Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 16 - An Bíobla Naofa 19811 Dá dheasca sin, uile, cuireadh an pionós a bhí tuillte acu ar na daoine seo le hainmhithe den chineál céanna agus ciapadh iad le sluaite feithidí. 2 In áit na pianpháise seo, áfach, is amhlaidh a chuir tusa comaoin ar do phobal féin; d'ullmhaigh tú gearra goirt mar bhia dóibh, mar shócamais a shásódh an goile géar a bhí acu, 3 ionas, nuair a bhuailfeadh fonn ite an dream eile úd, go mbainfeadh na hainmhithe urghránna a chuirfí chucu, díobh fiú amháin an goile nádúrtha a bhí acu don bhia a bhí riachtanach dóibh agus ar an taobh eile de go mbeadh sócaimis le hithe ag do phobal féin tar éis dóibh bheith ar an ngannchuid ar feadh tamaillín. 4 Óir ba ghá go bhfágfaí ganntanas doleigheasta ar na tíoránaigh úd, ach níor ghá ach go dtaispeánfaí do do phobal féin conas a bhí a naimhde á gciapadh. Péisteanna, Lócaistí, Cuileoga, an Nathair Chré-Umha 5 Scaoileadh cuthach fíochmhar beithíoch allta faoi do phobal freisin, agus bhí siad á ndíothú ag cealga na nathracha lúbarnacha, ach níorbh fhada gur tháinig maolú ar do chuid feirge. 6 Ba mar rabhadh dóibh a cuireadh imeagla orthu ar feadh tamaillín, ach tugadh comhartha slánaithe dóibh ansin chun go gcoinneoidís cuimhne ar aitheanta do dhlíse. 7 Óir gach duine a thug a aghaidh ar an gcomhartha seo, ní tríd an rud a chonaic sé a sábháladh é, ach tríotsa, slánaitheoir na n‑uile. 8 Leis an gcomhartha seo chomh maith chuir tú ina luí ar ár naimhde, gur tusa amháin a shaorann daoine ó gach olc. 9 Óir maraíodh iad siúd le cealga lócaistí agus cuileog agus bhí sé tuillte acu go bpionósfaí iad lena leithéid sin d'fheithidí. 10 Níor cloíodh do chlann mhac féin, áfach, le fiacla nathracha nimhe, mar tháinig do thrócaire i gcabhair orthu, agus leigheasadh iad. 11 Cealgadh iad ar ndóigh, i dtreo go gcoinneoidís cuimhne ar do chuid oracal; ach is go tapa a tarrtháladh ansin iad, ar eagla go mbéarfadh díchuimhne dholeigheasta greim orthu, agus go dtarraingeofaí a n‑intinn ó do chineáltas. 12 Ní luibh ná ceirín a shlánaigh iad ach do bhriathar féin amháin, a Thiarna, a leigheasann an uile ní. 13 Is agatsa amháin atá cumhacht ar bhás agus ar bheatha daoine. Seolann tú síos go geataí ifrinn iad agus aníos arís. 14 I dtaca leis an duine de, áfach, d'fhéadfadh sé duine eile a mharú le corp mailíse, ach níl sé ar a chumas an spiorad atá imithe a thabhairt ar ais nó an t‑anam atá gafa a scaoileadh saor. 15 Ach ní féidir éalú ó do láimhse. Báisteach, Tine, Cloch Shneachta, an Manna 16 Óir dhiúltaigh na héagraifigh géilleadh duit; dá dheasca sin, thug do chuisle chumhachtach sciúrsáil dóibh, agus ciapadh iad le ceathanna uafásacha báistí agus cloch shneachta a tháinig anuas orthu ina nduartan, agus ídíodh iad go hiomlán le tine. 17 Agus b'é an rud ab aistí orthu go léir gur mhóide éifeacht na tine í a bheith san uisce, rud ar dual dó gach uile ní a mhúchadh; ar ndóigh troideann an chruinne féin ar son na bhfíréan. 18 Uaireanta, mhaolaigh ar na lasracha úd ionas nach n‑ídeodh siad na hainmhithe, a seoladh in aghaidh na n‑éagráifeach, ach go dtuigfidís, nuair a d'fheicfidís é seo, gurb í daorbhreith Dé a bhí ar a dtí. 19 Uaireanta eile, fiú amháin i lár an uisce, bhí na lasracha níos tréine ná gnáththine, sa chaoi go scriosfaidís barra na talún mallaithe. 20 Ina ionad sin go léir, áfach, chothaigh tú do phobal féin le bia aingeal, agus chuir tú arán chucu ó neamh nár sholáthraigh siad féin lena gcuid oibre ach a bhí cóirithe dóibh cheana féin, agus a raibh gach uile shuairceas ann, sa chaoi go bhfaigheadh cách blas air. 21 Óir, an lón seo a chuir tusa ar fáil, thaispeáin sé chomh lách is a bhí tú le do phobal; is amhlaidh a réitigh sé le goile gach duine a chaith é mar athraíodh é de réir mar ba mhian le cách. 22 Sheas an sneachta agus an t‑oighear an tine, agus níor leáigh siad ionas go mbeadh a fhios ag do phobal féin go raibh torthaí a naimhde á n‑ídiú ag an tine a bhí ag bladhmadh sa chloch shneachta, agus ag spréacharnach sna múrtha báistí. 23 Rinne an tine chéanna seo dearmad ar a mhianach féin, i dtreo go gcothófaí na firéin. 24 Óir, ag freastal di ortsa, an cruthaitheoir, luíonn an chruthaíocht amach uirthi féin chun drochdhaoine a smachtú, ach maolaíonn sí a fuinneamh ar mhaithe leo siúd a chuireann a muinín ionatsa. 25 Ar an ábhar sin, an uair úd féin, tháinig an uile shaghas athrú uirthi de réir do chuid flaithiúlachta uilechothaithí, ionas go sásódh sí dúil na ndaoine a bhí ag éamh ort, 26 agus go bhfoghlaimeodh do chlann mhac féin, a Thiarna, a raibh an oiread sin grá agat dóibh, nach é táirgeadh torthaí a chothaíonn an duine ach gurbh é do bhriatharsa a chaomhnaíonn a bhfuil a muinín acu asat. 27 Óir, an lón bia nár scriosadh le tine, leáigh sé gan mhoill, nuair nach ndearnadh ach é a théamh le spalladh beag gréine. 28 Tharla sé seo chun go dtuigfí nach foláir do dhuine bheith ina shuí roimh éirí gréine chun buíochas a ghabháil leat, agus a ghuí a chur suas chugat le lonradh an lae. 29 Óir tiocfaidh leá an tseaca geimhridh ar dhóchas an duine dhíomaigh, agus snífidh sé leis mar uisce fuíll. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart