Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 4 - An Bíobla Naofa 19811 Is fearr aimride gheanmnaí ná é sin; óir an aimride a gcoimeádtar cuimhne uirthi tá neamhbhásmhaireacht ag gabháil léi, mar bíonn ardmheas ag Dia agus ag daoine uirthi. 2 Nuair a bhíonn sí ann déantar aithris uirthi; ach bíonn cumha ar dhaoine ina diaidh nuair a imíonn sí léi; gluaiseann sí ar aghaidh go caithréimeach ar feadh na síoraíochta faoi choróin bláthanna, mar tá sí tar éis an bua a bhreith léi i gcomórtas le haghaidh duaiseanna gan cháim. 3 Ach ní bheidh rath ná bail ar shliocht líonmhar na n‑éagráifeach. Ó fhásann said ó mheatháin bhréige, ní chuirfidh siad fréamhacha doimhne, ná ní bheidh greim daingean acu san ithir ach oiread. 4 Óir fiú amháin má chuireann siad craobhacha amach ar feadh tamaill, bainfidh an ghaoth croitheadh astu, toisc iad a bheith éadaingean agus stoithfidh sí óna bhfréamhacha iad lena neart. 5 Brisfear craobhacha craptha díobh; beidh a dtorthaí gan mhaith; beidh siad róghlas le hithe agus gan fiúntas ar bith iontu. 6 Óir an chlann a ghintear de dheasca comhriachtana neamhdhleathaí, bíonn siad ina bhfinnéithe ar urchóid a dtuismitheoirí nuair a dhéantar mionscrúdú orthu. Bás Anabaí 7 Fiú amháin má fhaigheann an fíréan bás anabaí, beidh sé faoi shuaimhneas. 8 Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduine ná ní de réir líon a bhlianta a mheastar é. 9 Ach is í an eagna fíorléithe an duine agus beatha gan smál a fhíor-sheanaois. 10 Ba ríthaitneamhach le Dia é agus thug Dia grá dó; agus ó bhí cónaí air i measc peacach, aistríodh é. 11 Fuadaíodh é ar eagla go n‑athródh an t‑olc a thuiscint nó go meallfadh an chealgaireacht a chroí. 12 Óir milltear an mhaith le draíocht na baoise agus truaillíonn seachránacht na hainmhéine an aigne shaonta. 13 In achar ghearr tugadh chun foirfeachta é sa chaoi gur shlánaigh sé seal mór blianta. 14 Ba thaitneamhach a chroí leis an Tiarna; ar an ábhar sin thóg sé leis go tapa é ó lár an oilc. 15 Chonaic na daoine é seo ach níor thuig siad é ná ní mó ná rith sé leo go bhfaigheann muintir thofa an Tiarna grásta agus trócaire uaidh, agus go dtugann sé aire dá naoimh. 16 Daorann an fíréan marbh na héagráifigh beo, agus an óige a tugadh chun foirfeachta go tapa, lochtaíonn sí seanaois bhlianach an drochdhuine. 17 Feicfidh siad bás an eagnaí ach ní thuigfidh siad céard a bhí ceaptha ag Dia dó nó cad chuige ar chuir sé ar láimh shábháilte é. 18 Feicfidh siad é agus caithfidh siad drochmheas air ach déanfaidh an Tiarna gáire fonóideach fúthu. 19 Ina dhiaidh seo mar sin déanfar corpáin gan onóir díobh, agus beidh siad ina gceap magaidh i measc na marbh go deo; mar leagfaidh an Tiarna ar lár iad ina mbalbháin agus bogfaidh sé óna mbonn iad; scriosfar iad ar fad, agus beidh siad á gcrá agus rachaidh siad i ndearmad agus i ndíchuimhne. An Breithiúnas Deireanach 20 Tiocfaidh siad agus eagla a n‑anama orthu an lá a dhéanfar a bpeacaí a áireamh, agus de dheasca a ndrochghníomhartha abharfar daorbhreith ina n‑aghaidh. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart