Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán

Eagna 3 - An Bíobla Naofa 1981


Fíréin agus Éagráifigh

1 Tá anamacha na bhfíréan i láimh Dé agus ní bhainfidh piolóidí leo choíche.

2 Ba dhóigh le lucht na díchéille go raibh siad marbh, agus measadh gur thubaiste ab ea a mbás,

3 agus gurbh ionann agus díothú a n‑imeacht uainn. Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois.

4 Óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil, bhí siad lán de dhóchas go mairfidís go deo.

5 Tar éis dóibh beagán smachtaithe a fhulaingt bronnfar mórán tíolacthaí orthu. Mar chuir Dia féachaint orthu, agus fuair sé a dhíol iontu.

6 Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéis agus ghlac sé leo ina n‑íobairt lándóite.

7 Ar uair a chuairte drithleoidh siad go lonrach, agus beidh siad ag gluaiseacht mar lasracha tríd an gcoinleach.

8 Tabharfaidh siad breith ar chiníocha agus beidh ceannas acu ar náisiúin agus beidh Dia féin ina rí orthu go brách.

9 Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne; agus na daoine a fhanann dílis dó, cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá; mar faigheann a phobal tofa grásta agus trócaire uaidh.

10 Ach smachtófar na héagráifigh de réir mar a thuillfidh a gcuid machnaimh; mar thug siad faillí san fhíréan(tacht) agus thréig siad an Tiarna.

11 Is díol trua iad na daoine a chaitheann drochmheas ar an eagna agus ar an smacht; mar bíonn a ndóchas díomhaoin agus a saothar in aisce acu, agus a ngníomhartha gan éifeacht.

12 Bíonn a mná céile gan chiall agus a gclann gan mhaith agus is mallaithe é a sliocht.


Is Fearr an Aimride ná Sliocht Éagráifeach

13 Is méanar don bhean aimrid atá gan cháim, don bhean nach raibh cuid aici d'fhear go peacúil riamh; nuair a dhéanfar scrúdú ar anamacha, is ansin a bheidh a toradh ar fáil di.

14 Is méanar chomh maith don choillteán, nach ndearna aon choir i gcoinne an dlí agus nár chothaigh drochsmaointe in aghaidh an Tiarna riamh - mar de bharr a dhílse bronnfar togha duaise air agus oidhreacht níos aoibhne fós i dTeampall an Tiarna.

15 Óir is oirirc é toradh na ndea-ghníomhartha agus is do-lofa í fréamh na heagna.

16 Ach ní thiocfaidh clann adhaltrach chun aibíochta choíche; agus an sliocht a ghintear as comhriachtain neamhdhleathach, rachaidh siad ar ceal.

17 Fiú amháin má bhíonn saol fada acu ní bheidh aon mheas orthu agus ní thabharfar ómós dóibh ina seanaois.

18 Agus má fhaigheann siad bás go hóg ní bheidh aon dóchas acu, ná ní bheidh aon sólás acu ach oiread lá an bhreithiúnais.

19 Óir is crua í an chríoch tá i ndán do ghlúin urchóideach.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí