla, agus is amhlaidh dóibh dáiríre mar go ndéanann siad iarracht ar an gciall chreidimh atá le stair Iosrael a aimsiú in áit imeachtaí a ríomh mar a tharla siad. Thug na Giúdaigh na Fáithe Luatha ar na leabhair ó Iósua go Ríthe, le hidirdhealú a dhéanamh idir iad agus na Fáithe Déanacha (Íseáia, Irimia, agus na Mion-Fháithe). Níor bhac scríbhneoirí na leabhar seo le cuntas iomlán a thabhairt ar gach rud a tharla, fiú amháin nuair a bhí an bhreis eolais ar fáil dóibh, is é is dóichí. Roghnaíodar na himeachtaí úd is fearr a léirigh an ceacht a bhí le múineadh acu – gur i ndílseacht agus i ngéilleadh do Dhia amháin a bhí slánú i ndán mar náisiún do phobal Iosrael. Ní raibh sé de chuspóir ag na scríobhaithe cuntas a thabhairt ar imeachtaí ar a son féin, ach ar son an teagaisc a bhí le súrac astu. Ní eol dúinn cé scríobh na leabhair seo. Cuireadh seanchas ársa Giúdach Leabhair na Ríthe i leith Irimia fáidh, Leabhar na mBreithiúna agus Samúéil i leith Shamúéil, agus Leabhar Iósua i leith Iósua, ach ní ghlactar leis na tuairimí sin a thuilleadh. Ní ar thóir údar na leabhar ar leith a bhíonn scoláirí an lae inniu, ach ar thóir na bhfoinsí a úsáideadh in eagarthóireacht dheireanach na leabhar mar is eol dúinn iad. Dealraíonn sé gurb é atá againn sna leabhair seo ná díolaim as foinsí iomadúla, agus gurb é atá i gceist ná na foinsí céanna agus a bhí in úsáid don Pheintiteoch, ar leanúint – JEDP na nodanna do na foinsí sin. Is fada ó a bheith réitithe atá ceist seo na bhfoinsí áfach. Ach maidir le hábhar, leanann na leabhair ó Iósua go Ríthe le stair Iosrael ón áit inar stad an Peintiteoch. Tar éis bháis do Mhaois (mar a insítear ag deireadh an Pheintiteoch), téann a chomharba Iósua i gceannas agus cromann ar ghabháil Chanán. Leanann tús Leabhar Iósua ar aghaidh go nádúrtha, dá réir sin, ó leabhar deiridh an Pheintiteoch. Ach seachas an leanúnachas ábhair, an bhfuil leanúnachas foinsí (JEDP) chomh maith? Níl ach iarracht de fhreagra againn ar an gceist seo go léir – tá gaol ó thaobh teanga agus teagaisc ag leabhair na bhFáithe Luatha go léir le Leabhar Dheotranaimí. Is é tuairim a lán scolairí dá bhrí sin ná gurb é Deotranaimí an chéad leabhar de stair chreidimh a shíneann ó Mhaois go dtí deireadh ríocht Iúdá. Tugtar Stair Dheotranaimeach Iosrael ar an réimse mhór staire seo de seacht gcéad bliain. An scoil scríbhneoirí deotranaimeacha a chuir eagar ar an meall mór seo d'ábhar staire as foinsí iomadúla, rinne siad tubaistí móra stair Iosrael mar Toghail na Samáire (721 R.Ch.) agus Scrios Iarúsailéim (587 R.Ch.) a mhíniú mar dhíoltas Dé ar mheath creidimh in Iosrael. Cuireann Leabhar Iósua comhlíonadh na geallúna a tugadh d'Abrahám (Gein. 12) faoinár mbráid; gealladh tír agus áitreabh dó, agus ba é sin croí dhóchas na n‑uasalaithreacha, agus is air sin atá scéal uile an Pheintiteoch dírithe. Insítear faoi sheachrán agus faoi dheoraíocht na n‑uasalaithreacha (Gein. 12-50), faoin fhuascailt mhíorúilteach ón Éigipt agus faoin nguardal san fhásach (Eaxodus), agus ansin, ar deireadh thiar i Leabhar Iósua faoi ghabháil na Tíre Tairngire. Na treibheanna fáin Eabhracha a tháinig le Iósua, shíl siad gur thír thorthúil “le bainne agus mil ina slaoda”, é Canán (nó an Phailistín mar tugadh air níos déanaí). Ach sé an sliabhraon meánach an ghné aigeanta is suaithinsí den tír, fág go bhfuí cúpla limistéar breá torthúil mar Ghleann Easdraelón (idir Muir na Gailíle agus Sliabh Chairmil). Ar chliathán thoir an tsliabhraoin tá méirscire domhain na Iordáine agus ar a chliathán thiar na hardáin lena bhfána shocair i dtreo na Meán-Mhara. Ghabh na hEabhraigh freisin seilbh ar líomatáiste lastoir den Iordáin ag teacht isteach dóibh; ó cheann ceann, ó Dhán go Béar Seabá, ní raibh sé ach céad go leith míle. Tír an-álainn é áfach, go háirithe san Earrach, sa Mhárta agus san Aibreán, nuair a bhíonn sé faoi bhrat bláthanna ioldathacha. Abhainn na Iordáine féin, nach ilghnéitheach í féin agus a cúrsa, ag sní ó bhun Sliabh Hearmon faoina chaipín sneachta shíoraí, agus ag brostú léi síos faoi dheifir go réigiún le teas na dteochreas féin, agus uiscí tréana sáile na Mara Mairbhe (1258 troigh faoi bhun dromchla na farraige). Is féidir Leabhar Iósua a roinnt ina thrí codanna. Sa chéad roinn (cc. 1-12) déantar cur síos ar ghabháil Chanán; sa dara roinn (cc. 13-22) ar roinnt na críche ar na treibheanna; agus sa tríú roinn (cc. 23-24) faighimid briathra deiridh Iósua agus tuairisc ar a bhás. Féachaimis ar dtús ar an ngabháil (1235-1200 R.Ch.). Tar éis dó dul thar Iordáin, cuireadh an ghabháil i bhfeidhm le trí phríomh-ruathar – ceann ó dheas ar dtús trínar gabhadh Ireachó agus Háí; ruathar eile ó dheas arís trínar gabhadh Láicís, Eaglón, Heabrón, agus Deibir; an tríú ceann ó thuaidh trínar gabhadh Hazór sa Ghailíl. Ba dhóigh le duine ar chuntas an Bhíobla nach raibh ann ach trí fheachtas bríomhar agus go raibh rith an ráis leo. Ach níl aon amhras ná go raibh réimsí móra de Thír na gCanánach a bhí fós gan gabháil i bhfad tar éis bháis do Iósua. De bharr an eolais a fuarthas ó thaighde seandálaíochta i lár an chéid seo féin, tá scoláirí ag teacht ar mhalairt tuairime faoi stairiúlacht chuid de bhuanna Iósua. Tá cur síos, abair, in Iósua 6:20 ar bhallaí Ireachó ag titim, ar shéideadh na dtrumpaí. Thaispeáin taighde Kathleen Kenyon ar an láthair sin go raibh ballaí na cathrach sin ar lár agus ina bhfothracha i Ré dhéanach an Chré-umha (1500-1200) faoin am a raibh Iósua agus a mhuintir ag teacht isteach sa Phailistin. Maidir leis an láthair Háí (a chiallaíonn fothracha), ní raibh cónaí ar aon dream ann sa tréimhse úd. B'fhéidir gur meascadh gabháil Bhéitéil agus gabháil Háí; ach i gcás gabháil Ireachó faighimid áibhéil dhrámatúil agus móradh ar bhua a bhí i bhfad níba shuaraí dáiríre. Is léir go bhfuil tréithe an dinnseanchais ag baint leis na scéalta seo, go bhfuil iarracht á déanamh ar na ballaí móra faona agus na fothracha tréigthe a mhíniú lena scrios a chur i leith Iósua, laoch an choncais. Tharlódh sé go bhfuil le feiceáil sa chuntas seo an claonadh a bhí i measc na nEabhrach ar imeacht nó beartas a chur i leith aon duine amháin nó aon laoch amháin – cuirtear na dlíthe go léir i leith Mhaois, na sailm go léir i leith Dháiví, agus an litríocht ghaoise go léir i leith Sholaimh. Nuair a chuirtear na nithe sin go léir san áireamh, agus éifeacht na gclaonta sin go léir sa mheá, is féidir, d'ainneoin gach ní, teacht ar na tátail seo faoi stairiúlacht na coda seo den leabhar (cc. 1-12). (a) Is cinnte gur ghabh na hEabhraigh seilbh ar réimsí móra de Chanán le láimh láidir, agus gur caomhnaíodh cuimhne ar chathanna a bhuaigh siad. (b) Is léir nár gabhadh an tír ar fad den iarracht sin rud a thaispeánann an chéad leabhar eile den Bhíobla, Breithiúna, dúinn. Ní dhéanann Leabhar Iósua gabháil dhúiche na bhFilistíneach a lua fiú amháin, ná gabháil Mhá Easdraelón, ná gabháil Iarúsailéim; bhí an chathair sin i lámha na Iabúsach go réimeas Dháiví. (c) Chomh maith le gabháil mhíleata a dhéanamh ar dhúichí, fuair na hEabhraigh bheith istigh in áiteanna trí chaidreamh cairdiúil le muintir na háite, agus muintearas a dhéanamh leo e.g. cloisimid faoi na Gibeónaigh ag déanamh conradh le Iósua (c. 9); agus ag tionól na dtreibheanna ag Seicim (c. 24) aontaíodh na deoraithe le hEabhraigh a bhí sa tír rompu. (d) Cé gur eascair fadhbanna de thoradh an taighde seandálaíochta in Ireachó agus i Háí, rinne taighde den sórt céanna deimhniú ar an gcuntas sa Bhíobla i gcás go leor láthair eile mar Láicís, Hazór, Béitéil, Deibír agus Eaglón; fuarthas fianaise go ndearnadh scrios i ré Iósua ar na háiteanna sin. Pléann an dara cuid den leabhar (cc. 13-22) le dáileadh na talún ar an dá threibh déag. Faighimid sórt learscáile imlíní d'Iosrael anseo, cé gur beag é spéis an ghnáthléitheora sna sonraí. Taobh thall den Iordáin, ag tosú theas mar a sníonn an Arnón isteach sa Mhuir Mharbh, lonnaíodh na treibheanna seo: Reúbaen, Gád agus leath Mhanaise. Laistiar den Iordáin, ag tosú theas: Simeón, Iúdá, Biniáimin, Dán – ach de bharr brú na bhFilistíneach chaitheadar seo imeacht leo agus cur fúthu i dtuaisceart na Gailíle – Eafráim agus an leath eile de Mhanaise. I ndúiche na Gailíle agus ina timpeall lonnaíodh: Íosácár, Zabúlun, Naftáilí agus Áiséar. Ní bhfuair treibh Léiví aon tailte, ach bhí sé de cheart acu cur fúthu i mbailte áirithe agus bhí ceart féaraigh acu dá n‑eallach in aice leo (c. 21). Go luath tar éis na gabhála tháinig le chéile i gcathair Sheicim i lár na Pailistíne ionadaithe ó threibheanna Iosrael go léir – iad siúd a tháinig isteach le Iósua agus na hEabhraigh a bhí ag cur fúthu sa Phailistín roimh theacht Iósua ach a ghlac le creideamh an Tiarna a thug seisean agus a mhuintir leo. Bhí cultas Dhia an Chonartha, Éil Beirít, á chleachtadh sa chathair sin le fada. Anois mhionnaigh na treibheanna a ndílseacht don Tiarna ansiúd i searmanas creidimh (c. 24). Ní raibh de cheangal idir na treibheanna ach ceangal an chreidimh, a gconradh leis an Tiarna. Ní raibh aon rialtas láir ann fós, ná arm buan, ná príomhchathair, ná feidhmeannas láir, ná cánacha, ná dlíthe stáit. Ach i gComhnaidhm seo na dTreibheanna, i gconradh seo na sleachtanna, faoi bhrat an Tiarna feicimid Iosrael ag cur a phréamhacha i dtír na Pailistíne. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart