Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 14 - An Bíobla Naofa 19811 Arís, nuair a bhíonn duine ag ullmhú le haghaidh aistear mara, agus é ar tí seoladh amach san fharraige chraosach, éann sé ar smut adhmaid atá níos sobhriste ná an long a iompróidh é. 2 Ba dhúil sa bhrabach a cheap an long seo agus b'í an eagna an saor a thóg í. 3 Ach is í d'oirchillse, a athair, a stiúrann í. Óir rinne tú bóthar fiú amháin san fharraige féin, agus réitigh tú bealach sábháilte tríd na tonnta. 4 Ar an gcuma seo taispeánann tú gur féidir duit daoine a tharrtháil ón uile bhaol, sa chaoi go bhféadann duine nach bhfuil scil ar bith aige dul ar bord loinge. 5 Óir, na gléasanna a cheapann d'eagna-sa, is mian leat nach bhfágfaí díomhaoin iad. Ar an ábhar sin taobhaíonn daoine a mbeo go fiú le blúire adhmaid atá an-bheag ar fad, agus tar éis dóibh seoladh tríd an bhfarraige shuaite ar rafta baineann siad a gceann scríbe amach gan bascadh gan bárthain. 6 Fiú amháin i dtús an tsaoil, nuair a bhí na fathaigh uaibhreacha á ndíothú, d'éalaigh dóchas an domhain ar bord rafta agus faoi threoir do láimhe-sé d'fhág sé síol ag an saol a bhfásfadh cine nua as. 7 Óir is beannaithe an t‑adhmad a n‑eascraíonn an fhíréantacht as. 8 Is mallaithe an t‑íol lámhdhéanta agus an fear a shnoigh é freisin, mar gurbh eisean a rinne an obair agus gur tugadh “Dia” ar an rud somhillte féin. 9 Is fuath le Dia an t‑éagráifeach féin agus tá a chuid éagráifeachta chomh fuafar céanna aige. 10 Go deimhin, cuirfear pionós ní amháin ar an rud a rinneadh ach ar an bhfear a rinne é chomh maith. 11 Ar an ábhar sin imreofar díoltas ar íomhánna na bpágánach leis mar, bíodh gur cuid de chruthaíocht Dé iad, tá an dearg-ghráin aige orthu; óir níl iontu ach ceap tuisle don ghnáthdhuine, agus bobghaiste do chosa amadán. Fréamh an Íoladhartha 12 Is é ceapadh íol tosach na drúise agus is é a n‑aimsiú truailliú na beatha. 13 Ní raibh siad ann i dtús báire agus ní bheidh siad ann i gcónaí. 14 Trí bhaothdhíomas daoine a tháinig siad isteach sa saol agus tá críoch thobann ceaptha dóibh. 15 De dheasca bhás anabaí a mhic a sciobadh uaidh go tobann, bhí de chumha ar a athair go ndearna sé dealbh de, agus ansin gur thug sé an onóir is dual do Dhia amháin do dhune a bhí tar éis bháis, agus gur fhág sé searmanais agus deasghnátha rúnda le cleachtadh ag a chleithiúnaithe. 16 Ansir le himeacht aimsire neartaigh ar an nós éagráifeach seo nó go raibh feidhm dlí aige, ags go dtugtaí adhradh d'íomhánna greanta ar ordú prionsaí. 17 Ansin nuair nárbh fhéidir le daoine onóir a thabhairt do rialtóirí ina láthair toisc iad a bheith ina gcónaí i bhfad ar shiúl, shamhlaigh siad dóibh féin cló an rí a bhí i bhfad uathu, ach ar mhian onóir a thabhairt dó, agus rinne siad dealbh shofheicthe de chun go ndéanfaidís lútáil go díograiseach leis an té a bhí as láthair amhail is go raibh sé i láthair. 18 Ansin chun an cultas seo a neartú ghríosaigh ceardaithe glóirmhianacha fiú amháin daoine nárbh aithnid dóibh an rí ar aon chor. 19 Óir de bhrí, b'fhéidir, gur mhian leo sásamh a thabhairt don rialtóir, chuireadh siad cló níos deise fós ar an íomhá le cuidiú a gcuid ceardaíochta. 20 Dá bharr sin, chuir áilleacht na healaíne draíocht ar na gnáthdhaoine, sa chaoi gur cheap siad gur cheart dóibh ábhar adhartha a dhéanamh den té a raibh siad tar éis onóir a thabhairt dó tamall gearr roimhe sin mar dhuine. 21 Bhí sé seo ina bhobghaiste do dhaoine; óir nuair a bhí siad faoi bhráca an bhróin, nó faoi chuing na tíorántachta, thug siad an tAinm dorannta ar chlocha agus ar cheapa adhmaid. Deasca an Íoladhartha 22 Ansin níor leor leo dul amú maidir lena gcuid eolais ar Dhia; ach cé go maireann siad i lár chogadh mór aineolais tugann siad síocháin ar a leithéid sin d'olloilc. 23 Óir, cibé acu a chleachtann siad deasghnátha tionscanta naíonmharaithe, nó a bhíonn siad páirteach i searmanais rúnda, nó a dhéanann siad pléaráca drabhlásach buile, 24 ní choimeádann siad a mbeatha ná a bpóstaí slán gan cháim níos mó. Ach déanann fear luíochán ar fhear eile agus maraíonn sé é; nó meallann sé a bhean chéile chun adhaltranas a dhéanamh leis agus cuireann sé brón agus buairt air dá bharr. 25 Tá gach uile shórt trína chéile; níl le feiceáil ach doirteadh fola agus feallmharú, gadaíocht agus caimiléireacht, lofacht agus mídhílseacht, clampar agus mionnú éithigh, 26 buairt á cur ar dhaoine macánta, míbhuíochas, truailliú anamacha, collaíocht mhínádurtha, ainrialtacht i gcúrsaí pósta, adhaltranas agus ainriantacht. 27 Óir adhradh íol, nár cheart fiú amháin a n‑ainmneacha a lua, tús agus cúis agus críoch an uile oilc. 28 Mar téann a lucht adhartha as a meabhair le barraíocht scléipshuilt, nó déanann siad tairngreachtaí bréagacha, nó maireann siad go hainfhíréanta, nó tugann siad mionnaí bréige go meargánta. 29 Óir de bhrí gur neamhbheo iad na híola a gcuireann siad a muinín iontu, is dóigh leo, nuair a dhéanann siad mionnú éithigh, nach ndéanfaidh sé sin aon dochar dóibh. 30 Ach bainfear cúiteamh astu ar dhá chúis: toisc go raibh drochmheas acu ar Dhia agus gur thug siad ró-aird ar íola, agus toisc gur mhionnaigh siad go héagórach le teann cluaine agus go ndearna siad a bheag den fhíorchráifeacht. 31 Óir ní hí cumhacht na nithe a mionnaítear astu ach an pionós atá tuillte ag peacaigh a bhíonn ag síorbhagairt ar chionta na n‑éagráifeach. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart