Ní leabhar a spreag Dia é seo agus ní cuid de chanóin na Críostaíochta ná de Tanach na nGiúdach é. Taispeántar é chun críocha stairiúla agus staidéir amháin. Féach ar an míniú iomlán Eagna 13 - An Bíobla Naofa 1981Cultas an Dúlra 1 Is baoth ó nádúr iad na daoine go léir a bhí aineolach ar Dhia agus nach raibh sé ar a gcumas fios a fháil ar an Té Atá Ann, ó na nithe maithe atá le feiceáil agus nár chuir aithne ar an gceardaí trí mhachnamh a dhéanamh ar a oibreacha, 2 ach a cheap gur dhéithe a rialaíonn an domhan iad an tine nó an ghaoth nó an t‑aer mear nó ciorcal na réaltaí nó an t‑uisce suaite nó soilse neimhe. 3 Má mheas siad gur dhéithe iad na nithe seo toisc gurbh ábhar aoibhnis dóibh a n‑áilleacht, bíodh a fhios acu a oiread is atá a máistir níos fearr ná iad, óir is é údar na háilleachta a chruthaigh iad. 4 Má chuir a gcumhacht agus a n‑éifeacht ionadh orthu tuigidís uathu a oiread is atá a ndealbhóir níos láidre ná iad. 5 Mar ó mhéid agus ó áilleacht nithe cruthaithe cuirtear eolas ar a ndéantóir go hanalachúil. 6 Ach mar sin féin is beag is inlochtaithe iad na daoine seo. Óir b'fhéidir nach ndéanann siad ach dul ar seachrán agus iad ag lorg Dé agus dúil acu lena fháil. 7 Ag maireachtáil dóibh i measc a oibreacha leanann siad orthu á mionscrúdú. Ach is amhlaidh a chuireann a ndealramh cluain orthu toisc gurb álainn iad na nithe atá le feiceáil. 8 Ach arís, fiú amháin iad seo, níl siad inleithscéil. 9 Óir, má bhí sé ar a gcumas an oiread sin feasa a fháil, gurbh fhéidir leo tuairimíocht a dhéanamh faoin saol, cén fáth nár chuir siad aithne ar mháistir na nithe seo níos luaithe? An tÍoladhradh 10 Baothdhóchas atá bunaithe ar nithe marbha, áfach, is ea dóchas an dreama a thugann déithe ar nithe a rinne lámha daoine: ar ór agus ar airgead, a múnlaíodh go healaíonta chun íomhánna d'ainmhithe a dhéanamh, nó ar cheap cloiche gan mhaith, a dhealbhaigh lámha snoíodóra éigin fadó. 11 Mar shampla, gearrann saor adhmaid éigin crann so-oibrithe anuas; feannann sé an choirt go léir de go deaslámhach; agus le barr ceardaíochta déanann sé soitheach áisiúil as chun riaradh ar riachtanais laethúla na beatha. 12 Ansin, baineann sé feidhm as an dramhadhmad chun béile a ullmhú dó féin, agus itheann sé a sháith. 13 Agus má bhíonn blogh den dramhadhmad fágtha nach bhfuil maitheas ar bith ann toisc é a bheith cam agus lán d'fhadharcáin, tógann sé ina láimh é agus tosaíonn sé ar é a ghearradh leis an neamhaire sin a ghabhann le tráth scíthe; agus snoíonn sé le ceardachas slamchúiseach é agus cuireann sé cló duine air b'fhéidir, 14 nó déanann sé mionsamhail d'ainmhí suarach éigin de. Ansin, smearann sé ócar air agus deargann sé a dhromchla le breasal nó go gclúdaíonn sé gach máchail atá air. 15 Déanann sé cillín dó ansin agus greamaíonn sé don bhalla é á dhaingniú ann le bacán iarainn. 16 Bíonn air seiftiú a dhéanamh roimh ré ar a shon, más ea, ar eagla go dtitfeadh sé; óir is eol dó nach féidir leis déanamh dó féin; mar, níl ann, tar éis an tsaoil, ach íomhá, a mbíonn géarghá aige le cabhair i gcónaí. 17 Ina dhiaidh sin agus uile, nuair a dhéanann sé urnaí ar son a mhaoine nó a mhná céile nó a chlainne, ní náir leis labhairt le rud gan anam. 18 Iarrann sé sláinte ar lagrachán agus lorgann sé beatha ó mharbhán; iarrann sé cabhair ar rud atá go fíor-neamhoilte ar fad, agus turas faoi rath ar rud nach féidir dó cos leis a bhogadh. 19 Impíonn sé ar rud a bhfuil lámha gan éifeacht ar bith aige, éifeacht a bhronnadh air i cúrsaí brabaigh agus trachtála agus lámhcheardaíochta rathúla. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart