Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 18 - An Bíobla Naofa 19811 Bhí solas sárgheal ann do do chuid naomh; chuala a naimhde, áfach, a nglór, ach ní bhfuair siad aon radharc orthu, agus ó nach raibh siad tar éis pianpháis a fhulaingt mar iad féin bhí siad á rá gur mhéanar dóibh. 2 Bhí siad buíoch díobh, freisin, toisc nach ndearna siad aon dochar dóibh d'ainneoin go ndearnadh leatrom orthu féin roimhe sin; agus d'iarr siad mar ghrásta orthu imeacht. 3 Mar sin de, in ionad an dorchadais, sholáthraigh tú colún lasrach mar threoraí dóibh ar bhóthar anaithnid, agus mar ghrian neamhdhíobhálach le linn a n‑imirce glórmhaire. 4 Bhí sé tuillte, ar ndóigh, ag a naimhde go mbainfí an solas díobh agus go mbeidís ina gcimí sa dorchadas; óir bhí siad tar éis do chlann mhac a choimeád i mbraighdeanas ar tríothu a thabharfaí solas domhúchta an dlí don saol. An Deichiú Plá agus an tÉalú 5 Shocraigh siad ar naíonáin na naomh a mharú; bhí leanbh amháin ina measc, áfach, a cuireadh amach ach a sábháladh, chun cúiteamh a bhaint díobh ar ball. Is amhlaidh a chuir tú slua mór dá leanaí dá gcois agus dhíothaigh tú iad go léir le chéile san uisce domhain. 6 Tugadh fáistine dár sinsir i dtaobh na hoíche sin, ionas go nglacfaidís misneach nuair a bheadh a fhios acu go cinnte cén sórt iad na mionnaí ar chuir siad a muinín astu. 7 Bhí do phobal ag súil le slánú na bhfíréan agus le léirscrios na naimhde. 8 Óir, faoi mar a smachtaigh tú ar naimhde, sin mar a ghlaoigh tú chugat féin sinn agus a thug gradam dúinn dá bharr. 9 Óir bhí íobairt á hofráil faoi cheilt ag clann chráifeach na bhfíréan, agus de thoil a chéile rinne siad an comhaontú diaga seo, go mbeadh siad rannpháirteach sna maitheasaí céanna agus sna contúirtí céanna chomh maith, agus iomainn mholta na sinsear á gcanadh acu mar réamhcheol cheana féin. 10 Mar fhreagra air sin bhí a naimhde ag ligean gártha míbhinne astu, agus chualathas ar fud na dúiche an caoineadh agus an t‑olagón a bhí siad a dhéanamh ar son a leanaí. 11 Cuireadh an pionós céanna ar sclábhaí agus ar a mháistir araon; agus bhí an phianpháis chéanna á fulaingt ag an ngnáthdhuine agus a bhí ag an rí. 12 Ag gach uile dhuine acu bhí líon do-áirithe marbhán a fuair bás ar an gcuma chéanna; níor leor na beo féin chun iad a adhlacadh mar díothaíodh an chuid ab uaisle dá gclann in aon nóiméad amháin. 13 Óir, siúd is nár chreid siad ní ar bith de dheasca a gcuid asarlaíochta, nuair a díscíodh a gcéadghineanna d'admhaigh siad gurbh é mac Dé é an pobal. 14 Nuair a bhí gach uile ní faoi chiúnas caoin agus an oíche i lár a mearchúrsa, 15 léim do bhriathar uilechumhachtach anuas ó na flaithis, óna chathaoir ríoga, isteach i lár na tíre damnaithe, mar churadh cruachroíoch 16 agus claíomh géar do reachta dho-athraithe ina láimh aige. Nuair a thuirling sé, leath sé an bás ar fud na tíre go léir; agus theagmhaigh sé fós leis an spéir d'ainneoin go raibh ina sheasamh ar an talamh. 17 Ansin chuir na taibhsí a chonaic siad i mbrionglóidí trí chéile iad go mór ar an mball, agus gabh eagla agus uafás iad gan choinne. 18 Caitheadh síos ar an talamh iad leathmharbh, duine anseo agus duine eile ansiúd, agus nocht siad cén fáth a raibh siad ag fáil bháis. 19 Óir, na taibhrimh a chuir trí chéile iad, thug siad an t‑eolas seo dóibh roimh ré ionas nach gcaillfí iad agus gan a fhios a bheith acu, cén fáth a raibh pianpháis á fulaingt acu. 20 Theagmhaigh an bás leis na fíréin chomh maith agus bascadh slua mór díobh san fhásach; ach níorbh fhada a lean an díbheirg. 21 Óir ba ghearr gur thosaigh fear gan smál ag troid ar a son, agus é ag beartú airm a sheirbhíse sagartúla, an urnaí agus an túis leorghníomhach; is amhlaidh a sheas sé in aghaidh na díbheirge agus a chuir sé deireadh leis an anachain, rud a thaispeáin gurbh é do shearbhónta é; 22 ní le neart coirp nó le treise lann, áfach, a threascair sé an díbheirg, ach ba lena bhriathar amháin a cheansaigh sé an smachtóir, nuair a thug sé chun cuimhne na conarthaí faoi mhionn a rinneadh lenár sinsir. 23 Nuair a bhí na marbháin tar éis titim cheana féin ar mhullach a chéile ina gcairn, sheas seisean suas i lár baill, agus bhrúigh sé an díbheirg siar agus dhún sé an bealach chun na mbeo uirthi. 24 Óir bhí an domhan go léir á chomharthú ar a róba lánfhada, agus ainmneacha oirirce ár sinsear greanta ar na ceithre shraith de chlocha lómhara, agus do mhórgacht féin á léiriú ar an gcoróin a bhí ar a cheann. 25 Ghéill an scriostóir do na nithe seo, mar b'eagal leis iad. Óir ba leor do na fíréin blaiseadh a fháil den díbheirg. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart