Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Eagna 5 - An Bíobla Naofa 1981

1 An uair úd seasfaidh an fíréan go mórmhuiníneach os comhair na ndaoine a d'imir géarleanúint air agus a rinne beag is fiú dá anró.

2 Nuair a fheicfidh siad é, glacfaidh siad scanradh mór agus cuirfidh a shlánú alltacht orthu, toisc nach raibh súil ar bith acu leis.

3 Déarfaidh siad le cheile agus iad faoi bhráca an aithreachais agus ag osnaíl go léanmhar:

4 “Nach é seo an duine a ndéanaimis staicín áiféise agus ceap magaidh de? Le barr díchéille cheapamar nach raibh sa saol a chaith sé ach buile agus báiní agus gurbh easonórach é an bás a fuair sé.

5 Cad é is cúis leis gur áiríodh ar chlann mhac Dé é agus go bhfuil a ionad féin aige i measc na naomh?

6 Mar sin de, ní foláir nó go ndeachamar ar fán ó shlí na fírinne agus nár shoilsigh solas na fíréantachta dúinn agus nár éirigh an ghrian orainn.

7 Bhí ár sáith againn de chásain na hurchóide agus an bhasctha; chuamar ar fán trí fhásaigh dhíbhealaigh agus níorbh eol dúinn slí an Tiarna.

8 Cárbh fhearrde sinn an t‑uabhar? cén tairbhe a rinne an saibhreas agus an mórtas dúinn?

9 D'imigh na nithe sin go léir ar ceal mar scáth agus mar scéal reatha,

10 nó mar long a sheolann trí uisce treathnach - nuair atá sí imithe thart ní bhíonn rian di ar fáil ná lorg a cíle sna tonnta;

11 nó faoi mar nach bhfaightear fianaise ar bith de chosán éin a eitlíonn tríd an aer - is amhlaidh a bhuailtear an t‑aer éadrom le buillí a sciathán; scoiltear é le fuinneamh a ruathair, agus téitear tríd le corraí a eití ach ina dhiaidh sin ní bhfaightear comhartha dá laghad ann dá chursa;

12 nó faoi mar a ghearrtar an t‑aer nuair a chaitear saighead le sprioc, ach go ndlúthaítear le chéile arís é ar an toirt, sa chaoi nach léir a bealach tríd;

13 sin mar a bhí an scéal againne - níor luaithe a rugadh sinn ná d'éagamar agus ní raibh comhartha ionracais le taispeáint againn. Óir is i lár ár n‑urchóide féin a ídíodh sinn.”

14 Is cosúil dóchas an éagráifigh le lochán a ardaíonn an ghaoth léi; agus le cáitheadh mín na farraige, a thiomáineann an stoirm roimpi, agus le deatach a scaiptear le hanfa agus leis an mearchuimhne a choimeádtar ar aoi aon lae.

15 Ach maireann na fíréin go deo; agus tá a luach saothair i lámha an Tiarna, agus déanann an Té is Airde cúram díobh.

16 Dá bhrí sin, gheobhaidh siad coróin thaibhseach agus ceannbheart niamhrach ó láimh an Tiarna; óir cumhdóidh sé lena dheasláimh iad agus cosnóidh sé iad lena ghéag láidir.

17 Beidh a ghrá éadmhar mar airm agus éide aige agus armálfaidh sé gach ar chruthaigh sé chun díoltas a imirt ar a naimhde.

18 Cuirfidh sé an fhíréantacht air féin mar lúireach agus an breithiúnas neamhchlaon mar chlogad;

19 glacfaidh sé an naofacht dhochloíte chuige mar sciath.

20 Cuirfidh sé faobhar ar an bhfearg fhíochmar, chun go mbeidh sí aige mar chlaíomh. Troidfidh an chruinne ina theannta in aghaidh na ngealt.

21 Bladhmfaidh splancacha tintrí amach go ceart caol díreach agus léimfidh siad i dtreo na sprice ó na scamaill amhail is gur caitheadh iad ó bhogha lánlúbtha.

22 Teilgfear clocha sneachta leo go fraochmhar le crann tabhaill; beidh uisce na farraige ag coipeadh ina n‑aghaidh, agus slogfaidh na haibhneacha iad gan taise.

23 Séidfidh anáil an Uilechumhachtaigh ina n‑éadan agus scuabfaidh sí chun siúil iad mar a scuabfadh stoirm cáith. Déanfaidh an t‑aindlí fásach den domhan go léir agus leagfaidh an urchóid cathaoireacha prionsaí ar lár.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí